Mike Bunn – ‘The Man Who Sees Through Shadows’ Léiríonn OPW iardhearcadh grianghrafadóireachta ag Gailearaí Farmleigh
- Foilsithe: 17 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ó Shamhain 2022 go dtí Márta 2023, léireoidh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) taispeántas mórscála iardhearcach (130 íomhá) ó shaothar forleathan éagsúil an ghriangrafadóra cáiliúil Mike Bunn.
Léireofar an taispeántas ag Gailearaí Farmleigh, Teach Farmleigh, i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath. I dteannta an taispeántais beidh clár cainteanna agus ceardlanna ar shaothar Bunn, a chuimsíonn breis agus caoga bliain de stair chultúrtha, faisin, tírdhreacha agus comhshaoil na hÉireann. Tá saorchead isteach sa Ghailearaí, atá ar oscailt do chách gach lá seachas an Luan.
Tá ardmheas ar Mike Bunn le fada an lá mar an grianghrafadóir is mó cáil agus cumas in Éirinn na linne seo. Is aige atá súil leathan ábhair, cumas cumadóireachta agus tuiscint mionsonraithe ar shoilsiú agus coibhnis solais. Tá réimse leathan disciplíní grianghrafadóireachta clúdaithe aige le blianta fada anuas agus níl a shárú le fáil maidir le tuiscint ar stair, scileanna agus ceardaíocht an mheáin seo.
Tosaíonn an taispeántas le pictiúir a léiríonn atmaisféar Bhaile Átha Cliath sna 1970idí, tráth a tháinig sé chun na cathrach den chéad uair. Ansin feictear na feachtais réadacha faisin ón stiúideo i Scabhat na Corónach a bhunaigh sé lena bhean chéile Betty Wall. Ar an drochuair cailleadh Betty le linn na glasála in Aibreán 2020.
Léiríonn na grianghraif seo an ceangal fada a bhí aige le dearthóirí cáiliúla faisin na linne seo in Éirinn - ina measc, John Rocha, Michael Mortell, Louise Kennedy, Philip Treacy agus Lainey Keogh.
Taispeántar freisin grianghrafadóireacht comhshaoil agus tírdhreacha, a foilsíodh i gcuid mhór leabhar, chomh maith leis na portráidí a rinne sé i 1980 le haghaidh an leabhair The Writers, foilsithe ag O’Brien Press. I measc 44 údar agus file tá portráidí Brendan Kennelly, Frank Ormsby, John Montague, Neil Jordan, Mary Lavin agus William Trevor.
Bhí spéis ag Bunn riamh sa bhia, agus i 1991 díoladh breis agus 40,000 cóip den leabhar uaidh Ireland - The Taste and The Country, idir eagráin i mBéarla, Gearmáinis agus Fraincis; bhuaigh sé ceann de Ghradaim Ealaíne Sunday Independent dá thoradh seo.
I 1996, roghnaíodh Bunn mar ionadaí Éireann ag Túr Cruinn Copenhagen, tráth a raibh an chathair sin mar Phríomhchathair Cultúrtha na hEorpa. Taispeánadh ansin íomhánna óna bhailiúchán Acid House Techno atá le feiceáil freisin ag Farmleigh. Feictear chomh maith portráidí cumhachtacha de lucht na dtreibheanna dúchais ón bhliain 2000, tionscadal ar son an Shubinak Trust sna Sléibhte Hindukush.
I 2012, léirigh Bunn an taispeántas Talking Heads – portráidí dubh-is-bán de scríbhneoirí, filí agus ealaíontóirí sa Ghailearaí Solstice, An Uaimh. I 2013, thóg sé grianghraif fhaisin ar Sceilg Mhichíl den chéad uair, le haghaidh an iriseáin Juno. I 2014, léirigh sé Volto Angelo – taispeántas i gceannáras Cumann Seoirseach Éireann, Sráid Liam Theas i mBaile Átha Cliath.
Le linn a shaoil, bhí spéis ar leith ag Bunn i dtírdhreach na hÉireann agus go háirithe sna portaigh. Ar taispeáint tá pictiúir de na portaigh i gcongár a thí cónaithe i gCo. Shligigh, chomh maith le pictiúir a bhaineann le saothar W.B. Yeats agus a nasc leis an gcontae sin.
Ar an iomlán, léiríonn an taispeántas seo réimse forleathan éagsúil íomhánna ardchaighdeáin, a thaifeadann cuid de na himeachtaí cultúrtha is tábhachtaí in Éirinn le caoga bliain anuas. Léirítear freisin spéis agus dúil leanúnach Bunn san áilleacht agus sa mhistéir atá i dtimpeallacht nádúrtha ár dtíre; tugtar dúinn fís ar leith, ó ealaíontóir tréitheach, ar na seoda fiáine is dual dúinn a chosaint agus chomóradh.
Um breis eolais agus grianghraif, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Mike Bunn - The Man Who Sees Through Shadows ag Gailearaí Farmleigh ón Aoine 18 Samhain 2022 go dtí an Domhnach 19 Márta 2023.
Uaireanta Oscailte:
Máirt go Satharn agus Laethanta Saoire Phoiblí 10am – 5pm.
Dúnta um lóin 1pm – 2pm.
Tá saorchead isteach ag Gailearaí Farmleigh.
Cainteanna & Ceardlanna (Booking through https://www.eventbrite.ie/)
- Dé Sathairn 3 Nollaig 2022, 3pm, saor - Turas Taispeántais
- Dé Sathairn 14 Eanáir 2023, 3pm. €6 – Caint ó Anthony Hobbs, iar-Cheann Roinne NCAD
- Dé Sathairn 11 Feabhra 2023, 3pm, €12 – Ceardlann Phortráide
- Dé Sathairn 11 Márta 2023, 3pm, €12 – Ceardlann ‘Plein Air’