English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Láithreacha Íocónacha Oidhreachta Éireann ar an Scáileán: Foilsíonn OPW Treoir um Scannánú ag Láithreacha Stairiúla chun Deiseanna Áitiúla a Chothú

> “Bhí sé thar a bheith luachmhar oibriú le hOifig na nOibreacha Poiblí in Éirinn. Tá radharcra drámatúil ar fáil ag na láithreacha stairiúla seo agus táid thar a bheith oiriúnach um scannánú. Próiseas éasca tairbheach a bhí ann agus táim ag súil le hoibriú leo arís amach anseo.”– Ridley Scott, Stiúrthóir The Last Duel (2021)

Inniu (1 Márta), sheol Patrick O’Donovan T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), i dteannta le Gráinne Humphreys, Stiúrthóir, Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath, Heritage Ireland on Screen: A Guide to Filming at Ireland’s Historic Locations ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, áit a bhí mar shuíomh ag iliomad scannán, náisiúnta agus idirnáisiúnta, thar na blianta. Is treoir praiticiúil é seo le haghaidh lucht déanta scannán gur mian leo scannáin a dhéanamh in Éirinn. Léiríonn sé áilleacht ár n-oidhreachta chultúrtha agus an mortas atá againn na háiteanna neamhchoitianta seo is geal linn a roinnt leis an saol níos leithne. Tabharfaidh Airí an treoir seo leo ar fud an domhain agus iad ag taisteal chuig breis agus 30 áit thar lear ag cothú leas na hÉireann ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana.

Dúirt an tAire O’Donovan:

> “Tá thart faoi 1,000 séadchomhartha agus áitreabh stairiúil i 768 suíomh ar fud Éireann faoi chúram OPW – tuamaí pasáiste Neoiliteacha, caisleáin agus eaglaisí meánaoiseacha, tithe mainéir Éilíseacha, tithe móra Pallaidiacha, páirceanna, garraíthe agus dúin. Tá áit suntasach ag na séadchomharthaí agus áitribh íocónacha faoin ár gcúram i saol bailte agus pobal ar fud Éireann, agus spreagann siad an turasóireacht agus forbairt eacnamaíoch réigiúnda.

> San am céanna, baineann tábhacht leo maidir leis an samhlaíocht roinnte sin againn a thrasnaíonn teorainneacha tíreolaíochta, tríd an ealaíon, an litríocht, an ceol agus an scannán. Mar chúramóirí na seoda sárluachmhara seo, is é an ról atá againn ná droichead a thógáil a nascann an t-am atá caite, an t-am i láthair agus an todhchaí amach anseo agus a cheanglaíonn daoine le saibhreas, éagsúlacht agus inspioráid na hoidhreachta againn.”

Is fada siar a théann cúrsaí scannán in Éirinn. Taispeánadh pictiúir reatha anseo den chéad uair in 1896. Cúpla mí ina dhiaidh sin, bhí ceamaradóirí deartháireacha Lumière i mbun scannánaíochta anseo. Ó shin i leith, tá tarraingt ag lucht déanta scannán ar Éirinn, mar gheall ar éagsúlacht álainn an radharcra, aeráid bhog a éascaíonn scannánú ar feadh na bliana, an cumas cruthaíoch a mhaireann anseo agus thar gach ní eile, stair 5,000 míle bliain ó Bhrú na Bóinne go Cuan Bheanntraí.

Is maith a chuimhníonn an Stiúrthóir Neil Jordan ar a sheal ag obair i dteannta OPW ar an scannán ina raibh Liam Neeson páirteach:

> “Le linn scannánú Michael Collins thug Oifig na nOibreacha Poiblí rochtain ar iliomad láthair stairiúil – mar shampla, Na Ceithre Chúirteanna, Faiche an Choláiste agus ar ndóigh Caisleán Bhaile Átha Cliath, áit atá thar a bheith suntasach maidir le stair na linne sin.”

Mar chuid den mhisean againn, tugann OPW cead isteach ar na suíomhanna atá faoin ár gcúram do lucht déanta scannán as gach áit; oibrímid le haonaid scannán chun na caighdeáin is airde a choinneáil maidir le sábháilteacht, ionracas agus barántúlacht. Áirítear ar na scannáin cháiliúla a deineadh ag láithreacha OPW leithéidí The Italian Job, Barry Lyndon, Star Wars: The Force Awakens agus The Green Knight. Leis an treoir seo, bonneagar den scoth agus stiúideonna iontacha iarléirithe, beidh sé níos éasca ná riamh scannáin a dhéanamh in Éirinn.

CRÍOCH

Tá grianghraif ar fáil ó Naoise Culhane Photography ag naoise@naoiseculhane.com nó déan teagmháil le pressoffice@opw.ie.

Chun cóip bhog de Heritage Ireland on Screen: A Guide to Filming at Ireland’s Historic Locations at Dublin Castle, seol ríomhphost chuig pressoffice@opw.ie.

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

Bhí luach $21.4 billion in 2021 ar thaispeáint scannán ar fud an domhain, de réir thaighde ó Gower Street Analytics. Léirigh Fís Éireann gur caitheadh an méid is mó riamh, €500 milliún, in Éirinn in 2021 ar scannáin, drámaí teilifíse, scannáin faisnéise agus beochaintí a dhéanamh. Ba mhó é seo faoi 40% ar chaiteachas 2019 de €358 milliún. Tacaíonn an earnáil le 12,000 post áitiúil agus táthar ag súil le méadú mór air sin sa bhliain atá romhainn. Lárnach chun an dul ar aghaidh seo a choimeád ar bun tá iomaíochas Éireann um aonaid idirnáisiúnta a tharraingt, deiseanna maoinithe agus scéimeanna forbartha ag Fís Éireann agus tacú díreach an Rialtais.

Um breis eolais, féach: Screen Ireland