English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Moladh ag dul d’fhoireann Oifig na nOibreacha Poiblí mar “Aingil Chuideachta” ó Ambasáid na Gearmáine in Éirinn

Bronnadh Gradam Crógachta ar bheirt threoraí de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí tar éis idirghabháil tarrthála ar shuíomh oidhreachta stairiúil Chluain Mhic Nóis.

Thug Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) onóir do bheirt dá foireann treoraithe inniu (Dé Céadaoin, 4 Deireadh Fómhair) ag searmanas speisialta ag Teach Farmleigh, i bPáirc an Fhionnuisce.

Bhí na baill foirne, Anthony Ryan agus Aidan Doyle, ar dualgas ag láithreán oidhreachta Chluain Mhic Nóis i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite nuair a thit turasóir Gearmánach as a sheasamh agus ní rabhthas in ann aon chiall a bhaint as.

Bhí an Gearmánach, Michael Schaper, atá 72 bliain d’aois, agus a bhean Heinke, ar saoire tiomána timpeall na hÉireann in 2022, nuair a thug siad cuairt ar Chluain Mhic Nóis ar an 16 Meán Fómhair.

Ag labhairt dó ag an searmanas bronnta, rinne an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., comhghairdeas le Anthony agus le hAidan as an nguaim a choimeád siad orthu féin agus iad ag déileáil leis an gcás.

Táimid an-bhródúil in Oifig na nOibreacha Poiblí as an tslí ar ghníomhaigh Anthony agus Aidan nuair a bhí an tUasal Schaper i sáinn bás nó beatha. Léiríonn sé arís cé chomh hádhmhar agus atá muid san eagraíocht go bhfuil foireann ar chaighdeán chomh hard sin againn, a bhfuil an taithí agus an cumas acu i bhfad níos mó ná a bhfuil de dhualgas orthu a dhéanamh nuair is gá.”

Bhronn Leascheannaire Mhisean na Gearmáine in Éirinn, an tUasal Christian Resch, a ngradam ar Anthony agus Aidan ag an ócáid i Farmleigh inniu.

Dúirt an tUasal Christian Resch:

“Táimid thar a bheith buíoch d’Aidan agus d’Antoine as a n-idirghabháil sciobtha sa chás tromchúiseach seo. An lá sin, ba iad na haingil chuideachta a bhí ag saoránach Gearmánach, a ghríosaigh iad féin chun beatha an Uasail Schaper a shábháil. Thar ceann ambasáid na Gearmáine, ba mhaith linn buíochas a ghabháil le foireann Oifig na nOibreacha Poiblí as a gcúnamh agus as an mbainistíocht éifeachtach ar an eachtra.”

Bhí na gradaim mar chuid de shearmanas ina dtugtar aitheantas do sheirbhís fhada bhaill foirne OOP ar fud na heagraíochta. Bunaíodh an searmanas chun a chinntiú go n-aithnítear baill foirne a bhfuil blianta fada seirbhíse acu agus go dtugtar luach saothair beag dóibh as a dtiomantas don stát.

Dúirt Maurice Buckley, Cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí:

“Táimid an-bhródúil as ár bhfoireann as a ngníomh tapa sa chás criticiúil seo. D'éirigh leo an tUasal Schaper a thabhairt slán as sáinn, CPR a thabhairt dó agus an dífhibrileoir ar an láthair a úsáid, rud a shábháil a bheo ar deireadh thiar. Aeraistríodh an tUasal Schaper chuig an ospidéal ón láithreán agus, tar éis obráide, tá áthas orm a rá go bhfuil sé ar ais chuige féin go hiomlán.”

D’fhill an tUasal Schaper agus a bhean Heinke ar shuíomh Chluain Mhic Nóis an samhradh seo agus bhí an-áthas orthu bualadh leis an bhfoireann ghaisciúil a shábháil beatha Mhichíl de bhrí gur ghníomhaigh siad go tapa.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá breis is 2000 ball foirne againn i mbun raon leathan gníomhaíochtaí in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Tugann an OOP faoi obair a mbíonn tionchar dearfach aige ar chodanna móra den daonra agus a mhaireann do na glúine atá le teacht. Ba mhaith liom féin aitheantas a thabhairt do chaighdeán agus do shaineolas na foirne atá anseo inniu. Tá sé díreach chomh tábhachtach don eagraíocht is atá sé daoibhse, in bhur nduine is bhur nduine, go mbailímid le chéile chun aitheantas a thabhairt do na blianta seirbhíse atá tugtha agaibh. Is soláthraí ríthábhachtach seirbhísí riachtanacha don Rialtas agus don cháiníocóir é an OOP agus tá meas uirthi dá réir.”


Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works