English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O'Donovan gur faomhadh maoiniú le haghaidh oibreacha um maolú tuile ag Baile Sheoinic, Pailís Chaonraí, Co. Luimnigh

D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh ar mhaoiniú faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Faoin scéim, faomhadh maoiniú €41,310 chun draein stoirme 150m a thógáil ar an mbóthar poiblí. Tógfar ceannbhalla ag an sruth éalaithe chuig sruthán ag Baile Sheoinic, Pailís Chaonraí, Co. Luimnigh.


None

Um breis eolais, déan teagmháil le [pressoffice@opw.ie]

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works


Nótaí le haghaidh eagarthóirí

Thosaigh OPW an Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta in 2009.

Is aidhm don scéim maoiniú a sholáthar chuig Údaráis Áitiúla, chun mionoibreacha um maolú tuile a thionscnamh nó staidéir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tuile agus cosaint chósta laistigh dá gceantair riaracháin féin. De ghnáth, tá feidhm leis an scéim sa chás gur féidir réiteach a aimsiú agus a fheidhmiú laistigh de ghearrthréimhse ama.

Faoin scéim, breathnaítear iarratais ar thionscadail a mheastar ar chostas nach mó ná €750,000 i ngach cás. Tá maoiniú suas chuig 90% den chostas ar fáil le haghaidh tionscadail faofa. Measann OPW iarratais maidir le critéir ar leith na scéime – eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, coibhneas costais is tairbhe san áireamh.

De ghnáth, ní bhreathnófar um maoiniú OPW oibreacha is cúram de na húdaráis áitiúla. Ach sa chás go maolódh a leithéid d’oibreacha priacal tuile réadmhaoine, féadfaidh OPW maoiniú I bpáirt a bhreathnú.

Ní mór do na hÚdaráis Áitiúla a bheith sásta nach mbeidh tionchar ag na hoibreacha ar phriacal tuile in áit eile.

Is ceist do gach Údarás Áitiúil féin oibreacha um a bhfuil maoiniú faofa a thosú agus a chur chun cinn.

Tá breis eolais, liostaí bliantúla na dtionscadal gur faomhadh maoiniú dóibh san áireamh, ar fáil ag https://www.gov.ie/en/publication/0e3b3d-minor-flood-mitigation-works-and-coastal-protection-scheme/.