Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí saorchead isteach don deireadh seachtaine, i gcomhair Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2024
- Foilsithe: 22 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 22 Iúil 2024
D’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go mbeadh saorchead isteach ar feadh dhá lá chuig breis agus 80 láthair oidhreachta ar an 17 agus 18 Lúnasa, an deireadh seachtaine a gcuirfear tús le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2024.
Ag labhairt dó ag seoladh Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, dúirt Kieran O’ Donnell TD, Aire Stáit Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Tá lúcháir orainn saorchead isteach chuig Láithreáin Oidhreachta OPW a thairiscint ar an Satharn 17ú agus an Domhnach 18 Lúnasa. Tá breis is 80 láthair ar fud na tíre, agus is cinnte go mbeidh rud éigin ar fáil le go bhféadfaidh gach duine taitneamh a bhaint astu. Tá súil againn go mbainfidh an pobal lántairbhe as an réimse imeachtaí cruthaitheacha, tarraingteacha agus samhlaíocha atá ar fáil do gach aoisghrúpa.
Is é an cuspóir atá le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus saothar sheirbhísí oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí i gcoitinne ná suim a spreagadh, ionchuimsiú fiúntach agus an ceangal leis an bpobal. Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí tacú le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta chun a chinntiú gur féidir le gach duine ar leith, le grúpaí agus le teaghlaigh dul amach agus breathnú ar an oiread atá ar fáil sa tír agus ar oidhreacht na tíre. Tugann na laethanta ina mbíonn saorchead isteach deis do líon níos mó cuairteoirí ceangal a dhéanamh lenár stair agus tuiscint níos doimhne a fháil ar fhairsinge agus ar éagsúlacht na láithreacha atá faoi chúram Oifig na nOibreacha. Is sampla den scoth é Láthair Mhainistir Chluain Mhic Nóis de théama na bliana seo. Bhunaigh Naomh Ciarán an mhainistir ag an láthair áirithe seo de bharr gur láthair den scoth é chun ceangal a dhéanamh le háiteanna eile. Is féidir taisteal anseo ar an mbóthar ach chomh maith leis sin is féidir taisteal anseo ar an tSionainn. Ba lárionad foghlama a bhí ann, ollscoil ina ré féin le mic léinn ó áiteanna ar fud na hEorpa.”

Dúirt Rosemary Collier, Ceannasaí na Seirbhísí Oidhreachta & Oibreacha Caipitil:
“Oibrímid In Oifig na nOibreacha Poiblí ar feadh na bliana ar fad chun na láithreacha oidhreachta atá faoinár gcúram a chosaint. Cuirimid rochtain ar fáil don phobal ar láithreacha iontacha agus ar thurais thumthacha. Tugann téama na bliana seo, “Ceangail, Bealaí agus Líonraí” deis dúinn iniúchadh a dhéanamh ar na bealaí ina bhfuil ceangal eadrainn trí naisc fhisiciúla nó cultúrtha. Tá gréasán casta saibhir ceardaíochta agus traidisiúin ar fáil inár láithreacha, a insíonn scéal na gceangal idir ár muintir, ár n-oidhreacht, ár bpobail agus ár gcultúr. Tá breis is 80 láthair ar fud na tíre, agus is cinnte go bhfuil rud éigin iontu ar féidir le gach duine taitneamh a bhaint as”.
Le linn na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta seo, tabharfaidh an OPW cuireadh do chuairteoirí na ceangail idir daoine agus pobail a scrúdú, féachaint céard a thugann le chéile muid agus céard a chruthaíonn ceangal eadrainn.
Tá iliomad bóithre, cosáin, bóithríní, aibhneacha agus canálacha le feiceáil ar fud na tíre, agus cuireann siad i gcuimhne dúinn go ndearna sochaithe a ndícheall i gcónaí ceangail a dhéanamh. Beidh tú ábalta breathnú siar ar ár stair ag Ionad Cuairteoirí Chonair an Chorr Liath trí dul ar chosán i bhfoirm tóchair – bóthar ón Iarannaois – a tógadh sa bhliain 148 BC. Níos déanaí, i dTeach Dhoire Fhíonáin, thángthas ar chosán caillte i gcoillearnach, ó thuaidh de theach an Fhuascailteora, de bharr dáin a scríobh iníon Dhónaill Uí Chonaill 190 bliain ó shin.
Má dhéanaimid scrúdú ar ár n-oidhreacht doláimhsithe de réir an téama seo beidh ar ár gcumas ár gceangail a thuiscint trí spórt, caitheamh aimsire, ceangail teaghlaigh, reiligiún agus traidisiúin. In Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara – Teachín an Phiarsaigh, gheobhaidh tú tuiscint ar an gcúis a raibh tóir ag Pádraig Mac Piarais ar Chonamara – tírdhreach ar leith an cheantair agus an cultúr agus an teanga Ghaeilge ársa atá fós beo sa lá atá inniu ann.
Mar an gcéanna, i mBaile Átha Cliath, is féidir le cuairteoirí dul go Músaem na bPiarsach – Páirc Naomh Éanna chun an áit a raibh ceannaire Éirí Amach 1916, Pádraig Mac Piarais, agus a dheartháir Willie, ina gcónaí agus ar reáchtáil siad a scoil cheannródaíoch i nGaeilge ó 1910 go 1916.
Díríonn tionscnamh de chuid na Comhairle Oidhreachta, le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ar theagmháil a chothú idir daoine aonair, teaghlaigh, pobail nó eagraíochtaí le hoidhreacht de gach cineál.
Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta agus í ag fáiltiú roimh an bhfógra maidir le saorchead isteach:
“Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh chinneadh an OPW saorchead isteach a thairiscint chuig breis is 80 láthair le linn dheireadh seachtaine oscailte Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i 2024 – is léiriú é seo ar an gcomhpháirtíocht iontach atá againn le hOifig na nOibreacha Poiblí le blianta fada. Rachaidh sé chun sochair don phobal, mar go mbeidh deis ag teaghlaigh agus cuairteoirí taithí a fháil ar chuid de na láithreacha oidhreachta is saibhre agus is iontaí in Éirinn. Bíonn féile iontach imeachtaí ar siúl i rith Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, ina dtagann cuairteoirí de gach cineál le chéile, ó eagraíochtaí móra go grúpaí pobail deonacha, chun ár n-oidhreacht náisiúnta a cheiliúradh.”
Sna seachtainí amach romhainn, fógrófar clár iomlán imeachtaí do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta OPW. Ina measc seo, beidh comhoibriú idir treoraithe Oifig na nOibreacha Poiblí agus NPWS i nGleann Dá Loch, Taispeántas de stair shóisialta Gharraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon a chruthaigh an pobal, chomh maith le hiniúchadh ar oilithreacht mheánaoiseach i dTiobraid Árann ag Carraig Phádraig, faoi threoir saineolaithe.
- Saorchead isteach chuig gach láthair ina n-íoctar táillí seachas Músaem Phríosún Chill Mhaighneann. Tá liosta iomlán de láithreacha Oidhreachta OPW ar fáil ar heritageireland.ie
Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar siúl ón 17 go 25 Lúnasa 2024. Féach ar heritageweek.ie i gcomhair liosta iomlán d’imeachtaí 2024
Más mian leat labhairt le hurlabhraí ainmnithe faoin bhfógra, déan teagmháil, le do thoil, le pressoffice@opw.ie chun é sin a shocrú.
Breis eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le pressoffice@opw.ie
Lean muid ar @opwireland
Lean muid ar @opwireland
Lean muid ar @opwireland
Lean muid ar @Office of Public Works