Nochtann an tAire O’Donovan cosanta tuile nua a chosnaíonn breis agus 200 réadmhaoin i nDúglas
- Foilsithe: 28 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Feabhra 2023
Inniu nochtaigh an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, plaic mar chríoch ar Scéim nua Cosanta Tuile Dhúglais, infheistíocht shuntasach sa cheantar. Cinntíonn an scéim chríochnaithe seo go bhfuil cosaint ó thuilte ar 221 réadmhaoin san abhantrach tuile.
I dteannta an Aire ag an searmanas bhí an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath TD, Ard-Mhéara Chorcaí, an Comhairleoir Deirdre Forde, POF Chomhairle Cathrach Chorcaí, Ann Doherty, comhairleoirí innealtóireachta Arup agus conraitheoirí McGinty O’Shea.

Sholáthraigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an scéim nua cosanta tuile i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí. Cuimsíonn sé bearta feabhsaithe um shruthlú ar Shruthán an Bhaile Bhric agus ar Shruthán na Gráinsí, chomh maith le ballaí tuile, claífoirt agus trasnaithe abhann athshuite. Tá dearadh na scéime comhtháite le hoibreacha chun an ríocht phoiblí a fheabhsú. I bPáirc Phobail na Dúglaise tá cosáin, suíocháin agus plandáil nua. Cruthaíodh plás nua ar Shráid na hEaglaise i nDúglas. Sa chaoi seo, tugann an scéim cosaint tuile agus feabhsú ar an ríocht phoiblí araon.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm a bheith anseo inniu chun Scéim nua Cosanta Tuile na Dúglaise a nochtadh, a chosnóidh breis agus 200 teach cónaithe agus gnóthas sa cheantar. Agus sinn ag tabhairt aghaidh ar an athrú aeráide amach anseo, tabharfaidh na hoibreacha cosanta tuile seo cosaint leanúnach do cheantar na Dúglaise. De thoradh na n-oibreacha seo ní bheidh buairt ná imní ar mhuintir na Dúglaise gach uair a thiteann báisteach. Tá tábhacht ar leith le hoiriúnú aeráide nuair atá scéimeanna cosanta tuile á bpleanáil, chun a chinntiú go mbeidh áiteanna mar Dhúglas faoi chosaint ar thionchair ón athrú aeráide amach anseo”.
Dúirt an tAire McGrath:
“Tá áthas orm a bheith anseo agus Scéim nua Cosanta Tuile na Dúglaise á críochnú. Tugann an Scéim suaimhneas aigne do theaghlaigh agus do ghnóthais i nDúglas go bhfuil cosaintí substaintiúil in áit anois chun priacal dóchúil tuile amach anseo a mhaolú. Tá an Scéim seo ar cheann den 151 scéim sa Phlean Forbartha Náisiúnta faoin infheistíocht Rialtais €1.3 billiún um bainistiú priacal tuile in Éirinn.”
Tá Scéim Cosanta Tuile na Dúglaise ar cheann de na hocht scéim cosanta tuile OPW a críochnaíodh i gContae Chorcaí; críochnaíodh breis agus 50 scéim ar fud na tíre. In iomlán, cosnaíonn na scéimeanna seo breis agus 11,900 tithe cónaithe agus gnóthas ar fud na tíre, rud a choisceann suas le €1.9 billiún de dhíobháil agus caillteanais dhóchúla de dheasca tuilte.
Dúirt an tArd-Mhéara Deirdre Forde:
“Mar Ard-Mhéara Chorcaí a chónaíonn i nDúglas tá áthas orm go bhfuil Scéim Cosanta Tuile na Dúglaise críochnaithe anois. Tabharfar cosaint don phobal a bhfuil géarghá leis mar gheall ar thionchair an iliomad ócáidí tuile le blianta anuas, agus go háirithe an tuile mhór a tharla ar 28 Meitheamh 2012. Tabharfaidh an scéim seo, maoinithe ag OPW, suaimhneas aigne don phobal áitiúil agus neartóidh sé stádas na Dúglaise mar áit chónaithe, oibre, infheistíochta agus saoil shóisialta.”
Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Cathrach Chorcaí, Ann Doherty:
“Fáiltím roimh chríochnú na Scéime seo mar bheart atá fíor-riachtanach maidir le tithe agus gnóthais i gceantar na Dúglaise a chosaint. Beart lárnach is ea é i measc iliomad scéimeanna cosanta tuile atá á bpleanáil do chathair Chorcaí ins na blianta atá romhainn. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí ag súil go mór le hoibriú le OPW agus le páirtithe lárnacha chun na scéimeanna cosanta tuile seo a sholáthar do mhuintir Chathair Chorcaí”.
Grianghraif ar fáil ó Michael O’Sullivan Photography ag (info@mosullivanphoto.com) – um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works