'I am to die for Ireland'
- Foilsithe: 8 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- An dara chuid den taispeántas i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann a chuardaíonn scéal básuithe chúigear shaighdiúir Saorstáit ar 8 Eanáir 1923.
- Tá bailiúchán litreacha cráite le Sylvester Heaney, duine díobh siúd a básaíodh, ar taispeáint poiblí den chéad uair
Osclófar an dara chuid den taispeántas a léiríonn ról Phríosún Chill Mhaighneann sa Chogadh Cathartha ar 8 Eanáir – cothrom céad bliain ón lá a básaíodh cúigear iarshaighdiúir Saorstáit a daoradh chun báis ar chúiseanna tréasa. Mar chuid den taispeántas beidh na litreacha deiridh a scríobh duine díobh seo, Sylvester Heaney, ar taispeáint poiblí den chéad uair.
Agus an bhliain 1922 ag druidim chun deiridh, bhí Terence Brady, Leo Dowling, Sylvester Heaney, Anthony O’Reilly agus Laurence Sheeky mar chuid den gharda ag Aeradróm Bhaile Dhónaill. Ceaptar go rabhadar míshásta ag troid ar son an tSaorstáit agus go rabhadar i dteagmháil le baill de cholún reatha frithchonartha ó Léim an Bhradáin, a raibh sé ar intinn acu ruathar a dhéanamh ar an Aeradróm agus airm a bhí ann a ghabháil. Níor tharla an ruathar sin ach mar sin féin chinn na fir seo ar Arm an tSaorstáit a thréigean agus imeacht leis an dream a bhí in aghaidh an chonartha.
Ar 1 Nollaig 1922, ghabh Arm an tSaorstáit 22 bhall de cholún reatha frithchonartha Léim an Bhradáin, an cúigear iarshaighdiúir Saorstáit ina measc. Tugadh na príosúnaigh chuig Beairic Wellington ar Chuarbhóthar Theas Bhaile Átha Cliath um a gceistiú. Bhí iarsmaí éide an tSaorstáit ar chuid de na fir agus ar deireadh aithníodh an cúigear acu mar thréigtheoirí. Tugadh ‘Cúigear Léim an Bhradáin’ orthu agus aistríodh iad chuig Príosún Chill Mhaighneann. Ar 11 Nollaig cuireadh os comhair chúirt mhíleata iad; cúisíodh iad i dtréas agus daoradh chun báis iad. Básaíodh iad ag 8am ar 8 Eanáir 1923.
Níor luaigh ráiteas oifigiúil an Airm áit a mbásaithe. Dúradh i mbileog phoblachtach na linne gur tharla sé i bPríosún Chill Mhaighneann ach ba mhinic ina dhiaidh sin a dúradh gur i mBeairic Portobello a lámhachadh iad. De réir na dteastas oifigiúil báis básaíodh Sheeky, Heaney agus O’Reilly i mBeairic Mhic Eochaidh, agus básaíodh Dowling agus Brady i bPríosún Chill Mhaighneann. I dtús, cuireadh Dowling agus Brady i bPríosún Chill Mhaighneann; cuireadh an triúr eile i mBeairic Chnoc an Arbhair.
I mí Dheireadh Fómhair 1924, d’ordaigh Rialtas an tSaorstáit corpáin iad san ar fad a básaíodh le linn Chogadh na gCarad a thabhairt ar ais chuig a muintir. Athnochtadh corpáin Leo Dowling agus Terence Brady, chomh maith le ceathrar eile a básaíodh i gCill Mhaighneann ar 17 Samhain 1922. Tharla an rud céanna ag Cnoc an Arbhair agus ag beairicí agus príosúin eile ar fud na tíre. Tugadh na corpáin ar ais chuig a muintir chun sochraid cheart a thabhairt dóibh.
Insítear scéal beagaitheanta ‘Chúigear Léim an Bhradáin’ sa dara chuid den taispeántas a léiríonn Príosún Chill Mhaighneann mar áit bhásuithe sa Chogadh Cathartha. Osclaíodh an chéad chuid den taispeántas ar 17 Samhain 1922, cothrom chéad bhliain na mbásuithe tosaigh sa Chogadh Cathartha.
Tugtar suntas anseo do na litreacha a scríobh Sylvester Heaney i bPríosún Chill Mhaighneann ins na seachtainí sular básaíodh é. Tá na litreacha cráite croíbhriste seo ar iasacht óna mhuintir agus is onóir ag an Músaem iad a thaispeáint don phobal den chéad uair. Ins na litreacha cuireann sé síos ar uaigneas an phríosúin, go háirithe le linn na Nollag; iarann sé ar a dheirfiúr, Martha, cuid den mharóg Nollag a sheoladh chuige, ionas go mbraithfeadh sé go raibh sé páirteach lena mhuintir i gceiliúradh na Nollag.
Is mar seo a chríochnaigh sé an litir dheiridh chuig a mháthair: “I cannot say much only tell all my Sisters and Brothers to say a prayer for me and I shall meet you all in the next world. I was foolish but it cannot be helped now”.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
• 'I am to die for Ireland’: Básuithe Chogadh na gCarad i bPríosún Chill Mhaighneann – ar oscailt le haghaidh na meán ó 9.30am 8 Eanáir. Tá réimse leathan íomhánna ardghléine ar fáil freisin. Déan teagmháil le Brian Crowley ag 086 8079071 nó ag brian.crowley@opw.ie
• Tá cead isteach ag an taispeántas saor in aisce.
• Tá Príosún Chill Mhaighneann ar Bhóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8 – ar oscailt gach lá ó 10am go 5.30pm (iontráil deiridh 4:30pm).
Féadfar ticéid um thuras ar Phríosún Chill Mhaighneann a chur in áirithe ar líne ag Kilmainham Gaol Museum