Nochtann an tAire O’Donovan cosanta tuile nua €30.5m, a chosnaíonn breis agus 390 teach agus gnó i nDroichead na Bandan
- Foilsithe: 9 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Feabhra 2023
Inniu nochtaigh an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, plaic mar chríoch ar Scéim nua Cosanta Tuile Dhroichead na Bandan – infheistíocht €30.5 milliún. Tugann an scéim cosaint ó thuilte ar 392 réadmhaoin sa cheantar; is tithe cónaithe 177 díobh.
I dteannta an Aire ag an searmanas i Halla an Bhaile, Droichead na Bandan, bhí an Comhairleoir Danny Collins, Méara Chontae Chorcaí, Tim Lucey, POF Chomhairle Contae Chorcaí, oifigigh OPW, comhairleoirí innealtóireachta Byrne Looby, conraitheoirí Will Bros Ltd agus baill den phobal.
Sholáthraigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an scéim nua cosanta tuile i gcomhar le Comhairle Contae Chorcaí. Cuimsíonn sé feabhsú ar shruthlú abhann, ballaí cosanta, droichead nua do choisithe, claífoirt cosanta tuile, stáisiúin phumpála agus athchúrsáil seirbhísí. Tá dearadh na scéime comhtháite le hoibreacha chun an ríocht phoiblí a fheabhsú. I bPlás Seán Hales tá pábháil, suíocháin, plandáil agus soilsiú nua. Sa chaoi seo, tugann an scéim cosaint tuile agus feabhsú ar an ríocht phoiblí araon.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm a bheith anseo inniu chun Scéim nua Cosanta Tuile Dhroichead na Bandan a nochtadh, a chosnóidh breis agus 390 teach cónaithe agus gnóthas sa cheantar áitiúil. Tá aithne agam ar Dhroichead na Bandan agus ceangail chlainne agam sa bhaile. Chonaic mé in aice láimhe an scrios a d’imir tuilte ar Dhroichead na Bandan le deich mbliana anuas. Tuigim cad a chiallaíonn an scéim seo do mhuintir an bhaile. Labhair mé le daoine a chaill tithe agus gnóthais i dtuilte le déanaí agus tuigim an díobháil a tharla don phobal de dheasca na dtuilte seo. Is tosaíocht agamsa mar Aire OPW na hoibreacha cosanta tuile i nDroichead na Bandan agus tá áthas orm mar gheall ar na teaghlaigh agus gnóthais áitiúil anseo. Tugtar aird maidir leis an athrú aeráide nuair atá scéimeanna uile cosanta tuile OPW á bpleanáil agus á dtógáil. Mar sin, cinntítear cosaint ar bhailte agus ar phobail ar fud na tíre maidir le tionchair ón athrú aeráide.”
Dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Danny Collins:
“Ní féidir tionchar pearsanta agus eacnamaíoch tuilte a thomhas ina iomláine, agus tá sé fíor-riachtanach dúinn oibriú as láimh a chéile chun réitigh a chruthú le haghaidh bailte agus sráidbhailte an chontae. I gcomhar le Comhairle Contae Chorcaí, d’oibrigh Oifig na nOibreacha Poiblí chun scéimeanna cosanta tuile a chruthú ar fud an chontae in áiteanna a scriosadh de dheasca tuilte. Anois, in Iarthar Chorcaí amháin, cosnófar 1000 réadmhaoin ó thionchair tuilte. I gcomhar le OPW, tá Comhairle Contae Chorcaí ag féachaint chuig an chosaint seo a sholáthar chuig cuid mhór áit eile.”
Tá Scéim Cosanta Tuile Dhroichead na Bandan ar cheann den 150 scéim bhreise sa Phlean Forbartha Náisiúnta faoin infheistíocht Rialtais €1.3 billiún um bainistiú priacal tuile in Éirinn.
Tá sé ar cheann de na hocht scéim cosanta tuile OPW a críochnaíodh i gContae Chorcaí; críochnaíodh breis agus 50 scéim ar fud na tíre. In iomlán, cosnaíonn na scéimeanna seo breis agus 11,900 tithe cónaithe agus gnóthas ar fud na tíre, rud a choisceann suas le €1.9 billiún de dhíobháil agus caillteanais dhóchúla de dheasca tuilte.
Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey:
“Léiríonn Scéim Cosanta Tuile Dhroichead na Bandan an tionchar dearfach forleathan a imríonn na scéimeanna seo ar phobail áitiúla. Níl áireamh ar na sochair ó bhuairt agus strus a laghdú do dhaoine a bhfuil cónaí orthu in áiteanna atá faoi phriacal tuile. Anois, beidh 392 úinéir réadmhaoine i nDroichead na Bandan cinnte go bhfuil siad slán ó ócáidí suntasacha tuile, rud a thagann le hathbheochan an bhaile. Is fianaise bhreise ar fhorbairt an bhaile iad Plean Feabhsaithe na Ríochta Poiblí agus tionscadail um Thaisteal Gníomhach. De thoradh infheistíochta poiblí de bhreis agus €50m le blianta beaga anuas, aithneofar Droichead na Bandan mar bhaile ardionaid, áit ar leith a chothaíonn soghluaisteacht do chách, a neartaíonn an oidhreacht nádúrtha agus tógtha agus a threisíonn ról an bhaile mar gheata Iarthair Chorcaí.”
CRÍOCH
Grianghraif ar fáil ó Michael O’Sullivan Photography ag (info@mosullivanphoto.com) – um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works