Fógraíonn Teach Bhaile an Chaisleáin ‘Portrait of a family’ – leabhar agus taispeántas nua ar mhuintir Conolly
- Foilsithe: 18 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Fógraíonn Teach Bhaile an Chaisleáin seoladh oifigiúil Portrait of a family: the Conollys of Castletown – foilseachán agus taispeántas nua a scrúdaíonn stair mhuintir Conolly thar an 250 bliain a raibh baint acu le Teach Bhaile an Chaisleáin. Sa taispeántas a d’eagraigh Sandra Murphy, Dave Hartley agus Mary Heffernan, agus sa leabhar leis an Dr. Ruth Thorpe, cuardaítear stair an teaghlaigh a mhair sa Teach Mór is fearr in Éirinn agus na naisc a bhí acu ar fud an domhain.
Dúirt Rosemary Collier, Ceann Seirbhísí Oidhreachta agus Seachadadh Oibreacha Caipitúla:
“Taispeántas tábhachtach stairiúil agus cultúrtha é seo a thugann cuntas ar shaol cheann de na teaghlaigh is iomráití in Éirinn. Is toradh é ar thaighde fíorchruinn agus ba mhaith liom cuireadh a thabhairt do chách teach anseo agus eolas a chur ar an iliomad carachtar de mhuintir Connolly agus a saol.”
Léiríonn an taispeántas seo stair na dtailte fearann ag Baile an Chaisleáin ón uair a bhíodar i seilbh na nGearaltach – Iarlaí Chill Dara a rialaigh an tír seo mar Fhir Ionaid an Rí sa 13ú haois agus an 14ú haois. Chailleadar san seilbh faoi réimeas na dTúdarach agus bhí athrú seilbhe arís aimsir Chromail, tráth na hAthghairme agus blianta Chogadh an Dá Rí. Tosaíonn scéal an leabhair tráth ar ghlac William Conolly, duine den Uasaicme Phrotastúnach a bhí ag éirí i réim, seilbh ar na tailte; chuaigh sé sin ar aghaidh chun teach mór a chruthú, a fheictear anois mar bharrshaothar Eorpach den ailtireacht Phalladiach.
I mbarr a chumhachta agus a rachmais bhí 150,000 acra talún i ndeich gcontae ag William Connolly. Ríomhann Ruth Thorpe dúinn díothú an rachmais seo go cúpla céad acra faoin tráth a dhíol an teaghlach Baile an Chaisleáin i 1965.
Scrúdaítear anseo uacht, polaitíocht agus nósanna sóisialta aicme Connolly agus a shliocht; tacaíonn agus neartaíonn sé seo an léirmhíniú ar stair an tí mhóir trí na n-ocht nglún a mhair muintir Connlly ann.
Féadfar an taispeántas a fheiceáil mar chuid den turas ar Theach Bhaile an Chaisleáin, atá ar oscailt gach lá.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Tá íomhánna ardghléine ón taispeántas agus ón seoladh ar fáil ó Mark Reddy Photography ag trinitydstudios@gmail.com nó pressoffice@opw.ie
Eolas
- Taispeántas: Portrait of a family (le feiceáil mar chuid de Thuras an Tí)
- Áit: Teach Bhaile an Chaisleáin, Cill Droichid, Co. Chill Dara W23 V9H3
- Amanna Turais: Gach lá, 10am go 4:30pm – Ticéid le ceannach ón bhfáiltiú ar an láthair
- Suíomh gréasáin: castletown.ie
Staraí í Ruth Thorpe a bhfuil eolas ar leith aici ar ardaicmí Éireann san 18ú haois agus a dtithe móra. Rinne sí staidéar ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ag Ollscoil Mhá Nuad; bhain sí céim PhD – faoi mhná ardaicme agus a gcultúr – amach ag Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. I measc a cuid foilseachán tá Women, architecture and building in the east of Ireland, 1790–1840 (Four Courts Press), altanna san Irish Arts Review agus Irish Architectural and Decorative Studies, agus cuid de Art and Architecture of Ireland, iml. IV (Yale University Press).