Osclaíonn an tAire O’Donovan seomra ranga nua lasmuigh ag Teach agus Gailearaí na Gléibe ag tús Mhí na Bithéagsúlachta
- Foilsithe: 2 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), an tUasal Patrick O’Donovan, T.D, fáilte roimh dhaltaí spleodracha as Scoil Náisiúnta áitiúil Ghartáin, inniu [2 Bealtaine], nuair a d’oscailt sé seomra ranga nua lasmuigh ag Teach agus Gailearaí na Gléibe. Tús foirfe a bhí san imeacht don mhí ina mbeidh go leor imeachtaí ag láithreacha oidhreachta OOP ar fud na hÉireann roimh Lá Idirnáisiúnta na hÉagsúlachta Bitheolaíochta ar 22 Bealtaine.
Tabharfaidh an seomra ranga saintógtha seo do leanaí deis dóibh taithí a fháil ar na healaíona, ar an gcultúr agus ar an dúlra ar bhealach iomlánaíoch ar shuíomh oidhreachta OOP a bhí tráth ina bhaile ag an ealaíontóir clúiteach Derek Hill, a bhronn ar mhuintir na hÉireann é i 1981. Is sampla iontach é de Straitéis Ghníomhaíochta Bithéagsúlachta OOP i mbun gnímh, a thaispeánann an chaoi a gcuireann éagsúlacht trí dhearadh agus feasacht ar bhithéagsúlacht eolas ar fáil do bhainistiú ár n-oidhreachta tógtha agus ár bpáirceanna agus is féidir léi cuidiú le glúin nua seaimpíní dúlra a chruthú sa phobal.
San iomlán, tá breis agus 500 crann curtha, ar crainn dhúchasacha a bhformhór mór, agus cruthaíodh cosáin lán-inrochtana chun rochtain a cheadú ar an seomra ranga agus ar an bportach mórthimpeall.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu leis na daltaí áitiúla ó Scoil Náisiúnta Ghartáin chun an seomra ranga iontach seo a sheoladh. Ba mhaith liom foireann OOP Ghailearaí na Gléibe a mholadh as a bhfís agus a dtionscnamh cruthaitheach chun an coincheap iontach seo d’áis nua oideachais a thabhairt chun críche, lena n-áirítear timpeallacht inspioráideach a chruthú a tharraingíonn ar thábhacht chultúrtha agus ar shuíomh álainn na háite speisialta seo chun an dúlra agus an bhithéagsúlacht a thabhairt isteach sa seomra ranga.”

Beidh tionscadail spreagúla eile á gcur chun cinn ag OOP ag an láithreán chun taitneamh na gcuairteoirí a fheabhsú, lena n-áirítear cosáin agus siúlóidí nua inrochtana chomh maith le plandáil portaigh breise chun móinéar bogaigh a chruthú. Nascfaidh an cosán nua an cosán gairbhéil atá ann cheana féin cois locha leis an móinéar bláthanna fiáine. Cruthóidh sé seo siúlóid chiorclach ar fud na ngairdíní agus tabharfaidh sé deis do chuairteoirí teacht ar áiteanna nach bhfuil mórán aithne orthu i dtailte áille Theach na Gléibe.
Beidh grianghraif ón gcuairt ar fáil ó Clive Wasson Photography (info@clive.ie) nó is féidir tuilleadh eolais agus agallaimh a iarraidh ó pressoffice@opw.ie.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Tá Teach agus Gailearaí na Gléibe agus an pháirc stairiúil timpeall air faoi chúram agus faoi bhainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí ó 1981 i leith. Tá siad suite gar do Leitir Ceanainn (N92 WP70) agus mheall siad 30,000 cuairteoir in 2022 agus tá sé ar cheann de na nithe is mó a gcuireanna cuairteoirí spéis iontu i gContae Dhún na nGall.
Seasann Teach agus Gailearaí na Gléibe ar thailte fairsinge, 20 acra de ghairdíní agus de choillearnach Mhic Róibín agus 30 acra de thalamh feirme, ar imeall Loch Gartáin, in Iarthuaisceart Dhún na nGall. Tá sé suite ar bharr cnoic ag dul síos go dtí an loch, agus tá Sléibhte Dhoire Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ina chúlra iontach.
Ar feadh beagnach 30 bliain, ba é Glebe House baile an ealaíontóra Derek Hill. Bronnadh an teach agus an talamh mar bhronntanas ar mhuintir na hÉireann faoi chúram OOP i 1981. Áiríodh leis an mbronntanas freisin gach a raibh sa teach, ina measc os cionn trí chéad saothar ealaíne le healaíontóirí mór le rá ón bhfichiú haois mar Picasso, Pasmore agus Kokoschka. Tá go leor saothar ann ó ealaíontóirí Éireannacha agus Iodálacha. Ina theannta sin, tá an teach a tógadh i 1828 ar stíl na Leasríochta agus é maisithe le páipéar balla agus teicstílí William Morris chomh maith le healaín Ioslamach agus Seapánach. Tá breis agus 1,200 réad i mbailiúchán Derek Hill. Ina theannta sin, tá bailiúchán comhaimseartha de bheagnach 100 saothar ann freisin. Cuireann an Lárionad taispeántais d’amharcealaíona comhaimseartha ar siúl ó Mheitheamh go Samhain, in éineacht le clár oideachais dinimiciúil.
Is seoda cultúrtha é an Teach agus Gailearaí na Gléibe. Ní hamháin gurb é an gailearaí ealaíne comhaimseartha is sine san iarthuaisceart, ach is ionad thar a bheith tábhachtach é don chultúr agus don fhoghlaim. Tá an cumas ann bheith mar shaoráid a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige, saoráid ina nasctha an stair agus an ealaín chomhaimseartha.
Gheofar tuilleadh eolais ar conas an seomra ranga lasmuigh a chur in áirithe ó Theach agus Gailearaí na Gléibe ag 074 913 7071 nó glebegallery@opw.ie.