Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Oibreacha athchóirithe ag Geataí Bhaile an Ásaigh & Chaisleán Cnucha, Páirc an Fhionnuisce, agus dúnadh bóithre

Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí go ndúnfar na geataí ag Baile an Ásaigh agus Caisleán Cnucha um athchrochadh na ngeataí stairiúla. Ní féidir a thuilleadh oibre a dhéanamh gan na geataí a dhúnadh chun sábháilteacht an lucht oibre a chinntiú agus chun an obair a chríochnú chomh tapa agus is féidir. Imeasc na n-oibreacha atá le déanamh tá:

• Obair chloiche ar na galláin

• Na mullaird eibhir a shuíomh, laistigh agus lasmuigh de na geataí

• Na geataí stairiúla athchóirithe a athchrochadh

Chun an obair seo a dhéanamh ar bhonn sábháilte, dúnfar na geataí le linn na dtréimhsí seo a leanas:

Geata Bhaile an Ásaigh – Ó 11.00 pm Dé Máirt 29 Meitheamh go 7.00 am Dé Luain 5 Iúil

Geata Chaisleán Cnucha – Ó 7.00 am Dé Céadaoin 7 Iúil go 7.00 am Dé Luain 12 Iúil

Féadfaidh coisithe dul trí na geataí i gcónaí le linn na hoibre. Má chríochnaítear na hoibreacha níos túisce, athosclófar na geataí chomh luath agus is féidir.

-CRÍOCH-

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat