Glóir don Bheithlín Beo nua!
- Foilsithe: 22 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhí áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí suíomh nua le haghaidh an Bheithilín Beo a chur ar fáil ag an Teach Samhraidh i bhFaiche Stiabhna, agus gabhann buíochas do na sluaite daoine a tháinig ann chun é a fheiceáil. Tá an Beithilín dúnta anois le haghaidh na Nollag.
Tháinig breis agus 33,000 duine chun an Beithilín Beo a fheiceáil ag an Teach Samhraidh i bhFaiche Stiabhna.
Osclaíodh an Beithilín Beo ar an Déardaoin 8 Nollaig agus dúnadh é ar an Déardaoin 22 Nollaig (14 lá in iomlán).
Deineadh cúram maith den asal Nóinín, den ghabhar Lile agus de na caoirigh Peadar agus Pól. Tá siad anois ar ais sa bhaile ar fheirm mhuintir Scorlóg i gCill Mhantáin. Bhí bia, uisce agus ábhar leapa ar fáil dóibh gach lá ag an Teach Samhraidh.
Tá buíochas tuilte ag CFÉ, Fionn Scorlóg agus a mhuintir, oibrithe deonacha CFÉ, Aonad Bainistíochta Imeachtaí OPW, agus foireann na páirce ag Faiche Stiabhna.
Dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D.:
“Tá áthas orm go raibh OPW ábalta na hainmhithe a chur ar taispeáint in áit a bhí slán agus inrochtana, agus gur tháinig an oiread sin daoine chuige sa thréimhse roimh Nollaig. Is tréimhse speisialta í seo ag teaghlaigh chun machnamh a dhéanamh ar scéal na Nollag agus is aoibhinn le OPW an scéal sin a léiriú beo le haghaidh na mílte leanaí a tháinig chun an beithilín a fheiceáil i mbliana.”
Dúirt Uachtarán Chumann Feirmeoirí Éireann (CFÉ), Tim Cullinan:
“Gné iontach den Nollaig é an Beithilín Beo agus ba mhaith é an tacú ó OPW chun é a léiriú ag Faiche Stiabhna. Ár mbuíochas leo agus leis an bhfeirmeoir a shaothraigh um chosaint agus um chompord na n-ainmhithe le linn dóibh a bheith i bhFaiche Stiabhna.”
Dúirt baill fhoirne na Páirce i bhFaiche Stiabhna go raibh idir óg agus aosta an-sásta an beithilín a fheiceáil agus áthas orthu na hainmhithe a fheiceáil ann.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Ba é €31,133.00 (seachas CBL) an costas a bhain leis an mBeithilín Beo a léiriú i bhFaiche Stiabhna.
Bhí an Beithilín Beo ar taispeáint ó 8 Nollaig go 22 Nollaig 2022.
Ba é €13,753.50 (seachas CBL) an costas reatha iomlán don tréimhse choicíse.
Bhí tréadlia ar fáil chun na hainmhithe a scrúdú dá mba ghá é sin.
Tugadh tosaíocht do leas na n-ainmhithe agus tógadh an both sa Teach Samhraidh de réir na dtreoirlínte ón Chomhairle Chomhairlitheach um Leas Ainmhithe Feirme.