'I am to die for Ireland’: Básuithe Chogadh na gCarad i bPríosún Chill Mhaighneann Léiríonn OPW taispeántas i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ar na chéad bhásuithe stáit i gCogadh na gCarad
- Foilsithe: 16 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá taispeántas speisialta á léiriú ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ar chuimhneachán céad bliain ó tharla na chéad bhásuithe stáit i gCogadh na gCarad, a tharla i gceann de chlóis an Phríosúin ag 7am ar 17 Samhain 1922. Cuireadh i leith gach duine den cheathrar - Peter Cassidy, James Fisher, John Gaffney agus Richard Twohig – go raibh gunnán ina sheilbh aige gan chead agus cuireadh faoi thriail iad ag cúirt mhíleata i mBeairic Wellington ar 8 Samhain 1922. Fir óga den lucht oibre ba ea iad, ó cheantar Shráid Shéamais, gar do Phríosún Chill Mhaighneann.
Ar taispeáint tá na litreacha deiridh a scríobh Peter Cassidy agus James Fisher. Baineann suntas ar leith leo seo toisc nár tugadh deis do na fir óga ar fad a muintir a fheiceáil sula básaíodh iad. Sna litreacha seo deir siad go bhfuil mórtas orthu gur ar son Éireann a gheobhaidh siad bás, ach is léir go bhfuil truamhéala orthu nach féidir leo a muintir a fheiceáil. Críochnaíonn litir James Fisher leis na línte caointeacha seo:
‘To my Mother I dearly love, Goodbye, Goodbye, Goodbye. We will meet again in Heaven please God, Mother. God strengthen you in this ordeal Mother. I am to die for Ireland.’
Ní raibh cuid mhór de na nithe atá le feiceáil ar taispeáint go poiblí roimhe seo. Orthu san tá cárta cuimhneacháin John Gaffney agus litir chuig tuismitheoirí Peter Cassidy a scríobh Phil Foley; bhí sé siúd ina phríosúnach leis an gceathrar i mBeairic Wellington (Coláiste Uí Ghríofa anois). Thug sé cuntas gur tugadh an ceathrar ón mbeairic tar éis bhricfeasta ar an Déardaoin 16 Samhain; chonaic sé tuairisc ar a mbású sna nuachtáin tráthnóna an lá dár gcionn.
Beidh taispeántas breise, maidir leis na básuithe a tharla i gCill Mhaighneann in Eanáir 1923, ar oscailt san athbhliain.
Um breis eolais agus grianghraif, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
- 'I am to die for Ireland’: Básuithe Chogadh na gCarad i bPríosún Chill Mhaighneann – ar oscailt le haghaidh na meán ó 9.30am 17 Samhain. Tá réimse leathan íomhánna ardghléine ar fáil freisin. Déan teagmháil le Brian Crowley ag 086 8079071 nó ag brian.crowley@opw.ie
- Tá cead isteach ag an taispeántas saor in aisce.
- Tá Príosún Chill Mhaighneann ar Bhóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8 – ar oscailt gach lá ó 10am go 5.30pm (iontráil deiridh 4:30pm).
- Féadfar ticéid um thuras ar Phríosún Chill Mhaighneann a chur in áirithe ar líne ag https://kilmainhamgaolmuseum.ie/.