Infheistíocht de €2.6 milliún chun ionad cuairteoirí den chineál is nua-amseartha ag Achaidh Chéide, an séadchomhartha Cloch Aoise is fairsinge ar domhan, a chur ar taispeáint don phobal
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tá breis is €2.6milliún infheistithe ag Fáilte Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ann
- Ionad tumthach do chuairteoirí chun 7,500* cuairteoir breise a mhealladh thar cúig bliana agus €935,000 a ghiniúint do gheilleagar áitiúil Mhaigh Eo
- Ag tacú le 152 post breise sa cheantar
Sheol an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O Donovan TD ionad cuairteoirí den chineál is nua-aimseartha ag Achaidh Chéide inniu [9 Meitheamh 2022]. Cuirfidh an t-ionad dlús le turasóireacht i Maigh Eo agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. D’fháiltigh an tAire Turasóireachta Catherine Martin TD agus an an tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan TD roimh oscailt an ionaid nua.
Tá breis is €2.6 milliún** infheistithe ag Fáilte Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta san eispéireas tumthach nua san ionad cuairteoirí, agus meallfaidh sé cuairteoirí go hAchaidh Chéide agus tuaisceart Mhaigh Eo ar bhealach Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Táthar ag súil go meallfaidh an t-ionad 38,000 cuairteoir agus go dtacóidh sé le 152 post breise sa cheantar 5 Bliana tar éis a oscailte, rud a ghinfidh beagnach €1m in ioncam turasóireachta breise don gheilleagar áitiúil.
Is láithreán fairsing seandálaíochta Neoiliteach ar leith é Achaidh Chéide, a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar an méid iarsmaí de chóras páirceanna ársa agus d’áitribh chónaithe atá ann. Tá léirmhíniú den scoth san ionad, a insíonn scéal seandálaíochta an láithreáin agus an chaoi ar aimsíodh é agus cuireann sé go mór le eispéireas na gcuairteoirí. Meallfaidh an taispeántas closamhairc den chineál is nua-aimseartha turasóirí ón tír seo agus turasóirí idirnáisiúnta chuig an láthair, agus spreagfar iad chun níos mó a fhoghlaim faoi oidhreacht shaibhir an cheantair, agus cuairt a thabhairt ar thuaisceart Mhaigh Eo agus an ceantar máguaird.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Catherine Martin:
“Is láthair stairiúil thar a bheith tábhachtach ó thaobh na hÉireann agus na cruinne é Achaidh Chéide. Cuirfidh an t-eispéireas nua atá ar fáil do chuairteoirí ar chumas na gcuairteoirí ón tír seo agus ó thíortha eile iad féin a thumadh in oidhreacht iontach Achaidh Chéide agus spreagfar níos mó daoine chun cuairt a thabhairt ar cheantar álainn thuaisceart Mhaigh Eo, rud a mbeidh tionchar suntasach aige ar an ngeilleagar sa cheantar.”
Dúirt Patrick O’Donovan, T.D., an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Tá draíocht ar leith ag baint le hAchaidh Chéide agus téann sé i bhfeidhm go mór orainn gur aimsigh seandálaithe áitiúla an séadchomhartha Clochaoise is fairsinge ar domhan. Tá an oiread sin foghlamtha againn faoin láthair ó osclaíodh an tIonad Cuairteoirí seo, a bhfuil duaiseanna buaite aige, den chéad uair i 1993 agus tabharfaidh an taispeántas nua mar aon leis an turas treoraithe deis dúinn an taighde nua seo a roinnt le cuairteoirí ionas go mbeidh siad ábalta tuiscint níos fearr a bheith acu ar ár n-oidhreacht agus go mbeadh níos mó measa acu air dá réir.”
Dúirt Malcolm Noonan T.D, an tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin:
“Tabharfaidh an taispeántas spreagúil, nua-aimseartha, nuashonraithe seo cuairteoirí siar sa stair chun ceann de na séadchomharthaí is sine in Éirinn a fheiceáil ar bhealach úrnua.Tugann na páirceanna réamhstairiúla, na tithe agus na tuamaí léargas dúinn ar na feirmeoirí Neoiliteacha a thosaigh ag saothrú na talún in Éirinn den chéad uair. Bhí an séadchomhartha i bhfolach faoin bportach ar feadh na mílte bliain, ach anois tá léargas samhlaíoch lán le beocht tugtha ar na fir agus na mná a chuaigh i bhfeidhm ar thírdhreach na hÉireann agus a thóg na séadchomharthaí is luaithe atá againn chomh maith le bheith suas chun dáta ó thaobh taighde seandálaíochta. Tá fíorthábhacht idirnáisiúnta ag baint leis an tírdhreach ar leith Éireannach seo agus molaim gach duine a ghlac páirt sa togra chun ómós cuí a thabhairt do cheann de na Séadchomharthaí Náisiúnta is tábhachtaí atá faoi chúram an Stáit.”
Dúirt Paul Kelly, POF, Fáilte Éireann:
“Tá an-áthas orm a bheith anseo i Maigh Eo inniu le haghaidh oscailt oifigiúil Ionad nua Cuairteoirí Achaidh Chéide. De bharr infheistíochta i nithe suaithinseacha a léiríonn saibhreas oidhreachta na hÉireann, bíonn cúiseanna nua, uathúla ag cuairteoirí le teacht go hÉirinn agus tá fostaíocht á cruthú ag an am céanna i gceantair thuaithe agus i mbailte na hÉireann. Tá neart ábhar spéise nádúrtha agus oidhreachta i Maigh Eo agus tá Fáilte Éireann ag comhoibriú le lucht tionscail agus páirtithe leasmhara ar roinnt príomhthionscadail a chuirfidh dlús le tarraingteacht an cheantair seo do chuairteoirí ón tír seo agus ó thíortha thar lear. Ina measc seo, tá Pointe Sár-Radhairc Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag Ceann Dhún Phádraig (Dún Briste), forbairtí suntasacha ar Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine, Baile Chruaich, infheistíocht Baile Cinn Scríbe i mBéal an Mhuirthead, agus anois an t-eispéireas nua oideachais agus tumthach seo ag Achaidh Cheide. I gcomhpháirtíocht straitéiseach le hOifig na nOibreacha Poiblí agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, cuireadh an tionscadal seo i gcrích ar bhealach inbhuanaithe chun a chinntiú go gcaomhnófar an láithreán tábhachtach stairiúil seo do na glúnta atá le teacht agus is pointe spéisiúil, spreagúil eile é seo do chuairteoirí le haimsiú ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.”
Thíos i bhfolach faoin mbrat portaigh, tá Achaidh Chéide ar an séadchomhartha Clochaoise is fairsinge ar domhan. Is “tírdhreach iontaisithe” é, mar a dúirt an file Seamus Heaney sa dán “Belderg”, páirceanna le ballaí cloiche, tithe cónaithe agus séadchomharthaí meigiliteacha. Níl aon áit eile ar domhan a bhfuil a leithéid d’fhianaise ann faoin gcaoi a ndearna na chéad fheirmeoirí an talamh a shaothrú; is ag Achaidh Chéide amháin a bheadh cuairteoirí ábalta léargas uathúil a fháil ar an sofaisticiúlacht a bhain le saothrú na talún mar a rinne na feirmeoirí Neoiliteacha beagnach 6,000 bliain ó shin.
CRÍOCH
Beidh grianghraif ón seoladh ar fáil ó Michael McLaughlin Photography (info@michaelmclaughlinstudios.com). Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie.
Lean muid ar Twitter @opwireland
Aimsigh muid ar Facebook @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí d’Eagarthóirí
- * Táthar ag súil go dtiocfaidh 7,500 cuairteoir breise in aghaidh na bliana mar thoradh ar an infheistíocht ar láihreán Achaidh Chéide faoi Bhliain 5.
- 38,000 - líon na gcuairteoirí a bhfuiltear ag súil leo i mBliain 5.
- Táthar ag súil go nginfidh an infheistíocht ioncam turasóireachta breise de €935,000 thar 5 bliana agus go dtacóidh sé le 152 post breise.
**Miondealú ar an infheistíocht
Fáilte Éireann :€1,128,750
Oifig na nOibreacha Poiblí: €929,730
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta: €550,000
Oifig na nOibreacha Poiblí & Achaidh Chéide
Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí cúram do thuairim is 1,000 séadchomhartha agus réadmhaoin stairiúil i 768 láthair ar fud na hÉireann. Tá raon leathan i gceist, ar nós, tuamaí pasáiste Neoiliteacha, séipéil agus caisleáin mheánaoiseacha agus tithe mainéir ó ré Eilíse, tithe móra Palladiacha, páirceanna agus gairdíní agus dúnfoirt chuimhneacháin. Mar chaomhnóirí ar a lán de na láithreáin oidhreachta is aitheanta in Éirinn, is é an ról atá againn ná nasc a chruthú idir an t-am atá thart, an lá atá inniu ann agus an todhchaí trí dheis a thabhairt do níos mó daoine tuiscint a fháil ar an saibhreas, an éagsúlacht agus an inspioráid atá inár n-oidhreacht.
Insíonn Ionad Cuairteoirí Achaidh Chéide scéal na lonnaíochta ársa seo, a shíneann ar feadh na mílte faoi bhratphortach chósta Thuaidh Mhaigh Eo, agus déantar iarracht tuiscint a fháil ar na daoine a mhair agus a d’oibrigh anseo na mílte bliain ó shin. Dearadh an foirgneamh féin, a bhfuil an iliomad duaiseanna bainte amach aige, timpeall ar chrann giúise 4,500 bliain d'aois, agus osclaíodh é den chéad uair i 1993. Tá sé suite in aice le cuid de na foirmíochtaí carraige is suntasaí in Éirinn. Cabhróidh ardán féachana atá ar imeall na haille 110-méadar ar airde, leat lán na súl a bhaint as an tírdhreach aoibhinn a bhainfeadh an anáil díot, agus má bhíonn an aimsir ró-gharbh, beidh tú ábalta an tírdhreach a fheiceáil chomh maith céanna tríd an díon leathanradhairc gloine.
Le linn na dturas treoraithe ar na cosáin tríd an bportach, tugtar cuairteoirí ar thuras thart ar cheann de na páirceanna le ballaí cloiche, clós tí agus cró ainmhithe, agus léirítear an teicníc shimplí a úsáideadh chun na páirceanna a mhapáil agus foghlaim faoin tírdhreach féin, nach bhfuil a leithéid le fáil in áit ar bith eile ach sa cheantar seo.
Fáilte Éireann
Is é an ról atá ag Fáilte Éireann ná tacú le fás inbhuanaithe fadtéarmach na tairbhe geilleagair, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil a dhéanann an turasóireacht d’Éirinn. Tá turasóireacht ríthábhachtach don gheilleagar náisiúnta agus d'fhorbairt réigiúnach agus d'fhostaíocht. Roimh an gcoróinvíreas, ghin an earnáil ioncam de €7.5 billiún in aghaidh na bliana agus thacaigh sí le 260,000 post ar fud na tíre, ag cur €1.7 billiún leis an Státchiste.
Oibrímid i gcomhpháirtíocht leis an Rialtas, gníomhaireachtaí Stáit, Údaráis Áitiúla, grúpaí ionadaíocha agus lucht tionscail, chun turasóireacht a fhorbairt ar fud na hÉireann trí phleananna agus líonraí forbartha ceann scríbe a chruthú, trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar, i ngníomhaíochtaí, in ionaid spéisiúla do chuairteoirí agus i bhféilte. Cuireann Fáilte Éireann eolas ar fáil do thomhaltóirí agus do cheannaitheoirí, chomh maith le meantóireacht, tacaíochtaí gnó agus cláir oiliúna agus ardáin do cheannaitheoirí chun cabhrú le gnólachtaí turasóireachta fás agus dul i mbonn nuálaíochta.
Ina theannta sin, tacaíonn Fáilte Éireann le Turasóireacht Ghnó, ag bainistiú tairiscintí chun comhdhálacha, cruinnithe agus imeachtaí eile a mhealladh go hÉirinn.
Táimid freagrach freisin as margaíocht saoire sa tír seo i dtaca le ceithre eispéireas branda réigiúnacha: Slí an Atlantaigh Fhiáin, Sean-Oirthear na hÉireann, Croíthailte Ceilte na hÉireann agus Baile Átha Cliath.
Seirbhísí na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Tá Achaidh Chéide ar cheann de thart ar 1000 Séadchomhartha Náisiúnta atá faoi Chúram an Stáit ar fud na hÉireann, agus atá faoi úinéireacht nó faoi chaomhnóireacht an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Oibríonn Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na Roinne go dlúth le hOifig na nOibreacha Poiblí chun cosaint agus cúram na séadchomharthaí seo a chinntiú do na glúnta atá le teacht. Tá Achaidh Chéide ar cheann de na séadchomharthaí seandálaíochta is iomráití ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá beagnach 100 séadchomhartha faoi Chúram an Stáit ar feadh chósta an Atlantaigh in Éirinn, agus cuireann an turasóireacht oidhreachta shuaitheanta, atá ar fáil do chuairteoirí a thagann go hÉirinn, leis an mbuntáiste geilleagair.