Meirge na dTírghráthóirí : Meirge Bheairic Portobello agus Cuimhneachán na Marbh
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ar 17 Bealtaine 1922, ghaibh saighdiúirí ó Arm Náisiúnta an tSaorstáit seilbh ar Bheairic Portobello. Ócáid shiombalach a bhí anseo; bhí sé seo ar cheann de na beairic ba dhéanaí a géilleadh do Rialtas an tSaorstáit faoi théarmaí an Chonartha Angla-Éireannach, a síníodh i mí na Nollag roimhe sin. Ag máirseáil dóibh trí na geataí, d’ardaigh na saighdiúirí meirge trídhathach, ‘Meirge na dTírghráthóirí’, ar a raibh greanta ainmneacha naonúir dá gcuid comrádaithe a maraíodh le linn Chogadh na Saoirse. Tuairiscíodh san Freeman’s Journal gur chuir an meirge seo ‘blas suntasach tréine’ ar mháirseáil na saighdiúirí go Portobello. Taispeánadh arís é ar 25 Bealtaine, nuair a mháirseáil díorma saighdiúirí an Airm Náisiúnta ó Bheairic Portobello Barracks trí shráidanna Bhaile Átha Cliath chuig Aifreann Cuimhneacháin in Eaglais Agata ar Shráid Liam Thuaidh. Ceiliúradh an tAifreann seo i gcuimhne orthusan a cailleadh san ionsaí ar Theach an Chustaim an bhliain roimhe sin.

Tharla na searmanais seo ag Arm an tSaorstáit i mBeairic Portobello agus Eaglais Agata tráth a raibh teannais ag géarú i ngluaiseacht na saoirse, a bhí scoilte mar gheall ar shíniú an Chonartha Angla-Éireannach an bhliain roimhe sin. De dheasca na scoilte seo, thosaigh Cogadh Cathartha i ndeireadh mhí Mheithimh. Ar an drochuair, níorbh fhada go raibh ainmneacha breise le cur ar an meirge. Ar 16 Meán Fómhair 1922, mharaigh fórsaí Frith-Chonartha Tom Kehoe ag Carraig an Phúca, Co. Chorcaí. Ar 6 Marta 1923, mharaigh buama bobghaiste Michael Dunne ag Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí. Is ionadh nár shaighdiúr Saorstáit é an t-ainm deireanach a cuireadh ar an meirge. Poblachtánach frith-Chonartha é Denis ‘Dinny’ Lacey; mharaigh saighdiúirí Saorstáit é ar 18 Feabhra 1923, ag Baile Dháith, Co. Thobraid Árann agus é ag iarraidh éaló ó ghabháil. Ní fios cén fáth ar cuireadh a ainm ar an meirge; seans gur comhartha athmhuintearais a bhí ann nó aitheantas ar chailliúint ar an dá thaobh sa Chogadh Cathartha.
Inniu, thug an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan T.D., cuairt ar Phríosún Chill Mhaighneann chun an t-iarsma suntasach seo a fheiceáil agus é ag dul ar taispeáint phoibí sa Mhúsaem den chéad uair. Is é seo cothrom an lae ar ceiliúradh an tAifreann cuimhneacháin in Eaglais Agata ar 25 Bealtaine 1922 mar chomóradh ar Chath Theach an Chustaim. San taispeántas freisin tá déantáin agus litreacha a bhaineann leis na fir atá ainmnithe ar an meirge, chomh maith le héide bannadóra Airm an tSaorstáit, a chaith John Bermingham tráth ar géilleadh Beairic Sceach an Bhacaigh i mí Feabhra 1922.
Grianghraif ón ócáid ar fáil ó Photocall Ireland info@photocallireland.com
Um breis eolais faoin taispeántas agus na déantáin, déan teagmháil le Brian Crowley, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ag 01-4535984 nó brian.crowley@opw.ie
Nótaí
• Beidh an taispeántas ar siúl ó 25 Bealtaine 2022 go 10 Eanáir 2023.
• Tá Músaem Phríosún Chill Mhaighneann suite ag Bóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8, ar oscailt ó 9.30am go 5.30pm gach lá (cead isteach deireanach 5pm).
• Anuraidh d’oscail OPW Ionad Cuairteoirí athchóirithe ag Teach an Chustaim, áit a léirítear stair an fhoirgnimh agus na cathrach ó na 1700idí anuas go dtí an lá inniu. Taispeántar conas a ghlac an foirgneamh páirt in imeachtaí suntasacha staire, ó Éirí Amach na Cásca 1916 go bunú Saorstát Éireann agus Poblacht na hÉireann. Is é croílár an scéil dóiteán Theach an Chustaim i mí Bealtaine 1921, a léirítear trí léirmhíniúchán closamhairc agus déantáin a bhaineann leis an tréimhse.
• Tá Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim ar oscailt gach lá ó 10:00 go 17:30.