Fógraíonn OPW go ndúnfar Brú na Bóinne um Éirí na Gréine Ghrianstaid an Gheimhridh
- Foilsithe: 3 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 3 Nollaig 2020
Mar gheall ar shrianta leanúnacha Covid, tá an cruinniú bliantúil ag Tuama Pasáiste Neoiliteach Bhrú na Bóinne um Ghrianstad an Gheimhridh ar 21 Nollaig curtha ar ceal. Déanfar craoladh beoshrutha ar an ócáid fíorshuntasach seo ó sheomra an tuama.
Toisc nach mbeidh aon chuairteoirí i láthair ag Brú na Bóinne i mbliana, tá deis ar leith um thaighde a dhéanamh nach bhféadfaí a dhéanamh i mbliain ar bith eile.
Inniu, d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí tionscadal taighde ar Thuama Pasáiste Neoiliteach Bhrú na Bóinne, a dhéanfar i gcomhar le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Tá an tionscadal taighde seandálaíochta seo dírithe ar ócáid Ghrianstaid an Gheimhridh ag Brú na Bóinne, atá ann le 5,200 bliain. Ins na seachtainí atá romhainn, roimh agus i ndiaidh Ghrianstaid an Gheimhridh ar 21/22 Nollaig, déanfar tomhas agus monatóireacht eolaíoch ar ghluaiseacht sholais na gréine tríd an díonbhosca isteach sa phasáiste agus sa seomra, chun a fháil amach conas mar a imríonn an gath solais ag breacadh an lae ar an seomra, ag druidim chuig an Grianstad agus ansin ina dhiaidh.
Inniu, dúirt an tUas Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit le cúram um Oibreacha na nOibreacha Poiblí:
“Ar chúiseanna oibríochta, is oth le OPW nach féidir Ocáid Ghrianstaid an Gheimhridh a reachtáil mar is gnáth ag Brú na Bóinne i mbliana. Tuigim gur cúis dhíomá an cinneadh seo, ach ní foláir dúinn aird a thabhairt ar threoirlínte an Rialtais i gcónaí agus tús áite a thabhairt do shláinte agus do shábhailteacht ár gcuairteoirí. Ach in éagmais na gcuairteoirí, tá deis iontach againn taighde a dhéanamh i gcomhar lenár gcomhghleacaithe ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, taighde nach bhféadfaí a dhéanamh in aon bhliain eile”.
Ba é Michael J. O’Kelly, Ollamh le Seandálaíocht ag Coláiste na hOllscoile i gCorcaigh, a stiúraigh na tochailtí ag Brú na Bóinne idir 1962 agus 1975. D’athaimsigh sé ailíniú Bhrú na Bóinne le breacadh na gréine um Ghrianstad an Gheimhridh in 1967; dúirt sé an tráth úd go bhféadfaí an ghrian a fheiceáil sa seomra ar feadh seachtaine roimh agus i ndiaidh 21 Nollaig.
Dúirt an tAire Stáit um Oidhreacht, Malcolm Noonan TD:
‘’Is geal linn bheith ag obair le OPW ar an deis seo um thuiscint níos fearr a fháil ar ócáid an Ghrianstaid ag Brú na Bóinne. Le fada comórtar an grianstad mar ócáid athbhreithe agus athnuachana; tá brí speisialta leis seo i mbliana agus sinn ag féachaint ar aghaidh agus ag súil le laethanta geala romhainn go léir”.
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD:
“Cé nach féidir linn teacht le chéile ag Brú na Bóinne i mbliana, molaim OPW as a n-iarrachtaí chun ócáid an Ghrianstaid a léiriú dóibh siúd a leanann leis an seantraidisiún á chomóradh”.
Fógrófar eolas maidir leis an mbeoshruthadh ar maidin 21 Nollaig ins na seachtainí atá romhainn.
Iarrtar ar an bpobal gan taisteal chuig Brú na Bóinne um Ghrianstad an Gheimhridh mar nach mbeidh aon chead isteach ann. Beidh foireann slándála ar an láthair agus beifear buíoch as comhoibriú an phobail.
Grianstad faoi Mhaise!
-CRÍOCH-
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
Grianstad an Gheimhridh
Ocáid réalteolaíochta is ea Grianstad an Gheimhridh – an lá is giorra agus an oíche is faide sa bhliain. San Leathsféar Thuaidh, tarlaíonn Grianstad an Gheimhridh ar 21 nó 22 Nollaig, nuair a ghealann an ghrian díreach os cionn Thropaic an Ghabhair. Um Éirí na Gréine ar an lá is giorra sa bhliain, féadfaidh solas díreach na gréine gealadh isteach i mBrú na Bóinne chun an seomra a shoilsiú, trí oscailt speisialta ar a thugtar an ‘díonbhosca’.
Faoi réir ag Treoirlínte athchóirithe an Rialtais, tá an tIonad Cuairteoirí agus an láthair ag Brú na Bóinne ar oscailt le haghaidh cuairteoirí. Is tríd an Ionaid Cuairteoirí amháin, atá ar oscailt gach lá ó 9am go 4pm, atá rochtain ar an láthair. Tá breis eolais agus áirithint ar líne ar fáil ag heritageireland.ie