‘Oidhreacht Bheo’ ag breis agus 80 Imeacht OPW don tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ceol traidisiúnta, sníomh ciseán, scriosadh dragan & litriú Lochlannach ar chlár tumthach & idirghníomhach OPW ag breis agus 70 suíomh ar fud na tíre
D’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an clár imeachtaí is mó riamh don tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta i mbliana, ón Satharn 12 Lúnasa go dtí an Domhnach 20 Lúnasa 2023. Beidh breis agus 80 imeacht poiblí – ceardlanna, cainteanna, turais, taispeántais agus eispéiris – ag breis agus 70 suíomh stairiúil OPW ar fud na tíre.
Is tionscnamh í an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ag an Chomhairle Oidhreachta, a cheiliúrann oidhreacht nádúrtha, tógtha agus cultúrtha na hÉireann.
Is é téama cheiliúradh na bliana seo ná ‘Oidhreacht Bheo’, a chuimsíonn na gnásanna, na traidisiúin agus an t-eolas a théann ó ghlúin go glúin agus a shainíonn cultúr agus stair phobail le himeacht aimsire.
Tá gnásanna, traidisiúin agus ceirdeanna na hÉireann i gcroílár cláir OPW le breis agus 80 imeacht do chách idir óg agus aosta araon.
Dúirt Rosemary Collier, Ceann Oidhreachta agus Feidhmiú Oibreacha Chaipitil OPW:
“Táimidne ag OPW ag saothrú ó cheann ceann na bliana chun an oidhreacht thógtha agus nádúrtha atá faoi chúram againn a chosaint, agus chun láithreacha taibhsiúla, turais thumthacha agus eispéiris a sholáthar don phobal – tithe móra stairiúla, gairdíní, caisleáin agus eastáit. I mbliana, táimid ag féachaint ar chúl na láithreacha sin ar shaibhreas gnásanna, ceirdeanna agus traidisiúin a ríomhann scéal oidhreachta ársa na hÉireann. Is téama cumhachtach ón Chomhairle Oidhreachta é ‘oidhreacht bheo’ chun gnéithe beo na hoidhreachta a chur os ár comhair. Tá rud éigin do chách sa tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ag breis agus 70 suíomh oidhreachta OPW ar fud na tíre. Tá súil againn go mbainfidh an pobal tairbhe as an réimse imeachtaí – cruthaitheach, tumthach agus samhlaíoch – atá ar fáil do chách.”
I measc na mBuaicphointí ar Chlár Imeachtaí OPW tá:
- Bain triail as sníomh ciseán – ag sciathán na stáblaí, Teach Bhaile an Chaisleáin, Cill Droichid, ceardlann phraiticiúil ag baint feidhm as saileacha ón eastát féin.
- Cuardaigh seancheirdeanna – Caisleán Phort Omna, Co. na Gaillimhe - ‘Traidisiúin Ghaelacha Ceardaíochta agus Foghlama’ – cuir eolas ar an saol a chaith na baird, na scríobhaithe, na gaibhne dubha agus tuilleadh.
- Aimsigh atmaisféar an bhálseomra sa Phríosún - beidh an grúpa áitiúil Triúr ar stáitse i dTúr Raghnaill, Port Láirge le poirt agus ríleanna traidisiúnta san fhoirgneamh cathartha is sine in Éirinn, áit a bhí ina phríosún tráth.
- ‘Fricassé Froig agus Cláiréid Fuar’ – Turas ar Chaisleán Ráth Fhearnáin agus radharc ar bhiachláir Henry Loftus ón 18ú haois, bunaithe ar fhianaise nua seandálaíochta.
- Lean lorg lucht bainte móna – Turas dar teideal ‘The Humble Sod’ ag Teach Bhaile an Chaisleáin, Cill Droichid, chun seanchleachtais bainte móna le sleán a fheiceáil.
Le haghaidh Leanaí & Teaghlaigh:
- Cuir aithne ar Raghnailt, Lochlannach Gaelach agus cabhraigh leis dragan a scrios, an con-riocht deireanach in Éirinn a aimsiú, agus d’ainm a litriú sa tSean Lochlainnis – cuid de ‘Sagas and Scéals’ ag Túr Raghnaill, Port Láirge.
- Cuir armúr ridire ort ag Túr Raghnaill, Port Láirge nó dearaigh suaitheantas teaghlaigh duit féin sa cheardlann Swords and Shields.
- Gléas tú féin sna stíleanna Eilíseacha agus Túdaracha sa cheardlann Castle Crafts ag Caisleán Ráth Fhearnáin – dearaigh ruff Eilíseach agus suaitheantas Túdarach róis.
- Féach an Taispeántas Boghdóireachta ag Caisleán Phort Omna.
- Aimsigh iontaisí ceilte Chaisleán Bhaile Átha Cliath le ‘Treasure Hunt for Irish Symbols’.
- Lean Cosán an tSeanchaí ag an Ionad Cuairteoirí, Rianbhealach na Coirre Léithe, An Longfort – lean lorg na síscéalta leis na síoga agus na sprideanna.
Mar a tharla cheana, beidh saorchead isteach chuig láithreacha OPW ar a mbíonn táille iontrála de ghnáth, ar an gcéad Satharn den tSeachtain Oidhreachta, 12 Lúnasa.
Tá Clár Imeachtaí OPW le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta ar fáil ag: www.heritageweek.ie agus ag Oidhreacht Éireann: heritageireland.ie .
Tá urlabhraí OPW ar fáil um agallamh ar iarratas. Déan teagmháil le pressoffice@opw.ie um breis eolais. Íomhánna le leanúint ó Mark Stedman photography ag stedman.photos@gmail.com.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works