English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Stáit Patrick O’Donovan €955,000 le haghaidh Réamhoibreacha ag Cliabhrach, Lios Tuathail

D’fhógair an tAire Patrick O’Donovan, T.D., atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, maoiniú de bheagnach €1 mhilliún inniu do Chomhairle Contae Chiarraí le haghaidh oibreacha tuilte i mbaile Lios Tuathail.

Bainfear úsáid as an €955,000 de mhaoiniú le haghaidh cosaintí tuilte chun timpeall 50 áitreabh atá i mbaol tuilte ag Cliabhrach i Lios Tuathail a chosaint. Bhí tuilte suntasacha i gceantar Chliabhraigh in 2009, 2012, 2014 agus 2015 agus arís in 2023.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Bhuail mé le déanaí le hionadaithe imníocha pobail agus gnó ó Lios Tuathail, a bhfuil taithí acu ar thuilte le blianta beaga anuas. An samhradh beag seo, tar éis báisteach an-trom, ní raibh slí sna sruthanna i gCliabhrach don mhéid uisce a thit.

“Ní féidir iarraidh ar dhaoine maireachtáil leis an mbaol agus leis an eagla roimh thuilte nuair is féidir réiteach éasca a aithint agus a chur i bhfeidhm go héasca. Cé go bhfuil scéim faoisimh tuilte beartaithe do Lios Tuathail, is féidir réiteach simplí a sholáthar go héasca roimh an bpríomhscéim chun an riosca tuilte ag teorainn an bhaile a bhainistiú.”

Cumasóidh maoiniú an lae inniu oibreacha lena n-áirítear:

• lochán maolaithe uisce stoirme os cionn na talún (saoráid stórála uisce saintógtha) ag Currach an tSuasáin

• cainéal oscailte nua chun an t-eis-sreabhadh ón lochán go sruthchúrsa Chliabhraigh ó dheas a iompar

• lintéar bosca faoin R552.

Lean an tAire O’Donovan air:

“Tá plé déanta cheana féin ag Comhairle Contae Chiarraí agus ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar na bealaí is éifeachtaí leis na hoibreacha seo a dhéanamh, agus déanfar fógra faoi seo go luath.”

Tugann leithdháileadh an lae inniu maoiniú chun tuilte a bhainistiú i gCliabhrach go €1.1m tar éis suimeanna roimhe seo de €176,000 in 2016-17 a leithdháileadh ar Chomhairle Contae Chiarraí chun réiteach faoisimh tuilte a iniúchadh agus a dhearadh don cheantar.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire O’Donovan:

“Níl sa mhaoiniú inniu ach an tús le scéim faoisimh tuilte níos mó do Lios Tuathail, agus tagann sé as an €1.3bn a leithdháileadh le haghaidh bearta faoisimh tuilte faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Ó 2018 i leith, tá líon na scéimeanna faoisimh tuilte ag céimeanna an dearaidh agus na tógála méadaithe faoi thrí ag an Rialtas go dtí thart ar 100 scéim ar fud na tíre.”


Gheofar tuilleadh eolais nó is féidir agallamh le hurlabhraí a iarraidh ach scríobh chuig an bPreasoifig ag pressoffice@opw.ie.

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works