English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Grianstad an Gheimhridh á cheiliúradh ar fud an Domhain trí Nasc Beoshrutha Taibhsiúil

Rinne na mílte daoine iarratas le bheith i láthair agus súil acu éirí gréine Ghrianstad an Gheimhridh a fheiceáil laistigh den Seomra Adhlactha i Sí an Bhrú agus chuir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) fáilte roimh bhuaiteoirí crannchuir na bliana. I mbliana, bhí an t-ádh ar dhaoine ó chian is ó chóngar, ina measc, daoine as Corcaigh, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh agus Contae na Mí chomh maith le daoine as an Ostair agus SAM. Chomh maith leis na buaiteoirí crannchuir, bhí lucht féachana ó gach cearn den domhan ag féachaint ar an imeacht tríd an nasc beoshrutha a eagraíodh i gcomhar lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Ar maidin, bhí an spéir geal agus glan, chonaic an lucht féachana solas na gréine ag scaladh isteach sa séadchomhartha ársa trí bhosca an dín agus ar feadh an phasáiste agus ag leathadh isteach sa seomra adhlactha. Bhailigh na céadta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh lasmuigh den séadchomhartha agus bhí lúcháir an Ghrianstad le mothú ina measc.

Dúirt Rosemary Collier, Ceannasaí na Seirbhísí Oidhreachta agus Seachadadh Oibreacha Caipitiúla Oifig na nOibreacha Poiblí:

“Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu chun fáilte a chur chuig Sí an Bhrú roimh bhuaiteoirí um chrannchur Ghrianstad an Gheimhridh agus cuirim fáilte roimh gach duine a bheidh ag breathnú isteach trínár nasc beoshrutha. Chonaic cuairteoirí agus lucht féachana an feiniméan seandálaíochta seo dóibh féin. Is am i gcomhair machnaimh agus athnuachana é Grianstad an Gheimhridh agus is ócáid an-suntasach agus speisialta é. Seo am ina bhfágaimid slán ag na hoícheanta fada dorcha agus fáiltímid roimh an mbliain nua le dóchas”.

Tá taifeadtaí de na himeachtaí beoshruthaithe i 2020, 2021, 2023 agus an lae inniu ar fáil ar chainéal YouTube Oifig na nOibreacha Poiblí.

Breis eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le pressoffice@opw.ie.

Lean muid ar Twitter @opwireland

Lean muid ar Facebook @opwireland

Lean muid ar Instagram @opwireland

Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works


Nótaí

Grianstad an Gheimhridh

Is feiniméan réalteolaíoch é Grianstad an Gheimhridh a cheiliúrann an lá is giorra agus an oíche is faide sa bhliain. Sa Leathsféar Thuaidh, tarlaíonn Grianstad an Gheimhridh ar an 21 nó an 22 Nollaig, nuair a scalann an ghrian go díreach os cionn Thrópaic an Ghabhair. Ar feadh 17 nóiméad, ag éirí na gréine ar an lá is giorra sa bhliain, is féidir le solas na gréine scaladh díreach isteach sa séadchomhartha ag Sí an Bhrú, ní tríd an doras, ach tríd an oscailt bheag atá cruthaithe d’aon ghnó os cionn an bhealaigh isteach, ar a dtugtar ‘bosca an dín’, agus lastar suas an seomra adhlactha.

Ní féidir dul isteach chuig láithreán Shí an Bhrú ach trí Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne, a bhíonn ar oscailt go laethúil. Chun breis eolais a fháil agus áirithint a dhéanamh ar líne, tabhair cuairt le do thoil ar heritageireland.ie