Fógraíonn an tAire O'Donovan gur faomhadh maoiniú le haghaidh oibreacha um maolú tuile ag Baile an Tobair, Co. Chorcaí
- Foilsithe: 25 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Contae Chorcaí ar mhaoiniú breise faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Faoin scéim, faomhadh maoiniú breise €225,361, sa bhreis ar €346,500 a faomhadh i mí Feabhra 2018 mar gheall ar chostais bhreise ó thráth an fhaomhaidh bhunaidh. Ligfidh sé seo don chomhairle píobán 940m a leagadh síos ó theorainn thuaidh na plandlainne (Irish Plant Propagation Ltd.) chuig an sruth éalaithe srutháin ag Baile an Tobair.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil an maoiniú breise atá de dhíth ar Chomhairle Contae Chorcaí chun na hoibreacha atá riachtanach um maolú tuile ag Baile an Tobair a chur chun cinn faofa ag OPW. Ó tosaíodh an scéim seo in 2009, faomhadh 40 iarratas ó Chomhairle Contae Chorcaí agus breis agus 800 iarratas ar fud na tíre. Cuireann sé seo ar chumas na n-údarás áitiúil mionoibreacha um maolú tuile a chur chun cinn agus staidéir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tuile agus cosaint chósta laistigh dá gceantar riaracháin féin.”
CRÍOCH
- Lean sinn ar Twitter @opwireland
- Faigh sinn ar Facebook @opwireland
- Lean sinn ar Instagram @opwireland
- Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí le haghaidh eagarthóirí
Thosaigh OPW an Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta in 2009.
Is aidhm don scéim maoiniú a sholáthar chuig Údaráis Áitiúla, chun mionoibreacha um maolú tuile a thionscnamh nó staidéir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tuile agus cosaint chósta laistigh dá gceantair riaracháin féin. De ghnáth, tá feidhm leis an scéim sa chás gur féidir réiteach a aimsiú agus a fheidhmiú laistigh de ghearrthréimhse ama.
Faoin scéim, breathnaítear iarratais ar thionscadail a mheastar ar chostas nach mó ná €750,000 i ngach cás. Tá maoiniú suas chuig 90% den chostas ar fáil le haghaidh tionscadail faofa. Measann OPW iarratais maidir le critéir ar leith na scéime – eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, coibhneas costais is tairbhe san áireamh.
De ghnáth, ní bhreathnófar um maoiniú OPW oibreacha is cúram de na húdaráis áitiúla. Ach sa chás go maolódh a leithéid d’oibreacha priacal tuile réadmhaoine, féadfaidh OPW maoiniú i bpáirt a bhreathnú.
Ní mór do na hÚdaráis Áitiúla a bheith sásta nach mbeidh tionchar ag na hoibreacha ar phriacal tuile in áit eile.
Is ceist do gach Údarás Áitiúil féin oibreacha um a bhfuil maoiniú faofa a thosú agus a chur chun cinn.
Tá breis eolais, liostaí bliantúla na dtionscadal gur faomhadh maoiniú dóibh san áireamh, ar fáil ag