English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Liosta le háireamh de réaltaí móra ar sheó Other Voices in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin

Is é Ionad an Bhlascaoid an cúlra an tseachtain seo don léiriú is déanaí sa chomhpháirtíocht idir Other Voices agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP).

Tá an t-ionad cuairteoirí i nDún Chaoin, gar do bhaile spioradálta Other Voices sa Daingean in Iarthar Chiarraí, á bhainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus leanann sé Caisleán Deasmhumhan, Teach Bhaile an Chaisleáin agus Caisleán na Cathrach ó thaobh stáitse a sholáthar don tsraith is déanaí de chuid Other Voices, ANAM: Songs for Hearts and Minds.

Ar an bhfógra do cheolchoirm Chiarraí oíche Déardaoin ag 8pm tá Ye Vagabonds, Sam Amidon, Cormac Begley, Gerry O’Beirne, Muireann Nic Amhlaoibh & Billy Mag Fhloinn.

Bígí i dteannta MayKay ó 8pm agus muid ag ceiliúradh athbheochan cheol tíre na hÉireann agus ag tabhairt ómóis do thraidisiúin áitiúla le roinnt seiteanna beo do-dhearmadta in Ionad an Bhlascaoid, i nDún Chaoin, Ciarraí Thiar.

Le radhairc iontacha ar chósta fiáin an Atlantaigh agus ar na hoileáin ag pointe leath bealaigh de Shlí Cheann Sléibhe, is ionad spéisiúil oidhreachta agus cultúir/músaem é Ionad an Bhlascaoid, a thugann ómós don phobal ar leith a bhí ina gcónaí ar an mBlascaod Mór iargúlta go dtí gur fhág siad an t-oileán i 1953.

Osclaíodh Ionad an Bhlascaoid arís anuraidh tar éis athchóiriú mór. Tá €2.9 milliún infheistithe ag Fáilte Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta san Ionad le chéile.

Áiríodh leis an tionscadal claochlú iomlán ar thaispeántais an Ionaid chun athinsint bharántúil, shamhlaíoch a dhéanamh ar scéal na mBlascaodaí, a n-oidhreacht shaibhir agus a litríocht, a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leis.

Léireofar an eipeasóid seo de ANAM ar fud an domhain trí ardáin YouTube agus Facebook Other Voices agus Oifig na nOibreacha Poiblí.

Dúirt Rosemary Collier, Ceann OOP ar Sheirbhísí Oidhreachta agus Tionscadail Chaiptil:

>“Tá an-áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht le Other Voices chun tallann ceoil na linne seo a chur ar taispeáint anseo in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin. Insítear in Ionad an Bhlascaoid streachailt phobal an oileáin le bheith beo, scéal a dteanga agus a gcultúr, agus an oidhreacht iontach liteartha a d’fhág siad ina ndiaidh – clasaicí ar nós An tOileánach, Fiche Bliain ag Fás agus Peig. Táimid ag cur an tírdhreach saibhir agus éagsúil cultúrtha sa réigiúin seo chun cinn trí Other Voices a óstáil agus tá OOP bródúil as tacú leis.” Tabharfaidh sé an tIonad chuig lucht féachana nua ar fud an domhain freisin, agus tá súil againn go spreagfar iad chun cuairt a thabhairt orthu amach anseo agus an t-eispéireas barántúil a chuireann an tIonad ar fáil a bhlaiseadh.”

ANAM: Songs for Hearts and Minds arna thacú go fial ag OOP agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Dúirt Philip King as Other Voices:

>“Is mór an sásamh a bheith i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun ceol beo ó rogha mhór de na healaíontóirí is iontaí in Éirinn a thabhairt isteach sna foirgnimh iontacha agus sna seomraí áille seo, ionas gur féidir le daoine ar fud an domhain iad a chloisteáil agus a fheiceáil.” Tá fuaim agus mothú den tslí a mhothaímid mar Éireannaigh i láthair na huaire le brath sna hamhráin agus sna foinn ó na n-ealaíontóirí cruthaitheacha seo, a fhaigheann inspioráid agus saibhriú ó na seantraidisiúin...traidisiúin a tháinig ann agus a cothaíodh i hallaí agus gailearaithe leis na céadta bliain.”

Beidh blas den seomra beag ceoil ar na léirithe seo in Ionad an Bhlascaoid - i suíomh comhaimseartha an uair seo, do lucht éisteachta náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Déanfar an tsraith a shruthú ar fud an domhain gach Déardaoin de Bhealtaine ag 8pm trí YouTube and Facebook. Gheofar sonraí iomlána agus an sceideal sruthaithe ag othervoices.ie.

Ar chaill tú aon cheann de sheónna Anam? Féach siar orthu ar YouTube.

Gheofar eolas breise ag pressoffice@opw.ie má tá ceist agat nó más mian leat agallamh a shocrú le hurlabhraí.


Nótaí

Seo liosta iomlán na gCeolchoirmeacha a Shruthófar Beo:

8pm Déardaoin 4 Bealtaine | Teach Bhaile an Chaisleáin, Cill Dara

Ceoltóirí: Anna Mieke & Ezra Williams

8pm Déardaoin 11 Bealtaine | Caisleán Dheasmhumhan, Luimneach

Ceoltóirí: Nell Mescal, God Knows & Kingfishr

8pm Déardaoin 18 Bealtaine | Caisleán na Cathrach, Tiobraid Árann

Ceoltóirí: Lisa Hannigan, Gemma Hayes & Paul Noonan

8pm Déardaoin 25 Bealtaine | Blasket Centre - Ionad an Bhlascaoid

Ye Vagabonds, Sam Amidon, Cormac Begley, Muireann Nic Amhlaoibh,

Billy Mag Fhloinn & Gerry O'Beirne

Daoibhse a chaill aon cheann de na léirithe roimhe seo is féidir iad a fheiceáil ar feadh tréimhse teoranta ama ag na naisc seo a leanas:

Castletown House - Anna Mieke & Ezra Williams

Desmond Castle - Nell Mescal, God Knows & Kingfishr

Cahir Castle - Lisa Hannigan, Paul Noonan and Gemma Hayes