English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí os cionn 100 imeacht do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2024

An clár imeachtaí is mó riamh de chuid OPW, ar siúl ón 17 go dtí an 25 Lúnasa ag láithreacha oidhreachta ar fud na tíre

Tá sceideal iomlán imeachtaí OPW ar fáil ag www.heritageireland.ie agus ag www.heritageweek.ie

Saorchead isteach ar dhá lá, ar an 17 agus 18 Lúnasa

Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta a eagraíonn an Chomhairle Oidhreachta ar cheann de na himeachtaí cultúrtha is mó in Éirinn.

Is é an cuspóir atá le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus saothar sheirbhísí oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí i gcoitinne ná suim a spreagadh, ionchuimsiú fiúntach agus ceangal leis an bpobal. Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí tacú le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta chun a chinntiú gur féidir le gach duine, le grúpaí agus le teaghlaigh dul amach agus breathnú ar an méid atá le feiceáil ag láithreacha oidhreachta na tíre.

Dúirt Rosemary Collier, Ceannasaí na Seirbhísí Oidhreachta & Oibreacha Caipitil:

“Tugann téama Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta na bliana seo, Ceangail, Bealaí agus Líonraí deis iontach aird a tharraingt ar na ceangail atá fréamhaithe go daingean i Láithreacha Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí ar fud na hÉireann.

Nuair a bhíomar ag pleanáil imeachtaí, bhreathnaíomar ar an téama ó thaobh dhearcthaí éagsúla, ina measc, an pobal, bithéagsúlacht agus loingseoireacht.

Tá gréasán casta saibhir ceardaíochta agus traidisiúin ar fáil inár láithreacha, a insíonn scéal na gceangal idir ár muintir, ár n-oidhreacht, ár bpobail agus ár gcultúr. Ós rud é go mbeidh 100 imeacht ar siúl ar fud na tíre agus go mbeidh saorchead isteach ar an 17 agus 18 Lúnasa, is cinnte go mbeidh rud éigin ar féidir le gach duine taitneamh a bhaint as ”.

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

“Bíonn féile iontach imeachtaí ar siúl i rith Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, ina dtagann cuairteoirí de gach cineál le chéile, ó eagraíochtaí móra go grúpaí pobail deonacha, chun ár n-oidhreacht náisiúnta a cheiliúradh. Tá comhpháirtíocht iontach idir muid agus Oifig na nOibreacha Poiblí le blianta fada agus tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an gclár imeachtaí is mó riamh ag láithreacha oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí”.

Buaicphointí Chlár Imeachtaí Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta OPW:

• Déan Ceangal Áitiúil leis an Stair agus bain úsáid as do thicéad Local Link ar líonra Local Link chun saorchead isteach a fháil chuig láithreacha oidhreachta. Beidh na láithreacha seo a leanas páirteach. Beidh na láithreacha seo a leanas páirteach: Ionad Cuairteoirí agus Mainistir Ghleann Dá Loch agus Chluain Mhic Nóis, Na Gairdíní agus Caisleán Phort Omna, Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid, Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire, Mainistir Shligigh, Caisleán Dhún na nGall, Daingean Rinn Chorráin, Mainistir na hInse, Ionad an Bhlascaoid.

• Cuirfidh an t-údar mór le rá Anne Chambers scéal beatha Eleanor, Cuntaois Dheasumhan (1545-1639) i láthair i Mainistir Shligigh. Bhí an Bhantiarna Eleanor gníomhach le linn thréimhse ina raibh cúrsa sóisialta agus polaitiúla ina gcíorthuathail agus ina raibh athruithe ollmhóra ag tarlú. I mbliana, táthar ag comóradh 400 bliain ó tógadh a leacht adhlactha mórthaibhseach i Mainistir Shligigh.

• Ag Carraig Phádraig, tabharfaidh an Dr. Louise Nugent caint faoi Oilithreacht Mheánaoiseach i dTiobraid Árann.

• Beidh imeachtaí ag Crannlann John F Kennedy, a léireoidh an tábhacht a bhaineann leis an láthair seo maidir le caomhnú. Tar le Éanna Ní Lamhna agus leis an Dr Paddy Madden ar shiúlóidí oideachais a bheidh oiriúnach do gach aoisghrúpa.

• Tá An Casino Marino agus Cumann Áitritheoirí Marino ag ceiliúradh céad bliain ó tógadh Scéim Tithíochta Marino, an chéad fhorbairt bruachbhaile ar mhórscála. Tar le treoraithe de chuid an Casino ar shiúlóid chun eolas a fháil faoi stair an cheantair, arbh é diméin Lord Charlemont é tráth. Cuirfidh Áitritheoirí Marino taispeántas earraí cuimhneacháin ón tréimhse céad bliain atá caite ar taispeáint sa Casino. Tabharfar léargas ar an athrú atá tagtha ar eastát tithíochta Marino sa tréimhse ó tógadh é go dtí an lá inniu.

• Beidh imeachtaí ar siúl i nGaeilge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Músaem na bPiarsach, Caisleán Ráth Fearnáin, agus Carraig Phádraig.

• Beidh taispeántas a chruthaigh an pobal ar siúl i nGarraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon. Tá cuimhní cuairteoirí agus na foirne faoin institiúid ársa seo is ansa le daoine, san áireamh i Stories from the Garden.

• (Lá an Pháiste Fiáin) Wild Child Day ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath: Breathnaigh ar na héin atá le feiceáil i mbailiúchán ealaíne na Seomraí Stáit - colmáin, lon dubh, fiach dubh, ulcabháin, cnagairí, péacóga agus snag breac. Ina dhiaidh sin, bain úsáid as ábhair ón Seomra Oideachais agus íomhánna de na héin a léirítear sa bhailiúchán ealaíne chun boscaí éan a mhaisiú, cosúil leo siúd atá ar crochadh sna Gairdíní Dubh Linn.


Nótaí

Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar siúl ón 17 go 25 Lúnasa 2024. Féach ar www.heritageweek.ie i gcomhair liosta iomlán d’imeachtaí 2024

Saorchead isteach ar an 17 agus 18 Lúnasa chuig gach láthair ina n-íoctar táillí seachas Músaem Phríosún Chill Mhaighneann. Tá liosta iomlán de láithreacha Oidhreachta OPW ar www.heritageireland.ie

Más mian leat labhairt le hurlabhraí ainmnithe faoin bhfógra, déan teagmháil, le do thoil, le pressoffice@opw.iechun é sin a shocrú.

Breis eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le pressoffice@opw.ie

Follow us on Twitter @opwireland

Find us on Facebook @opwireland

Follow us on Instagram @opwireland

Follow us on LinkedIn @Office of Public Works