Loitiméireacht ag Cnoc na Teamhrach cáinte (ag Airí)
- Foilsithe: 10 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an-díomá ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus ar Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (NMS) sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta mar gheall ar an loitiméireacht ar an Lia Fáil ar Chnoc na Teamhrach. Sé an graifítí ar an ngallán an loitiméireacht is déanaí ar an séadchomhartha náisiúnta seo, atá inrochtana ag an bpobal i gcónaí. Tá an loitiméireacht cáinte ag Airí Patrick O’Donovan agus Malcolm Noonan.
Dúirt Patrick O’Donovan, TD, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Is uafásach agus incháinte é an loitiméireacht seo ar ár n-oidhreacht náisiúnta. Tá gníomhartha dá leithéid ag dul i líonmhaire agus is cúis imní é sin. Le 5,500 anuas, tá láthair thábhachtach searmanais anseo atá lonnaithe i gcroílár staire na hÉireann, áit chónaithe Ard-Ríthe Éireann a bhfuil tarraingt ann ag na mílte cuairteoirí gach bliain. Tugaim gealltanas do mhuintir na háite agus don phobal i gcoitinne go bhfuil obair ar bun i gcomhar le Seirbhís na Séádchomharthaí Náisiúnta chun an chloch a ghlanadh agus cóir cheart a chur air.”
Tar éis do OPW agus NMS scrúdú a dhéanamh, socraíodh ar ghlanadh le huisce te agus gal. Bhain an obair seo an chuid is mó den phéint ach tá iarsmaí ann go fóill. Déanfaidh OPW measúnú ar staid na cloiche, féachaint an gá glanadh breise a dhéanamh agus aird ar an séadchomhartha náisiúnta a chosaint.
Dúirt Malcolm Noonan TD, Aire Stáit um Oidhreacht sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta:
“Cáinim go géar an loitiméireacht seo ar Shéadchomhartha Náisiúnta, a bhfuil gean ag an oiread sin daoine air. Sa Phlean um Bainistiú Caomhnaithe do Chnoc na Teamhrach a foilsíodh le déanaí, tá sraith cuspóirí agus bearta atá dírithe ar Chnoc na Teamhrach a chosaint. Beidh muid diongbháilte le lucht OPW um a chinntiú go ndéanfar é sin, ionas go mbeidh an oidhreacht iontach againn faoi chosaint agus ar oscailt don phobal. Tá OPW agus NMS ag obair leis An Garda Síochána chun an gníomh seo gan chiall a imscrúdú.”
Sheol OPW agus NMS feachtas dhá bhliain ó shin chun leochaileacht na hoidhreachta seandálaíochta a léiriú agus treoir a thabhairt maidir le cabhair ón bpobal chun é a chosaint. Athsheolfar an feachtas Protect our Past ar na meáin shóisialta go luath de réir mar a bheidh líon na gcuairteoirí ag méadú le teacht na laethanta fada.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Tá Cnoc na Teamhrach ar cheann de na láithreacha seandálaíochta agus cultúrtha is tábhachtaí in Éirinn, a bhfuil suntas idirnáisiúnta ag baint leis. Tá 61 séadchomhartha aitheanta ar thalamh an Stáit ann, ón Aois Neoiliteach, an Chré-Umhaois, an Iarannaois agus an tréimhse mheánaoiseach. Bhí sé in úsáid le fada mar áit adhlactha, suíomh reiligiúin, láthair searmanas ríoga agus láthair chatha. Meastar go bhfuil seandálaíocht ann go fóill nach bhfuil tuiscint ná léirmhíniú déanta fós air.
Tuigtear gur ag Cnoc na Teamhrach a bhí an ríogacht is tábhachtaí in Éirinn ón séú haois AD. D’éiligh ríthe ar fud Éireann an teideal ‘Rí Teamhrach’ ach, ón 11ú haois ar aghaidh, tháinig an teideal ‘Rí Éireann’ ina áit de réir a chéile.
Dá bhrí seo, áit speisialta is ea Cnoc na Teamhrach agus luach mór ag mórán air, muintir na háite san áireamh. Mar gheall ar a shuntas seandálaíochta agus staire tagann cuairteoirí ann ó chian is ó chóngar. Is tábhachtach freisin iad na radhairc forleathana, an éiceolaíocht agus na tailte féaraigh ann.
Tá Cnoc na Teamhrach ar Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda Éireann 2022 – ceann amháin de Láithreacha Ríoga Éireann, a chuimsíonn freisin Dún Ailinne, Co. Chill Dara; Cnoc Uisnigh, Co. na hIarmhí; Carraig Phádraig, Co. Thiobraid Árann; Ráth Cruachan, Co. Ros Comáin; agus Eamhain Mhacha, Co. Ard Mhacha.