“Plean spreagúil um thodhchaí comhroinnte, níos cuimsithí” – seolann an tAire Patrick O’Donovan TD pleananna físeacha do Chaisleán Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 30 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Céad bliain ó ghlac Rialtas Sealadach na hÉireann seilbh ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, inniu seolfaidh an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, fís nua straitéiseach le haghaidh Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Sa Chreatphlean Straitéiseach, á choimisiúnú ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus á mhaoiniú ag Fáilte Ireland, leagtar amach fís fhadtéarmach don Chaisleán. Is aidhm don phlean rochtain a neartú, caidreamh nua comhtháite a chruthú idir an Caisleán agus an chathair, eispéireas cuairteoirí a fheabhsú agus turasóireacht a chothú.
Faoi cheannas OPW i gcomhar le Fáilte Ireland agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, léirítear sa Chreatphlean Straitéiseach seacht limistéar i dtimpeallacht an Chaisleáin chun áit Chaisleán Bhaile Átha Cliath sa chathair a athshamhlú. Is toradh é seo ó staidéar cuimsitheach ar dheiseanna agus ar dhúshláin an ionaid, a rinne Grafton Architects, mar chuid den fhoireann ildisciplíneach faoi threoir chomhairleoirí léirmhíniúcháin Bright.
Roimh an seoladh, dúirt Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit um OPW:
“Láthair ardsuntais i saol an náisiúin is ea Caisleán Bhaile Átha Cliath, maidir le cuimhne náisiúnta agus cultúrtha is geal linn go léir. Ag druidim le deireadh na bliana comórtha seo ó ghlac Rialtas na hÉireann seilbh ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, leagtar amach sa Chreatphlean Straitéiseach seo fís shoiléir do Chaisleán Bhaile Átha Cliath mar chroí na hardchathrach amach anseo. Gabhaim buíochas leis an fhoireann deartha ar fad as an saothar acu chun áit an tseanchaisleáin seo a athshamhlú i gcroílár an Stáit agus an scéil againn sa chéad bhliain atá romhainn amach. Is le muintir na hÉireann an Caisleán agus is iarracht an plean seo é a choimeád i gceartlár imeachtaí suntasacha uile san ardchathair feasta”.
Tacaíonn an Plean Straitéiseach leis na tionscadail athnuachana atá ar bun ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i Sráid San Werburgh agus Cnoc Chorcaí, rud a chinntíonn go mbeidh Caisleán Bhaile Átha Cliath suite i lár stairiúil na cathrach agus a muintir. Tá maoiniú geallta chuig Leabharlann Chester Beatty agus tá maoiniú faighte ag OPW, i gcomhar le Fáilte Ireland, chun athchóiriú a dhéanamh ar Thúr na dTaifead agus an Mol Cuairteoirí sa Chaisleán.
Ag fáiltiú roimh an Plean, dúirt an tAire Stáit um Oidhreacht, Malcolm Noonan TD:
“Is ríthábhachtach sa Roinn agamsa an ré atá imithe a chaomhnú um a roinnt leis an glúin a thiocfaidh inár ndiaidh. Osclóidh an plean seo Caisleán Bhaile Átha Cliath do mhuintir na hÉireann. Táim ag súil le forbairt an chreaitphlean ag gach céim den phróiseas”.
Is tarraingt thábhachtach é Caisleán Bhaile Átha Cliath ag cuairteoirí agus méadú trí oiread ar an líon turasóirí idir 2012 agus 2018. Thosaigh obair le déanaí ar Thúr na dTaifead mar láthair nua chun stair mheánaoiseach an Chaisleáin a léirmhíniú agus a chur i láthair.
Dúirt Mary Stack, Stiúrthóir Forbartha Tarraingtí ag Fáilte Ireland:
“Is geal le Fáilte Ireland tacú le forbairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, rud a chuirfidh le turasóireacht oidhreachta san ardchathair. Cuirfear beocht le scéal an ionaid stairiúil seo de thoradh an phlean; meallfar breis cuairteoirí ó chian is ó chóngar go Baile Átha Cliath ins na blianta atá romhainn, chun fanacht níos faide ann agus an chathair a chuardach”.
Dúirt Yvonne Farrell, Grafton Architects:
“Tá áthas orainne oibriú le OPW, i gcomhar le Fáilte Ireland, chun an Creatphlean Straitéiseach seo do Chaisleán Bhaile Átha Cliath a chur le chéile. Is aidhm don phlean bonn láidir a leagan faoi chinntithe straitéiseacha, um chur chuige soiléir maidir le forbairt inbhuanaithe ag an Chaisleán amach anseo.
Is pribhléid againn mar fhoireann gur roghnaíodh sinn chun fís don todhchaí a sholáthar don ionad seo, áit a bhfuil stair chomh saibhir sin ag baint leis, áit ar tharla an oiread sin ócáidí a bhaineann le saol sóisialta, cultúrtha, polaitiúil agus eacnamaíoch an náisiúin, agus iliomad rian den stair sin fós chomh soiléir dúinn.
Táimid ag súil le gnéithe éagsúla na físe sin a fheiceáil san am atá romhainn, chun luach cultúrtha an ionaid a chosaint agus é a oscailt do chuairteoirí agus don phobal forleathan”.
Foireann ildisciplíneach ag obair go dlúth le chéile a thug an plean chun cinn, faoi threoir Bright, comhairleoirí deartha a bhfuil taithí leathan acu sa réimse oidhreachta timpeallachta, i dteannta le Bernard Seymour Landscape Architects, seandálaí Con Manning, Laura Murtagh ó Storyline, agus Grafton Architects.
Nuair a bheidh gnéithe éagsúla den Chreatphlean Straitéiseach á bhfeidhmiú ins na blianta atá romhainn, déanfar iarratais phleanála agus comhairliúchán poiblí de réir mar is cuí.
Féadfar an Creatphlean Straitésieach iomlám a fheiceáil agus a íoslódáil anseo: Dublin Castle Strategic Framework Plan
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie. Beidh grianghraif ón ócáid ar fáil ó Maxwell Photography ( office@maxwellphotography.ie).
Um breis eolais agus grianghraif, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW)Tá Seirbhísí Oidhreachta OPW freagrach as na láithreacha oidhreachta is tábhachtaí in Éirinn. I measc 780 ionad íocónacha atá faoinár cúram tá Carraig Phádraig, Caisleal Co Thiobraid Árann agus Sceilg Mhichíl amach ó chósta Chiarraí. eritage Services is responsible for Ireland’s most important heritage sites. Tá seirbhísí do chuairteoirí at 70 ionad oidhreachta, agus déanaimid ár ndícheall chun iad a chur i láthair ar an gcuma is fearr, chun eispéireas den scoth a chruthú le haghaidh cuairteoirí ó chian is ó chóngar.
Tá foireann saineolaithe againn chun cúram a dhéanamh de na foirgnimh, na tírdhreacha agus na bailiúcháin atá faoinár stiúradh, agus iad a chur i láthair don 12 mhilliún cuairteoirí gach bliain, mar láithreacha eolais agus taitnimh. Oibrímid gach lá ionas go mbeidh muintir na hÉireann mórtasach as dlúth agus inneach na staire atá againn.
Fáilte IrelandIs é ról Fáilte Ireland ná tacú le fás inbhuanaithe fadtéarmach na turasóireachta i saol eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil na hÉireann. Tá tábhacht ar leith leis an turasóireacht maidir leis an eacnamaíocht náisiúnta, forbairt réigiúnach agus fostaíocht. Roimh Covid-19, ghin an earnáil ioncam €7.5billiún gach bliain, ag tacú le 260,000 post ar fud na tíre agus ag cur €1.7billiún isteach sa Státchiste.
Oibrímid i gcomhpháirtíocht leis an Rialtas, gníomhaireachtaí Stáit, Údaráis Áitiúla, grúpaí ionadaíocha agus lucht tionscail chun turasóireacht ar fud na hÉireann a fhorbairt, trí phleananna agus líonraí forbartha a chruthú, agus infheistíocht i mbonneagar, imeachtaí, tarraingtí do chuairteoirí agus féilte. Tugann Fáilte Ireland freisin léargais tomhaltóra agus ceannaitheora, meantóireacht, tacaithe gnó, cláir oiliúna agus ardáin cheannaitheora mar chúnamh do ghnóthais turasóireachta um nuálaíocht agus fhorbairt.
Tacaíonn Fáilte Ireland le Turasóireacht Gnó, ag obair chun mórchomhdhála, cruinnithe agus imeachtaí móra a reachtáil in Éirinn.
Táimid freagrach freisin as margaíocht saoire baile trasna na gceithre bhranda réigiúnacha: Slí an Atlantaigh Fhiáin, Oirthear Ársa Éireann, Croíthailte Ceilte Éireann agus Baile Átha Cliath.
Grafton Architects – foireann ailtireachta Éireannach de cháil dhomhanda a bunaíodh i 1978. I measc na ngradam acu tá: Foirgneamh an Domhain ag Féile Dhomhanda Ailtireachta 2008; cúram ar Biennale Ailtireachta na Veinéise 2018; Duais Pritzker 2020; agus Duais RIBA Stirling 2021. D’oibrigh siad i gcomhar le comhairleoirí innealtóireachta Arup agus Suirbhéirí Cainníochta Kerrigan Sheanon Newman (KSN) ar na moltaí uathu i gCreatphlean Straitéiseach Chaisleán Bhaile Átha Cliath.
Bernard Seymour Landscape Architects – cleachtas a bhfuil breis agus 20 bliain caite acu ag obair ar phleanáil tírdhreacha. Bhuaigh siad gradaim ón Irish Landscape Institute agus ó Fhoras Pleanála Éireann as tionscadail mar Chearnóg Sir John Roberts i bPort Láirge. Le déanaí chríochnaigh siad obair ar Ardeaglais Chríost, Baile Átha Cliath agus Plás Nano de Nógla, Corcaigh.
Con Manning – seandálaí ó 1978, agus seandálaí sinsearach ó 1986, le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, go ndeachaigh sé ar scor i 2017. Le linn an ama seo, stiúir sé tochailtí ag iliomad láthair ar fud na tíre, ina measc Oileáin Árann, Co na Gaillimhe; Carraig Phádraig, Caiseal, Co Thiobraid Árann; Cluain Mhic Nóis, Co Uíbh Fhailí; agus Caisleán Bhaile Átha Cliath.
Laura Murtagh – tá taithí deich mbliana nach mór aici ag obair ar thionscadail oidhreachta cultúrtha in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus ins na Stáit Aontaithe. Ar na tionscadail sin bhí Witness History ag Ard-Oifig an phoist, Baile Átha Cliath; Músaem Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath; agus Teach, Crannlann agus Gairdíní Fhóite i gCorcaigh.
Bright – Lonnaithe i nDún Éideann, ag dearadh eispéris oidhreachta cultúrtha, nádúrtha agus comhshaoil do chuairteoirí ó 2004. Cuimsíonn an saothar uathu pleanáil léirmhíniúcháin, straitéis bhranda agus ábhar inmheánach, grafach agus léirmhíniúcháin a dhearadh. I measc a gcuid tionscadal, áirítear ionaid do chuairteoirí, músaeim, láithreacha oidhreachta, conair lasmuigh, caiféanna agus ionaid miondiola agus tráchtála – mar shampla, Teach agus Gairdíní Chill Airne (an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra), Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara (Údarás na Gaeltachta), Músaem an Mhíle Mheánaoisigh, Cill Chainnigh (Comhairle Contae Chill Chainnigh), Seomraí Innill Droichid an Túir (Bardas Cathrach Londan).