Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí saorchead isteach ar lá oscailte Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025
- Foilsithe: 14 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 14 Iúil 2025
Inniu, d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go mbeadh saorchead isteach chuig breis agus 70 láthair oidhreachta ar an Satharn, an 16 Lúnasa, chun Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025 a cheiliúradh.
Is é téama na bliana seo ná 'Ag Iniúchadh Ár nDúchas’ agus tugtar cuireadh do chuairteoirí léargas a fháil ar an gcaoi ar cruthaíodh ár n-oidhreacht; ní struchtúir amháin atá i gceist ach na tírdhreacha agus gníomhaíochtaí cultúrtha as ar múnlaíodh muid.

Ag labhairt dó ag seoladh Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí i gCaisleán Phort Omna, dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin ‘Boxer’ Moran:
‘Tá lúcháir orainn saorchead isteach a thairiscint ar lá oscailte Sheachtain na hOidhreachta, Dé Sathairn an 16 Lúnasa. Tá breis is 70 láthair oidhreachta i gceist, agus is cinnte go mbeidh rud éigin ar fáil a mbainfidh gach duine taitneamh as.
Tá téama Sheachtain na hOidhreachta i mbliana an-fheiliúnach de bharr an réimse leathan tionscadal caomhnaithe atá curtha i gcrích ag Oifig na nOibreacha Poiblí le déanaí. Bhíothas ag súil go mór le hathoscailt Chaisleán Chúirt an Bharraigh i gCorcaigh agus i mí Aibreáin, d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí athoscailt an láithreáin seo. Rinneadh cuid mhór caomhnaithe agus feabhsúcháin ar an láthair seo agus anois, tá an daingean stairiúil seo oscailte don phobal arís, agus deis arís ag cuairteoirí cuairt a thabhairt ar cheann de na láithreáin is tarraingtí ó ré na meánaoise in Éirinn.
Tá lúcháir orainn tacú le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta chun a chinntiú go mbainfidh daoine aonaracha, grúpaí agus teaghlaigh taitneamh as an méid atá le feiceáil ag láithreáin ar fud na tíre. De bharr go mbeidh saorchead isteach ar lá amháin, beidh deis ag níos mó daoine freastal ar na himeachtaí a bheidh ar siúl”
Tabharfar deis duit a bheith cruthaitheach ag An Mhainistir Mhór. Beidh tú in ann cóip de thíleanna urláir áille ó ré na meánaoise a phéinteáil nó d’fhéadfá dul ar Thuras Crann Dineasáir ag Crannlann JFK.
Féach ar heritageireland.ie agus heritageweek.ie i gcomhair liosta iomlán d’imeachtaí 2025
Bíonn urlabhraithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil i gcomhair agallaimh ar iarratas. Déan teagmháil le do thoil le pressoffice@opw.ie chun breis eolais a fháil agus agallamh a shocrú.
Lean muid ar Twitter @opwireland
Lean muid ar Facebook @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí d’Eagarthóirí
* * Saorchead isteach chuig gach láthair ina n-íoctar táille seachas Príosíún Chill Mhaighneann agus Brú na Bóinne.
* Beidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025 ar siúl ón 16 - 24 Lúnasa.
* Féach ar heritageireland.ie agus heritageweek.ie i gcomhair liosta iomlán d’imeachtaí 2025