Oíche Chultúir 2023 á ceiliúradh ag Oifig na nOibreacha Poiblí
- Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Beidh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ina rannpháirtí bródúil arís in Oíche Chultúir an Aoine seo, 22 Meán Fómhair.
Beidh roinnt suíomhanna agus foirgneamh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar fud na tíre ag óstáil raon éagsúil imeachtaí don cheiliúradh bliantúil cultúir uile-oileáin an Aoine seo.
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as cuid de na réadmhaoine stairiúla is cáiliúla in Éirinn, 780 séadchomhartha náisiúnta agus os cionn 2,000 acra de thalamh páirce, a chothabháil agus a chur i láthair.
Tá clár leathan imeachtaí ar siúl ag láithreáin Oifig na nOibreacha Poiblí a thabharfaidh deis do dhaoine ceangal a dhéanamh lena stair agus a n-oidhreacht chomh maith le taitneamh a bhaint as tráthnóna spraíúil ag fiosrú na seoda atá ar leac an dorais acu.
Dúirt Rosemary Collier, Ceann Seirbhísí Oidhreachta agus Seachadadh Oibreacha Caipitiúla: “Tá Oifig na nOibreacha Poiblí bródúil as a ról i gcaomhnú agus i gcur i láthair go leor deilbhíní dár n-oidhreacht náisiúnta agus tá an-áthas orainn páirt a ghlacadh arís in Oíche Chultúir.
Tugann tionscnaimh mar seo deis do dhaoine ó gach cúlra ceangal a dhéanamh lenár n-oidhreacht náisiúnta agus cothaíonn siad mothú aontacht agus muintearas.
Tugann sé deis freisin d’Oifig na nOibreacha Poiblí ceangal agus teagmháil a dhéanamh le lucht féachana nua nár bhain leas as na seoda seo atá ar leac an dorais acu roimhe seo.”
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar fáil tá dioscó rothair don teaghlach ar fad i bPáirc an Fhionnuisce; ceolchoirm ag tarraingt ar thraidisiún bardach na hÉireann agus ar ár gceol clasaiceach i gCaisleán Urumhan, Cora Droma Rúisc; bain sult as foinn mhóréilimh an 16ú agus an 17ú haois mar aon le turas timpeall seomraí na tréimhse i gCaisleán Chill Chainnigh.
Le haghaidh sonraí iomlána an chláir arna óstáil ag OOP tabhair cuairt ar an nasc seo a leanas https://culturenight.ie/office-of-public-works-on-culture-night/
Mar gheall ar cheisteanna acmhainne, tá áirithint riachtanach do roinnt imeachtaí.
Nótaí
Áirítear le cuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl ag láithreáin Oifig na nOibreacha Poiblí:
- Gabh ar seachrán trí chéanna na Life go Teach an Chustaim, ceann de na héachtaí ailtireachta is suntasaí in Éirinn, agus comhair 14 cinn de dhéithe na habhann ar thaobh amuigh cáiliúil an fhoirgnimh. Is é an t-ailtire James Gandon a dhear san ochtú haois déag, agus ba shuíomh lárnach é Teach an Chustaim i stair na hÉireann, ón uair a úsáideadh é le linn Éirí Amach 1916, go dtí gur dódh é i 1921. Tugtar cuireadh do rannpháirtithe Turas i nDiaidh Am Oifige ar Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim, chun tuilleadh a fháil amach faoi thábhacht pholaitiúil an fhoirgnimh agus faoi na himeachtaí ríthábhachtacha a tharla ann, a d’athraigh cúrsa stair na hÉireann. https://culturenight.ie/event/after-hours-tour-custom-house-visitor-centre/
- Tugann Caisleán Chill Chainnigh cuireadh do dhíograiseoirí ceoil agus staire go dtí Thuas staighre, Thíos staighre: Foinn Choitianta an 16ú agus an 17ú hAois. Faigh amach na hamhráin agus na séiseanna a thaitin le cónaitheoirí sa phríomhtheach agus i gceathrúna na searbhóntaí i dteach mór. Is iad Laoise O’Brien (fliúiteanna Sasanacha) agus Malcolm Proud (cruitchlár) a bheidh i gceannas ar an oíche, ceoltóirí den scoth a sheinn le Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann, Resurgam agus Sestina. Beidh an taibhiú ar siúl ag amanna difriúla, ionas gur féidir le haíonna cuairt a thabhairt ar sheomraí seantréimhse eile an chaisleáin. https://culturenight.ie/event/upstairs-downstairs-popular-tunes-of-the-16th-and-17th-centuries/
- Is séipéal ársa é Aireagal Ghallarais atá suite i dtírdhreach Leithinis an Daingin le breis agus 1000 bliain. In imeacht speisialta a eagraítear d’Oíche Chultúir 2023, cuirfear beocht ann le taispeántas solais faoin aer leis an ealaíontóir, Tim Schmelzer. Déanfar beochan spreagúil ina mbeidh solais, dathanna agus fuaimeanna a theilgean ar Aireagal Ghallarais gach 10 nóiméad.
Tá iompar ó bhaile an Daingin ar fáil trí sheirbhís tointeála speisialta a eagraíonn Naisc Áitiúla. Fágfaidh an tointeálaí stad bus na Cé os comhair Supervalu sa Daingean ag 8:15pm agus rithfidh sé gach 20-25 nóiméad.
Tá an ócáid seo á cur ar fáil le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Comhairle Contae Chiarraí, Éalain na Gaeltachta, Oifig na nOibreacha Poiblí, Naisc Áitiúla agus Ionad Cuairteoirí Aireagal Ghallarais.
https://culturenight.ie/event/late-at-gallarus-oratory-imeacht-deanach-i-ngallarus/
- Do dhuine ar bith a bhfuil suim acu san ailtireacht nuachlasaiceach, tugann an Turas ar Casino Marino i mBaile Átha Cliath deis do chuairteoirí iniúchadh a dhéanamh ar cheann de na tithe is fearr dá chineál san Eoraip. Tógadh é go déanach san ochtú haois déag mar theach pléisiúir don 1ú Iarla Charlemont, James Caulfield, agus tá an foirgneamh maisithe le hobair chloiche snoite casta agus dealbhóireacht atá i gcuimhne ar theampall Gréagach. Léirítear déithe Rómhánacha ar nós Apollo, Bacchus agus Véineas, chomh maith le prócaí ornáideacha agus cinn daimh ar thaobh amuigh iontach an cheasaíneo. Tabhair cuairt ar 16.30, 18.00 nó 19.00 chun tuilleadh a fháil amach. https://culturenight.ie/event/casino-marino-tour/