'From Trees to Treasures': Taispeántas ar Chumas Éireann i nDéantús Troscáin
- Foilsithe: 18 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 21 Iúil 2023
Le linn an tsamhraidh seo beidh an taispeántas Trees to Treasures i nGailearaí Farmleigh. Léireofar an sárcháilíocht oideachais atá ar bun san Ionad Bairr Feabhais um Dhearadh & Teicneolaíocht Troscáin, An Scoil Deartha & Ealaíona Cruthaitheacha, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) Conamara.
Beidh an taispeántas ar siúl ó 19 Bealtaine go 27 Lúnasa ag Farmleigh, Páirc an Fhionnuisce. Léiríonn an taispeántas an saothar den scoth atá ar bun ag mic léinn, foireann agus céimithe OTA. Díríonn an taispeántas ar athrú an adhmaid ón chrann chuig troscán cruthaitheach atá álainn, faoi iliomad tionchar – eispéireas, aeistéitic, feidhmiúlacht agus sáráilleacht nádúrtha an champais ar chósta thiar na hÉireann.
Le fiche bliain anuas tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ag obair le OTA, i dtús le mic léinn ar shochrúcháin oibre agus ansin le tionscadail chomhoibritheacha agus taispeántais i Ranna Rialtais, Tithe Stairiúla agus Músaeim. Is é an tionscadal is déanaí ná Geilleagar Ciorclach le Farrell Furniture um inbhuanaitheacht agus athúsáid troscáin.
Dúirt Paul Biesty, Príomhoifigeach Teicniúil ag Brainse Troscáin OPW:
“Mar iarmhac léinn OTA, bhí áthas orainn i gcónaí bheith ag obair ar thionscadail bheo. Bhí deis againn dul i dtaithí ar an láthair oibre, plé leis an gcliant agus aiseolas úsáideach a fháil mar chuid den turas foghlama.”
Labhair Paul Leamy, Ceann Roinne ag Ionad Bairr Feabhais um Dhearadh & Teicneolaíocht Troscáin, faoi na cláir ar champas Chonamara:
"Tá clú náisiúnta agus idirnáisiúnta ar na cláir againne, maidir le sárcháilíocht oideachais teicneolaíochta i réimsí deartha agus déantúis troscáin agus earraí adhmaid, oideachas ar mhúinteoirí, forbairt agus cruthaitheacht, déantús míntroscáin agus taighde dírithe. Cláir idirghníomhacha iad seo, ag freagairt ar riachtanais tionscail, an tsochaí agus forbairt eacnamaíoch na hÉireann.”
Dúirt an Dr Orla Flynn, Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh:
"Tugann an taispeántas seo deis fhéachana ar na píosaí álainn atá ar taispeáint dóibh siúd gur spéis leo gairm bheatha a leanúint i ndearadh, déantús agus teicneolaíocht troscáin maraon le bunoideachas múinteoirí. Léiríonn an taispeántas na bealaí nuálacha agus cruthaitheacha ina mbaineann na mic léinn, an fhoireann agus na céimithe feidhm as a scileanna agus bunábhar chun dea-thionchar a imirt ar an saol.”
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.atu.ie.
Um breis eolais nó deiseanna agallaimh déan teagmháil le Aidan Haughey, Bainisteoir Cumarsáide OTA, ag aidan.haughey@atu.ie or pressoffice@opw.ie. Beidh grianghraif ón seoladh ar fáil ó Mark Stedman Photography (stedman.photos@gmail.com)
Nótaí
Taispeántas: Gailearaí Farmleigh, Teach Farmleigh, Caisleán Cnucha, Baile Átha Cliath 15
Dátaí: 19 Bealtaine go 27 Lúnasa 2023
Ar oscailt gach lá: Máirt – Domhnach 10am – 5pm (Dúnta um Lón 1-2pm). Cead isteach saor in aisce