Oscailt oifigiúil eispéiris nua ag Ionad íocónach an Bhlascaoid i nDún Chaoin
- Foilsithe: 27 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 7 Meán Fómhair 2022
- Infheistíocht €2.9 milliún ó Fáilte Ireland, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- Ginfidh an t-eispéireas cuairteoirí €1.6m san eacnamaíocht áitiúil thar thréimhse 5 bliana
- Meallfar breis agus 12,500 cuairteoir breise thar thréimhse 5 bliana agus tacófar le 252 post breise sa cheantar
Osclaíodh eispéireas nua do chuairteoirí go hoifigiúil ag Ionad an Bhlascaoid inniu, mar thoradh ar infheistíocht €2.9 milliún ó Fáilte Ireland, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Ba iad Patrick O’Donovan, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí agus Máire Ní Shúilleabháin Uí Chíobháin, iníon leis an údar cáiliúil ón mBlascaod Muiris Ó Súilleabháin, a athoscail Ionad íocónach an Bhlascaoid i nDún Chaoin ar imeall Thiar Chorca Dhuibhne.
In aice leis an ardán féachana óna bhfuil radharcanna taibhsiúla ar na Blascaodaí, cuimsíonn an tionscadal athchóiriú iomlán ar thaispeántais an Ionaid. Tugtar athinsint shamhlaíoch ar scéal na nOileán, ar a n-oidhreacht shaibhir agus ar an litríocht a shíolraigh ann lena mbaineann suntas tábhachtach in Éirinn agus thar sáile. Is príomhtharraingt do chuairteoirí i gContae Chiarraí é Ionad an Bhlascaoid agus meastar go meallfar 63,000 cuairteoir ann i gceann 5 bliana ón oscailt.
I dteannta a chéile, tá infheistíocht €2.9 milliún déanta san Ionad ag Fáilte Ireland, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is Pointe Sár-Radhairc é ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tugann an siúlan agus an t-ardán féachana, a osclaíodh don phobal in 2020, radharcanna drámatúla ar na Blascaodaí agus ar chósta an Atlantaigh.

Tá 20 duine ag obair go díreach san Ionad nuair atá sé ar oscailt agus tacóidh sé le 250 post breise sa cheantar Gaeltachta seo.
Dúirt an tAire Turasóireachta Catherine Martin:
“Tá scéal na mBlascaodaí ina ábhar mórspéise ag daoine sa bhaile agus i gcéin. Is deis samhlaíoch agus spreagúil í an t-eispéireas athchóirithe do chuairteoirí ag Ionad an Bhlascaoid chun aithne a chur ar shaibhreacht an chultúir sin.”
Dúirt Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Tá áthas orm Ionad an Bhlascaoid anseo i nDún Chaoin a athoscailt inniu. Sampla iontach ailtireachta ann féin is ea é agus anois tá taispeántas úrnua ann a léiríonn scéal na mBlascaodaí trí eispéireas samhlaioch ilmheánach. Tugtar omós don oidhreacht suntasach chultúrtha a d’fhág muintir an Oileáin ins na leabhair inar thugadar cur síos ar an saol a bhí acu. Tugaim cuireadh do chuairteoirí teacht anseo agus an t-ionad oidhreachta agus músaem sainiúil seo a aimsiú dóibh féin. Tá léiriú ann ar an saol atá imithe agus ligtear dúinn oidhreacht mhórthábhachtach mhuintir na mBlascaodaí a choimeád beo trí aithne a chur ar an stair, an teanga agus an cultúr a chleacht siad.”
Dúirt Malcolm Noonan T.D, Aire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach:
“Tá aithne idirnáisiúnta ar na Blascaodaí agus tá siad ar na suíomhanna is suntasaí in Éirinn ó thaobh an chultúir agus na staire. Is ceart dúinn go léir eolas a chur ar scéal na nOileán agus iad siúd a chónaigh orthu; anois, a bhuiochas don pháirtíocht straitéiseach le Fáilte Ireland agus Oifig na nOibreacha Poiblí, ríomhfar an scéal sin arís agus arís eile do lucht éisteachta níos mó ná riamh.”
Dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir Forbartha Táirgí ag Fáilte Ireland:
“Nuair a dhéantar infheistíocht i dtarraingtí suntasacha a ríomhann scéal saibhir oidhreachta Éireann, cruthaítear sainchúiseanna breise do chuairteoirí teacht go hÉirinn, agus freisin cruthaítear fostaíocht faoin dtuath agus ins na bailte tuaithe. I gCorca Dhuibhne tá réimse leathan tarraingtí nádúrtha agus oidhreachta. Is cúis bhreise um chuairt a thabhairt ar Chiarraí forbairt an ionaid nua seo agus na radharcanna taibhseacha atá le feiceáil ón ardán féachana os comhair na mBlascaodaí. Is geal linn an tionscadal seo a thabhairt chun cinn faoin pháirtíocht straitéiseach againn le OPW agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta – buaicphointe spreagúil eile le haimsiú ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.”
Um breis eolais, déan teagmháil le:
Trudi McDonald, Oifigeach Cumarsáide Fáilte Ireland
0860673964 / trudi.mcdonald@failteireland.ie
Dorothea Depner, Preas-Oifigeach OPW
087 947 5552 / Dorothea.depner@opw.ie
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
Fáilte Ireland
Is é an ról atá ag Fáilte Ireland ná tacú le fás inbhuanaithe fadtéarmach na turasóireachta i saol na hÉireann – eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil. Tá an turasóireacht fíorthábhachtach maidir leis an eacnamaíocht náisiúnta, forbairt réigiúnach agus fostaíocht. Roimh an phaindéim Covid-19, ghin an earnáil ioncam €7.5billiún in aghaidh na bliana; thacaigh sé le 260,000 post ar fud na tíre agus chuir sé €1.7billiún sa Státchiste.
Táimid ag saothrú i gcomhpháirt leis an Rialtas agus le heagrais Stáit, Údaráis Áitiúla, grúpaí ionadaíocha agus tionscail, chun an turasóireacht ar fud na hÉireann a fhorbairt, le pleananna agus líonraí forbartha cheann scríbe a chruthú, agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar, imeachtaí, tarraingtí do chuairteoirí agus féiltí. Freisin soláthraíonn Fáilte Ireland léargais tomhaltóirí agus ceannaitheoirí, meantóireacht, tacú gnó, cláir oiliúna agus ardáin cheannaigh mar chabhair do ghnóthais turasóireachta um nuálaíocht agus fás.
OPW & Ionad an Bhlascaoid
Déanann OPW cúram de thart faoi 1,000 séadchomhartha agus réadmhaoin stairiúla i 768 láthair ar fud Éireann – tuamaí pasáiste Neoiliteacha, teampaill agus caisleáin mheánaoiseacha, tithe mainéir Éilíseacha, tithe móra Pallaidiacha, tailte fearann, garraithe, dúnfoirt, etc. Mar chúramóirí ar mhórán de na láithreacha oidhreachta is íocónai in Éirinn, is é an ról atá againn ná ceangail a chruthú idir an saol atá caite, an lá inniu agus an t-am atá le teacht, le daoine a nascadh leis an saibhreas, an éagsúlacht agus an inspioráid atá san oidhreacht againn.
Osclaíodh Ionad an Bhlascaoid ar dtús in 1994, de thoradh ar chomhpháirtíocht idir Fondúireacht an Bhlascaoid agus Rialtas na hÉireann. Oibríonn Oifig na nOibreacha Poiblí an tIonad agus turais chuig An Blascaod Mór. Léiríonn Ionad an Bhlascaoid saol an Oileáin – iascaireacht agus feirmeoireacht ar an gcaolchuid, traidisiúin na ndaoine, modhanna oibre agus iompair, saol an bhaile, tithíocht agus caitheamh aimsire. Taispeántar cruachás an phobail agus iad ag streachailt leis an saol, a dteanga agus a gcultúr, agus an oidhreacht iontach liteartha a mhair ina ndiaidh – sárscéalta mar An tOileánach, Fiche Bliain ag Fás agus Peig. Ríomhtar an scéal ar iliomad bealach – taispeántais, léiriúcháin idirghníomhacha, déantáin, cláir chluasamhairc agus saothair ealaíne.