Iniúchadh chun slí a fháíl le bithéagsúlacht Ghairdíní Garrán Anna a chosaint
- Foilsithe: 26 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) Patrick O’Donovan, T.D., ag díriú aird ar obair leanúnach na heagraíochta ag Gairdíní Garrán Anna le linn Sheachtain na Bithéagsúlachta.
Tá OOP ag obair le bliain anuas chun feabhas a chur ar bhainistíocht na bithéagsúlachta trí iniúchtaí suíomhsonracha a fhorbairt ag deich láthair ar fud na tíre.
Bhí Gairdíní Garrán Anna i measc na láithreacha ar a ndearnadh na hiniúchtaí; beidh na hiniúchtaí mar bhonn eolais do thosaíochtaí bithéagsúlachta ag na láithreáin do na blianta atá le teacht.
Ó thaobh na bithéagsúlachta de, tá an t-eastát suntasach mar gheall ar an Abha Bheag a shreabhann thuaidh theas trí na tailte agus atá cosanta faoi Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta na hAbhann Móire (Corcaigh/Port Láirge), agus tá dhá Limistéar Oidhreachta Nádúrtha molta (pNHAs) ar theorainn an láithreáin ó thuaidh ag Gleann na hAbha Bige (laistíos de Dhún ar Aill) agus ó theas ag Gleann na hAbha Bige (Baile Chaisleáin an Róistigh).
Leagtar amach i mbearta feabhsúcháin sa tuarascáil bealaí inar féidir gnáthóga agus fána áitiúla a chosaint agus a fheabhsú agus ag an am céanna leanúint le húsáid an láithreáin mar theach stairiúil agus gairdíní, mar thaitneamhacht phoiblí agus mar fheirm oibre. Ina measc seo tá:
- Staidéar agus bearta chun iasc na hAbha Bige a chosaint (le déanamh le comhairle ó IFI)
- Móinéar tuilemhá a bhainistiú lena n-áirítear gearradh níos luaithe ó am go chéile chun éagsúlacht plandaí a mhéadú agus ceannas Airgead Luachra a laghdú agus an talamh féarach a chosaint ar speicis ionraitheacha.
Dúirt an tAire O’Donovan
“Tá sé ríthábhachtach bithéagsúlacht a chosaint chun cobhsaíocht éiceolaíoch a chothabháil, chun tacú le folláine an duine agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Anuas air sin, tá an fhreagracht eiticiúil orainn an bhithéagsúlacht a chosaint le féachaint chuige go gcaomhnófar an domhan nádúrtha do na glúine atá le teacht. Tabharfaidh tiomsú na n-iniúchtaí seo léargas iontach ar stádas na bithéagsúlachta ag cuid de na suíomhanna is íocónacha atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí. Cuimsíonn na hiniúchtaí seo corpas oibre críochnúil cuimsitheach agus léiríonn siad tiomantas OOP maidir le bithéagsúlacht a chur chun cinn agus a fheabhsú ar ár láithreáin oidhreachta. Cuirfidh siad tuilleadh eolais ar fáil faoin mbithéagsúlacht a chosaint mar chomhlánú ar an sár-obair atá ar bun le blianta fada anuas maidir le cosaint na bithéagsúlachta ag láithreáin ar fud na tíre.”
Déantar na hiniúchtaí mar thionscnamh faoi Straitéis Ghníomhaíochta Bithéagsúlachta an OOP, a seoladh anuraidh.
Ina Straitéis Ghníomhaíochta Bithéagsúlachta, tá 48 gníomh sonrach sainaitheanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí faoi cúig théama a dtabharfaidh sé fúthu chun bithéagsúlacht a leabú i ngach réimse dá chúram oibre.
Tá OOP ar cheann de roinnt comhlachtaí rialtais a oibríonn chun tacú le seachadadh na Straitéise Náisiúnta Bithéagsúlachta.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Eastát stairiúil 190 acra é Garrán Anna atá suite in aice le Baile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí. Tá 30 acra de ghairdíní cáiliúla ann. Tá an t-eastát suite os cionn na hAbha Bige i dtírdhreach ina bhfuil coillearnach, abhainn agus gleann a chuirfeadh an dán eipiciúil The Fairie Queen le Edmund Spenser i gcuimhne duit, dán a scríobhadh i gCaisleán Chill Cholmáin in aice láimhe. Is é an Garraí Daingean an chuid is sine de na gairdíní. Leagadh an garraí amach ar dtús san ochtú haois déag, agus tá cuid de na róslabhrais is luaithe a tugadh isteach go hÉirinn i nGairdín na Coillearnaí. Tugadh go Corcaigh Thuaidh iad nuair a d’urraigh Richard Arthur Grove Annesley, a fuair an t-eastát le hoidhreacht in 1892, turais cuardaithe plandaí go luath san fhichiú haois in Oirthear agus in Oirdheisceart na hÁise. Ba eisean féin, freisin, a bhain leas as na haillte aolchloiche a sholáthraíonn dálaí Meánmhara chomh maith leis na pócaí d’ithir neodrach agus aigéadach chun gairdín cois abhann coimhthíoch, fo-thrópaiceach a chruthú istigh i lár dufair bambú, gunnera, geathar buí agus príomúla Himiléach.
Baile Shéamac an t-ainm a bhí ar Gharrán Anna nuair a cuireadh tús leis an tógáil seo go luath sa seachtú haois déag agus ba le muintir Grove é. Nuair a pósadh an banoidhre Mary Grove agus Francis Charles Annesley, an 1ú hIarla Annesley níos déanaí, i 1766, tugadh ‘Garrán Anna’ ar an eastát agus d’fhan sé i dteaghlach Annesley go dtí gur bhronn Jane agus Patrick Grove Annesley ar an Stát é go déanach in 2015, le searmanas aistrithe speisialta a reáchtáladh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath leis an Aire OOP Simon Harris ag an am i mí Eanáir 2016.
Pleanáil do chuairt ar Gharrán Anna ar heritageireland.ie/placestovisit.
Gheofar liosta imeachtaí Sheachtain na Bithéagsúlachta atá á n-óstáíl ar fud na tíre ag láithreáin OOP ag www.heritageireland.ie.