English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn Gailearaí Ealaíne Crawford dáta dúnta don mhór-athfhorbairt

Tá an dáta dúnta fógartha ag Gailearaí Ealaíne Crawford dá mhórthionscadal athfhorbartha atá amach romhainn, Claochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford.

Beidh an gailearaí ag dúnadh na doirse don phobal oíche Dé Domhnaigh, 22 Meán Fómhair, a dhearbhaigh stiúrthóir Ghailearaí Ealaíne Crawford, Mary McCarthy.

Beidh an gailearaí dúnta go sealadach chun athfhorbairt uaillmhianach, ar fiú na milliúin euro é, a dhéanamh ar shuíomh Ghailearaí Ealaíne Crawford.

Tá sé beartaithe sa tionscadal caipitil, Claochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford, an méid seo a leanas a bhaint amach:

• 50% spás breise - níos mó spásanna do thaispeántais, stóráil úrscothach nua dá bhailiúchán agus áis nua Foghlama & Fiosraithe do na cláir oideachasúla.

• Bialann ag féachaint amach ar Shráid na Leathghealaí.

• Bealach isteach athchóirithe don bhunbhealach isteach stairiúil ag Teach an Chustaim ar Phlás Emmet, le tírdhreachtú agus bealach isteach nua.

• Áiléar poiblí nua ar an urlár uachtair den síneadh ar chúig urlár a thugann radharc ón spéir anuas ar shainchomharthaí chathair Chorcaí.

• Áiseanna inrochtaineachta, ardaitheoirí agus leithris a chur ar fáil thar roinnt urláir.

Is togra de chuid Thograí Rialtas na hÉireann 2040 é Claochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford atá ag fáil maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí (OPW).

Tá próiseas tairisceana ar siúl faoi láthair do na hoibreacha tógála agus athchóirithe ina gceapfar conraitheoir a bheidh ar an láthair in earrach na bliana 2025. Meastar go dtógfaidh na hoibreacha athfhorbartha dhá bhliain go leith le cur i gcrích.

Leanfaidh an fhoireann ag obair san fhoirgneamh tar éis an dúnta poiblí, i rith an fhómhair agus an gheimhridh in 2024, chun bailiúchán luachmhar an ghailearaí a thógáil amach go sábháilte, a bheidh faoi dhíon in áiseanna stórála daingne as an láthair ar feadh na hathfhorbartha. Tá gá leis an tréimhse seo chun go leor saothair ealaíne móra agus sobhriste a thógáil amach.

Is é Gailearaí Ealaíne Crawford an t-aon Institiúid Chultúrtha Náisiúnta atá suite go hiomlán lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ina bhfuil os cionn 3,500 saothar ealaíne faoina dhíon aige.

Tá na dearaí athfhorbartha mar thoradh ar bhlianta pleanála ag an bhfoireann deartha idirdhisciplíneach faoi stiúir ailtirí gradamúla na hÉireann, Grafton Architects.

“Tá Corcaigh ag fás, agus tá muidne freisin,” a deir stiúrthóir an Ghailearaí, Mary McCarthy. “Tá ríméad orainn faoin gcéim seo dár dtogra uaillmhianach, do Ghailearaí Ealaíne Crawford agus do Chorcaigh. Tá pleananna ar bun faoi Chlaochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford leis na blianta.”

“Bhíomar ag obair go dlúth lenár bhfoireann deartha agus le hOifig na nOibreacha Poiblí (OPW) lena chinntiú gur chaomhnaíomar na gnéithe agus na tréithe speisialta ar fad dár bhfoirgnimh, agus muid ag leathnú ár spásanna lena chinntiú go bhfuil an foirgneamh oiriúnach don fheidhm, agus inbhuanaithe do na glúnta amach romhainn.”

“Táimid ag súil lenár nuacht a roinnt faoi na hoibreacha tógála sa dhá bhliain go leith amach romhainn, agus chun tionscadal eisceachtúil a chur ar fáil anseo ar Phlás Emmet dár lucht féachana ar fad. Táimid an-bhuíoch dár gcuairteoirí agus dár seaimpíní dílse as a dtacaíocht leanúnach.”

“Is dea-scéala é an fhorbairt seo do Ghailearaí Ealaíne Crawford agus do Chorcaigh,” a deir Rose McHugh, Cathaoirleach Ghailearaí Ealaíne Crawford.

“Léiríonn an infheistíocht phoiblí seo, nár tharla riamh cheana, an mhuinín atá i nGailearaí Ealaíne Crawford, oidhreacht chultúrtha chathair Chorcaí, agus a chumas don todhchaí. Táimid an-bhuíoch don Aire, Catherine Martin agus dá hoifigigh as a dtiomantas domhain don ghailearaí agus don todhchaí.”

“Tuigimid go gcaillfidh an pobal amach as cuairt a thabhairt ar an ngailearaí nuair a bheidh sé dúnta, ach cinnteoidh an athfhorbairt go mbeidh borradh faoin ngailearaí amach anseo.”

Beidh foireann an ghailearaí ag leanúint ag obair lasmuigh den láthair nuair a bheidh sé dúnta, chun clár fairsing um chúram don bhailiúchán a dhéanamh chun na saothair ealaíne a chaomhnú, agus chun dul i gcomhairle le hinstitiúidí cultúrtha eile ar chlár turasóireachta.

Leanfar le cláir Foghlama & Fiosraithe ar fhor-rochtain agus ar oideachas a chur ar fáil i réimse ionaid agus suíomhanna, chomh maith le bheith ar líne.

Beidh saothair ealaíne ó bhailiúchán Crawford ar iasacht freisin do ghailearaithe agus do mhúsaeim eile ar fud na hÉireann, lena n-áirítear Cúirt Doneraile, Músaem Poiblí Chorcaí, Caisleán Chromghlinne, Músaem Náisiúnta na hÉireann, Dánlann an Hugh Lane, Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí Uillinn agus níos mó fós.

Chun níos mó eolais rialta a fháil ar Chlaochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford nuair a bheidh sé dúnta, is fearr clárú do nuachtlitir an ghailearaí ar www.crawfordartgallery.ie nó lean muid ar mheáin shóisialta an ghailearaí.


www.crawfordartgallery.ie Gailearaí Ealaíne Crawford, Plás Emmet, Corcaigh, Éire.

Maidir le Gailearaí Ealaíne Crawford

Is institiúid chultúrtha náisiúnta é Gailearaí Ealaíne Crawford atá suite i bhfoirgneamh oidhreachta suntasach i gcroílár chathair Chorcaí agus atá tiomnaithe do na hamharc-ealaíona, go stairiúil agus go comhaimseartha araon. Agus é ag cur clár fuinniúil taispeántas sealadach ar fáil, tá bailiúchán náisiúnta tábhachtach faoina dhíon freisin a insíonn scéal spéisiúil Chorcaí agus na hÉireann le trí chéad bliain anuas.

Tógadh ar dtús i 1724 é mar Theach Custaim na cathrach agus tá na Múnlaí Canova cáiliúla ar taispeáint sa Ghailearaí, a bronnadh ar Chorcaigh dhá chéad bliain ó shin. Tá os cionn 3,000 saothar i mbailiúchán an ghailearaí. Ina measc tá na healaíontóirí comhaimseartha Aideen Barry, Gerard Byrne, Maud Cotter, Dorothy Cross agus Seán Scully mar aon le saothair a bhfuil gean mór orthu leis na healaíontóirí Éireannacha James Barry, Harry Clarke, Mainie Jellett, Seán Keating, Daniel Maclise, Norah McGuinness agus Jack B. Yeats.

Maidir le Claochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford

Beidh Gailearaí Ealaíne Crawford dúnta 23 Meán Fómhair 2024 chun tabhairt faoi thogra athfhorbartha caipitil a bheidh go hiontach ar fad.

Cuirfidh an infheistíocht, ar fiú na milliúin euro é, 50% breise le spás an ghailearaí, agus déanfaidh sé trí chéad bliain d’oidhreacht thógtha a chaomhnú agus a chosaint, agus cruthófar oidhreacht chultúrtha don ghlúin amach romhainn de réir mar a bheidh Corcaigh ag leanúint ag fás.

Is togra de chuid Thograí Rialtas na hÉireann 2040 é atá ag fáil maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí (OPW).

Tá Ailtirí Grafton gradamúla tar éis obair a dhéanamh ar dhearadh athfhorbartha lena n-áirítear áis Foghlama agus Fiosraithe nua le rannpháirtíocht ghníomhach, stóráil shuntasach don Bhailiúchán Náisiúnta i nGailearaí Ealaíne Crawford, bealach isteach nua, agus spás poiblí a bheidh feabhsaithe go mór lena n-áirítear caifé nua ag féachaint amach ar Shráid na Leathghealaí.

Beidh bealach isteach an fhoirgnimh curtha ar ais go Plás Emmet de réir leagan amach Theach an Chustaim a chuaigh siar go 1724.

Cruthófar spás gailearaí mór nua le cúig hurlár ag féachaint amach ar Chathair Chorcaí, a chruthaíonn radharc do chuairteoirí chun féachaint ar shainchomharthaí i lár na cathrach lena n-áirítear An Seandún agus Ardeaglais Naomh Fionnbarra.

Uaireanta Oscailte

Oscailte go Laethúil

Dé Luain-Dé Sathairn 10.00am–5.00pm Oscailte go déanach Déardaoin go dtí 8.00pm Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire Bainc: 11am - 4pm

Cead isteach Saor in aisce

Turais

Turais Saor in aisce Dé Domhnaigh agus Luain Saoire Bainc 2pm Turais Saor in aisce Déardaoin 6.30pm. Tacaíonn an tionscadal seo le Geilleagar san Oíche agus faigheann sé tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin.