‘hearts ne’er waver’: Príosúnaigh Ban le linn an Chogaidh Chathartha agus Voices, taispeántas saothar le Margo McNulty
- Foilsithe: 31 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ón 30 Bealtaine 2023 go dtí an 30 Aibreán 2024, cuirfidh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) dhá thaispeántas speisialta i láthair i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann chun céad bliain ón uair a cuireadh os cionn 600 bean i bpríosún le linn Chogadh Cathartha na hÉireann a chomóradh. Tá saorchead isteach chuig na taispeántais agus tá sé ar oscailt don phobal seacht lá na seachtaine.
Osclóidh ‘hearts ne’er waver’ an 30 Bealtaine, 2023, agus scrúdófar ann an méid a tharla idir Samhain 1922 agus Nollaig 1923 do na mná a cuireadh isteach i bPríosún Mhuinseo, i bPríosún Chill Mhaighneann agus i gcampa speisialta géibhinn do phríosúnaigh ban pholaitiúl a bunaíodh in Iar-Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh i nGráinseach Ghormáin.
Inseofar sa taispeántas scéalta faoi stailceanna ocrais, aistrithe éigeantacha agus iarrachtaí éalaithe, chomh maith le ceolchoirmeacha príosúin, cóisirí culaith bhréige agus cluichí babhtairí a imrítear i gclós an phríosúin agus ina n-úsáidtear cos cathaoireach mar bhata.
I measc na n-earraí ar taispeáint beidh litreacha príosúin, dialanna agus leabhair sínithe, chomh maith le rudaí a rinne na mná fad a bhí siad i ngéibheann, ar nós blús cróiseáilte, cás pitseámaí bróidnithe agus líon suntasach saothar a rinne an t-ealaíontóir Grace Gifford Plunkett. Bhí sí ina príosúnach i bPríosún Chill Mhaighneann i 1923, tar éis di a fear céile Joseph Plunkett a phósadh i séipéal an phríosúin an oíche sular cuireadh chun báis é sa Phríosún tar éis Éirí Amach 1916.
Ar cheann de bhuaicphointí an taispeántais tá bratach na hÉireann ar a bhfuil suaitheantas Chumann na mBan, bratach a rinne grúpa príosúnach ó Cheatharlach i bPríosún Chill Mhaighneann. Sna blianta ina dhiaidh sin leagadh an bhratach seo ar chónraí na mban seo agus ar chónraí seansaighdiúirí eile a bhí páirteach sa troid ar son na saoire i gCeatharlach. Tar éis an-chuid obair chaomhnaithe, beidh an bhratach seo ar taispeáint don chéad uair le breis agus cúig bliana is fiche.
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D:
“Is minic a dhéantar díspeagadh nó neamhaird ar an ról suntasach a bhí ag go leor ban le linn an chogaidh chathartha. Caithfidh an taispeántas seo, a cuireadh le chéile go cúramach, solas ar scéalta na bpríosúnach ban sa tréimhse sin, agus tá súil agam go mairfidh an méid a tharla dóibh i gcuimhne na ndaoine a thugann cuairt air.”
Beidh taispeántas saothar leis an ealaíontóir Margo McNulty ar siúl ag an am céanna le ‘hearts ne’er waver’; ‘Voices’ is teideal dó. Tugann an cnuasach seo de phictiúir agus de phriontaí léargas ar an atmaisféar a bhí i réim i bPríosún Chill Mhaighneann agus de phearsantachtaí na mban a bhí ina bpríosúnaigh ansin le linn an Chogaidh Chathartha. Is iad míreanna pearsanta a bhain leis na príosúnaigh ban tráth, atá ar marthain anois i mbailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha, a spreag go leor de na saothar ealaíne.
In 2022 fuair Margo McNulty Gradam Markievicz Dheich mBliana na gCuimhneachán, a bhronnann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar ealaíontóirí a bhfuil baint acu le ról na mban le linn thréimhse Réabhlóideach na hÉireann a chomóradh.
An tOllamh Laura McAtackney ó Shaotharlann Radacach na nDaonnachtaí agus Scoil na Seandálaíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, a sheolfaidh an taispeántas Dé Máirt 30 Bealtaine ag 6pm.. As líon mór tionscadal taighde, rinne sí suirbhé dlúth agus córasach ar an ngraifítí i bPríosún Chill Mhaighneann, a mbaineann mórchuid de leis na mná a coinníodh ann i 1923.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Notaí
- ‘hearts ne’er waver’: Beidh Príosúnaigh Ban Chogadh Cathartha na hÉireann agus Voices, taispeántas saothar le Margo McNulty ar fáil don phreas le féachaint air ó 9.30rn ar 30 Bealtaine. Tá rogha leathan d’íomhánna ardtaifigh ar fáil freisin. Glaoigh ar an gcoimeádaí Brian Crowley ar 086 8079071 nó scríobh chuige ag brian.crowley@opw.ie
- Tá saorchead isteach sa taispeántas ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann.
- Tá Príosún Chill Mhaighneann suite ar Bhóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8 agus tá sé ar oscailt faoi láthair ó 9.30rn go 5.30in (an t-iontráil dheirenach 4:30pm), seacht lá na seachtaine.
- Is féidir ticéid le haghaidh turais ar Phríosún Chill Mhaighneann a chur in áirithe ar líne ag kilmainhamgaol.ie..