Geataí Éalaithe ó 1921 ar taispeáint i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann
- Foilsithe: 14 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 9 Márta 2023
102 bhliain ó d’éalaigh Ernie O’Malley, Frank Teeling agus Simon Donnelly ó Phríosún Chill Mhaighneann le linn Chogadh na Saoirse ar 14 Feabhra 1921, taispeánfar na geataí nua-athchóirithe trína éalaigh na fir
Deineadh athchóiriú cuimsitheach ar na geataí agus beidh siad anois mar chuid den taispeántas buan i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann. In aice leo beidh an glas fraincín a bhris na príosúnaigh le gearrthóir boltaí a thug saighdiúir Briotanach báúil chucu sa phríosún. Tá an glas fraincín ar iasacht ó Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann agus tá sé ar ais sa Phríosún den chéad uair ó 1921.
Um thráthnóna an 14 Feabhra 1921, agus Cogadh na Saoirse faoi lán seoil, d’éalaigh triúr fear - Ernie O’Malley, Simon Donnelly agus Frank Teeling – ó choimeád na Breataine i bPríosún Chill Mhaighneann. Le cabhair ó chuid de na saighdiúirí Briotanacha a bhí ar garda, tugadh gearrthóir boltaí isteach sa phríosún; bhris na fir an glas fraincín ar gheataí iarthair an fhoirgnimh. Ar éalú dóibh, léimeadar ar bord tram agus isteach sa chathair leo. Ag an nóiméad deiridh, chinn príosúnach eile, Patrick Moran, ar fhanacht istigh. Cheap sé go mbeadh sé ag teip ar na finnéithe a bhí chun fianaise a thabhairt ina fhabhar agus a chruthódh go raibh sé neamhchiontach. Ba chúis bháis dó an cinneadh seo; fuarthas ciontach é níos déanaí agus crochadh é i bPríosún Mhuinseo ar 14 Márta 1921.
Bhí na geataí suite ar bhealach isteach iarthair an Phríosúin suas chuig na 1990idí. Ansin cinneadh nach raibh siad oiriúnach a thuilleadh agus cuireadh isteach i stóras iad. I 2019 chinn Oifig na nOibreacha Poiblí ar iad a athchóiriú chun a gcur ar taispeáint i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann i 2021.
Ba é Sven Haberman ó Conservation Letterfrack a ghlac an cúram air féin na geataí a chaomhnú agus a ullmhú um a dtaispeáint. Bhí an obair ar cheann de na tionscadail chaomhnaithe ba chasta riamh ag an Músaem. Tógadh na geataí i lár na 19ú haoise; tá siad 2.64m ar leithead, 2.85m ar airde agus meáchan thart faoi 800kg iontu. Ghlac sé bliain go leith, nach mór, adhmad na ngeataí a thriomú sula d’fhéadfaí tabhairt faoi dhaingniú an adhmaid agus cóiriú an mhiotail mheirgthe. De dheasca srianta Covid-19, níorbh fhéidir an obair a chríochnú roimh 2021, ach beidh siad ar taispeáint ar an Mháirt, 14 Feabhra, 102 bhliain tar éis an éalaithe.
I dteannta na nGeataí Éalaithe beidh taispeántas speisialta, ina mbeidh an gearrthóir boltaí a úsáideadh chun an glas a bhriseadh. Tar éis an éalaithe, fuarthas an gearrthóir ins na sceacha i gcóngar an phríosúin. Tá sé le fada i Músaem Náisiúnta na hÉireann agus ar iasacht anois ag Príosún Chill Mhaighneann. I measc nithe eile ar taispeáint tá bóna léine le Patrick Moran a úsáideadh chun scéal a sheoladh chuig a mhuintir i mí na Samhna 1920, agus cóip de chéad eagrán an leabhair ag Ernie O’Malley - On Another Man’s Wound (1936) – inar thug sé cuntas ar an éalú.
Chomh maith le nochtadh na nGeataí Éalaithe, glacfaidh an tAire O’Donovan le portráid nua de Ernie O’Malley le Mick O’Dea PPRHA; ba é mac Ernie O’Malley, Cormac, a choimisiúnaigh an phortráid do Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann. Bhí Ernie O’Malley i gCill Mhaighneann arís i 1923 tar éis dó taobhú leis an dream frithchonartha le linn Chogadh na gCarad. Le linn an ama sin bhí sé ar stailc ocrais a mhair 41 lá; tá cuntas air sin ina leabhar faoi Chogadh na gCarad, The Singing Flame. Tugann sé cuntas ansin freisin ar cheiliúradh na Nollag aige féin agus ag a chomhphríosúnaigh i gCill Mhaighneann nuair a tháinig deireadh leis an stailc ocrais.
Sa phortráid lánfhada le Mick O’Dea, taispeántar Ernie O’Malley mar cheannaire gníomhach cogaidh amuigh faoin spéir sa gheimhreadh. Iar-Uachtarán ar an Acadamh Ibeirneach Ríoga agus ball d'Aosdána é Mick O’Dea. Tá samplaí dá chuid saothair le feiceáil i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, Gailearaí Crawford i gCorcaigh agus Bailiúchán Ealaíne Stáit OPW.
I measc a shaothair tá portráid oifigiúil an Uachtaráin Michael D. Higgins atá ar crochadh i dTeach Laighean.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí le haghaidh eagarthóirí
Tá Geataí Éalaithe 1921 agus portráid Ernie O’Malley ar oscailt do na meáin ó 9.30am ar 14 Feabhra. Tá réimse leathan íomhánna ardghléine ar fáil freisin. Déan teagmháil le Brian Crowley ag 086 8079071 nó ag brian.crowley@opw.ie
Tá cead isteach ag an taispeántas saor in aisce. Beidh sé ar siúl go dtí 31 Márta 2023.
Tá Príosún Chill Mhaighneann ar Bhóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8 – ar oscailt gach lá ó 10am go 5.30pm (iontráil deiridh 4:30pm).
Féadfar ticéid um thuras ar Phríosún Chill Mhaighneann a chur in áirithe ar líne ag Kilmainham Gaol Museum.