English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gairdíní Gharrán Anna ar oscailt don phobal tar éis oibreacha forleathana athchóirithe

Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go bhfuil Teach agus Gairdíní Gharrán Anna, gar do Bhaile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí ar oscailt don phobal. Nuair a bhronn muintir Annesley eastát Gharrán Anna ar an Stát i mí na Nollag 2015, rinneadh an chéad chéim oibreacha athchóirithe ar na tailte. Anois, agus róslabhrais, magnolia agus crainn silíní ag teacht i mbláth, tá na gairdíní ullamh chun cuairteoirí a mhealladh isteach le haghaidh séasúir 2022.

Anois, agus Garrán Anna ar oscailt, tá tarraingt álainn eile ar fáil do chuairteoirí i gceantar na nGaibhlte. Níl sé ach turas gairid ó Theach agus Diméin Dhún ar Aill, ar bhruach na hAbha Bige. Cruthaíonn sé seo láthair eile mar tharraingt do chuairteoirí ó Éirinn agus ón iasacht araon. I dteannta leis an ngarraíodóir William Robinson, go luath i dtús na 20ú aoise chruthaigh Richard Arthur Grove Annesley stíl nua garraíodóireachta ag Garrán Anna. Chuir sé síos bláthanna andúchasacha a bhailigh an luibheolaí cáiliúil Frank Kingdon-Ward ar thurais chuig Burma, Yunnan, an Tibéid agus an Bhútáin.

Is teist ar shaothar na dteaghlach bunaithe agus anois ar OPW, gur tháinig na gairdíní seo slán go dtí an lá inniu, i dteannta le gairdíní eile in Éirinn - mar shampla Garinis, Cill Mochurra agus Fóite. Le cúig bliana anuas, rinne OPW athchóiriú ar na Gairdíní Daingean agus Coille um thaitneamh cuairteoirí agus tá obair athchóirithe ar bun fós ar Ghairdín Cois Abhann. Nílimid ach i dtús tuisceana ar chruthú na suíomhanna draíochta seo; tá OPW ag cothú scileanna um a gcosaint agus a gcaomhnú, chun go mbeidh deiseanna ag cuairteoirí inspioráid agus áthas a bhaint astu.

Ar oscailt oifigiúil na ngairdíní, dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D.:

“Is mian liom buíochas a ghabháil le muintir Annesley as an eastát stairiúil seo a bhronnadh ar an Stát – gníomh flaithiúil a chinntíonn go mbeidh an oidhreacht seo slán do ghlúin amach anseo agus á roinnt linn uile. Níl amhras orm ach go mbeidh Garrán Anna ina láthair beo spreagúil do chuairteoirí agus go dtacóidh sé ar bhealach suntasach le forbairt eacnamaíoch agus cultúrtha an cheantair i dTuaisceart Chorcaí.

Tá an-tarraingt ar gháirdíní Éireann ag cuairteoirí intíre agus iasachta araon. Is pribhléid againn in OPW cúram a dhéanamh de na sárbhailiúcháin plandaí neamhchoitianta ar fud na tíre – mar shampla, Garraithe Náisiúnta na Lus ag Glas Naíon agus Cill Mochurra, An Charraig, Crannlann JFK, Fóite, Garinis, Doire Fhíonáin agus Garrán Anna.

Ní do lucht garraíodóireachta amháin na suíomhanna álainn cuardaigh seo, ach don aos óg freisin. Leis na turais scoile saor in aisce ag láithreacha uile OPW, táimid ag cur le heolas agus le hoideachas daoine óga, le cuimhní speisialta ar na gairdíní iontacha seo agus ar an stair a baineann leo.

Tá Howley Hayes Cooney ceaptha ag OPW chun caomhnú na bhfoirgneamh ar an eastát a mhaoirsiú. Déanfaidh OPW iarratas ar chead pleanála in 2022 maidir le caomhnú an tí mhóir, foirgnimh sa chlós feirme, páirceáil carr agus bus agus áiseanna foirne. De thoradh na n-oibreacha seo, beidh eispéireas cuairteoirí de cháilíocht domhanda anseo ag Garrán Anna, ar aon dul leis na láithreacha is fearr ar fud Éireann faoi láthair.”

Dúirt Patrick Grove Annesley, a bhronn an t-eastát ar an Stát:

“Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil OPW ag athoscailt na ngairdíní ag Garrán Anna. Tuigim go maith an diansaothar atá déanta ag na garraíodóirí mar ullmhú chuige seo. Bhí traidisiún fada ag Garrán Anna fáilte a chur roimh chuairteoirí agus bhí fíorbhrón orainn nuair nach raibh aon dul as againn ach na geataí a dhúnadh in 2009. Tá a fhios agam go bhfuil fís spreagúil ag OPW do Gharrán Anna amach anseo, ní amháin do na gairdíní ach freisin don teach agus do na foirgnimh eile mórthimpeall, ionas go gcuirfear le luach an eastáit ar fad do mhuintir na háite agus do chuairteoirí le himeacht na mblianta.”

Beidh turais theoraithe ar chostas ar fáil ó 8 Aibreán go 22 Meán Fómhair. Féadfaidh cuairteoirí eolas a chur ar stair an eastáit agus ar mhuintir Grove Annesley, ar stair an ghairdín féin agus fealsúnacht a leagan amach, agus freisin ar chonas a d’oibrigh eastáit tuaithe Éireann san am atá caite. Beidh imeachtaí staire agus ealaíne ar siúl le linn an tsamhraidh. Tá cairt chaifé agus suíocháin ar an Tuar le hais an tí, mar ar féidir le cuairteoirí taitneamh a bhaint as picnic imeasc radharcanna agus fuaimeanna an dúlra.

CRÍOCH

Tá grianghraif oifigiúla ón seoladh ar fáil ó Michael O’Sullivan Photography info@mosullivanphoto.com nó déan teagmháil le pressoffice@opw.ie.

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

Is eastát stairiúil 190-acra é Garrán Anna, le 30 acra gairdíní cáiliúla, gar do Bhaile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí. Tá an t-eastát os cionn na hAbha Bige imeasc coillearnaigh, abhann agus gleann mar atá luaite san dán ag Edmund Spenser, The Fairie Queen, a scríobhadh i gCaisleán Chill Cholmáin in aice láimhe. Is é an Garraí Daingean an chuid is sine de na gairdíní; leagadh amach é san 18ú aois. Sa Gharraí Coillearnaigh tá cuid de na rólabhrais is túisce a cuireadh in Éirinn. Ba é Richard Arthur Grove Annesley, a tháinig in uacht ar an eastát in 1892, a thug na róslabhrais ar ais ó thurais chun na hÁise Thoir agus Thoir-Theas. Ba é freisin a bhain feidhm as na faillte aolchloiche ar nós na Meánmhara chun Garraí Cois Abhann andúchasach fo-theochriosach a chruthú le fiántas bambú, gunnaire, scúnc-chabáiste agus primula Himiléach.

Mar chuid den chlár uaillmhianach ag OPW chun na gairdíní stairiúla a athaimsiú agus a athchóiriú, tá an-chúram glactha chun plandaí a chur ar aon dul leo siúd a chuir Richard Arthur Grove Annesley go luath san 20ú aois. Toisc go dtógann sé tamall do na plandaí seo a shíolrú, táthar ag súil le taispeántais bhreátha do chuairteoirí ins na blianta atá romhainn amach

Ba é Baile Shéamac ainm na háite nuair a thosaigh muintir Grove ar Gharrán Anna a thógáil go luath san 17ú aois. Nuair a phós Mary Grove Francis Charles Annesley, 1ú Iarla Annesley níos déanaí, in 1766, baisteadh ‘Annes Grove’ ar an eastát. D’fhan sé i seilbh mhuintir Annesley go dtí 2015 nuair a bhronn Jane agus Patrick Grove Annesley ar an Stát é. Bhí searmanas speisialta chun é a thabhairt ar láimh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Eanaír 2016, leis an Aire Simon Harris a raibh cúram OPW air an tráth úd.