English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nollaig sa Chaisleán

Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) fáiltiú roimh chuairteoirí ón lá seo amach chuig Nollaig sa Chaisleán, margadh draíochta Nollag i gclóis stairiúla Chaisleán Bhaile Átha Cliath, á chur i láthair i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tar éis gabháil dóibh in airde Chnoc an Chaisleáin, tiocfaidh cuairteoirí ar mhargadh Nollag amuigh faoin aer i gcroílár na cathrach. Tá bronntanais do chách ar fáil anseo – ceardaíocht mhaisithe, ilchineál bronntanas, ceol, cead isteach ar na Seomraí Stáit agus an Beithilín Napóileach sa Séipéal Ríoga.

Dúirt Patrick O’Donovan T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:

“Tá áthas orainn dul i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath arís i mbliana chun Nollaig sa Chaisleán a chur ar fáil. Is deis í an margadh Nollag seo chun dul amach le do mhuintir agus le do chairde chun taitneamh a bhaint as traidisiúin na Nollag i dtimpeallacht álainn stairiúil Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Idir an margadh Nollag agus imeachtaí eile na féile sa chathair i mbliana, tá spiorad na Nollag go flúirseach san aer agus tá súil agam go mbainfidh gnóthais i lár na cathrach agus an earnáil turasóireachta araon ón líon breise cuairteoirí.”

Dúirt Caroline Conroy, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath:

“Tréimhse iontach is ea an Nollaig agus baineann draíocht speisialta le Nollaig sa Chaisleán. Tá rud éigin do chách anseo i mbliana; tá níos mó steallaí, ceol beo agus tarraingtí eile ann ná riamh agus atmaisféir ar leith le sonrú. Molaim do gach duine ar fud Bhaile Átha Cliath teacht anseo agus spiorad na Nollag a bhraith sa mhargadh draíochta seo.”

Le linn mhargadh na Nollaig, beidh clós uachtarach an Chaisleáin mar a bheadh sráidbhaile Alpach ina mbeidh ceardaíocht mhaisiúil, bronntanais den scoth agus ‘nua gach bia’ ar díol ag na steallaí Alpacha. Féadfaidh cuairteoirí bia ó thairgeoirí dúchais a chaitheamh agus a cheannach, atmaisféir na féile a bhlaiseadh agus taitneamh a bhaint as an aonach siamsaíochta ar an sean nós. Um thráthnóna, beidh ceol den uile chineál le cloisteáil, idir córacha spreagúla agus rac-cheol féiltiúil.

Um dheireadh seachtaine, 10-11 agus 17-18 Nollaig, beidh margadh ceardaíochta i Halla an Chaisleáin i dTúr Bedford, áit a mbeidh ceardaíocht agus dearadh Éireannach den scoth ar díol.

Beidh Nollaig sa Chaisleán ar siúl ó 8 go 21 Nollaig, 14:00 go 21:30 gach lá. Tá cead isteach saor in aisce le ticéid réamháirithe. Tá na ticéid ar líne ar fad curtha in áirithe, ach tá sé ar intinn líon beag daoine gan réamháirithint a scaoileadh isteach de réir mar is féidir gach lá.

Um breis eolais, féach www.dublincastle.ie.. Is fearr cártaí seachas airgead tirim ar an láthair.


Grianghraif den oscailt ar fáil ó Mark Stedman Photography (stedman.photos@gmail.com) nó déan teagmháil le pressoffice@opw.ie.

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works