English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Printíseachtaí Ceardaíochta OOP atá ar fáil ar fud na tíre

Deiseanna in Oifig na nOibreacha Poiblí sa tSiúinéireacht, i nGearradh Cloch agus i Saoirseacht Chloiche, Oirtheoireacht Gléasra Tógála agus Bríceadóireacht & Leagan Cloch

Ón Mhí go Mala, Cill Chainnigh, Cill Áirne agus níos faide i gcéin, tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag féachaint le raon printísigh nua a earcú i gceithre dhisciplín cheardaíochta.

Fógrófar na comórtais le héifeacht ón Luan, 18 Meán Fómhair agus fanfaidh siad ar oscailt d’iarratais ar feadh trí seachtaine go dtí 9 Deireadh Fómhair. Gheofar foirmeacha iarratais agus leabhráin eolais ar láithreán gréasáin OOP the OPW website.

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D:

“Tá an-áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí na deiseanna seo a chur ar fáil do dhaoine dul isteach inár bhfoireann agus scileanna uathúla a fhorbairt, áit a ndéanfar printísigh a threorú agus a thacú le cabhair ó mháistrí a bhfuil taithí acu ar a gceird. Díríonn ár bprintíseachtaí ar chabhrú le daoine foghlaim trí dhéanamh, ag baint úsáid as scileanna praiticiúla agus teoiric araon."

Beidh Oifig na nOibreacha Poiblí ag plé go gníomhach le hiarrthóirí leasmhara ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i Laois ó 19 Meán Fómhair go 21 Meán Fómhair agus ag an World Skills Expo ag an RDS i mBaile Átha Cliath ar an 20 Meán Fómhair go dtí an 22 Meán Fómhair.

Tá na printíseachtaí seo mar chuid de Phlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí, a seoladh an mhí seo caite ag Foirgnimh an Rialtais. Tá sé mar aidhm ag an bPlean líon na bprintíseachtaí atá ar fáil laistigh den tseirbhís phoiblí a dhúbailt go 750 faoi 2025.

Chabhraigh iarphrintíseach an OOP, Paul Feeney, atá anois ina mhaoir ag rannán Troscán an OOP, le seoladh an Phlean. Is príomhthiomantas é an Plean seo den Phlean Gníomhaíochta um Printíseacht 2021-2025. Cruthaíonn sé treochlár chuige sin agus tairgeann sé bealach earcaíochta eile ag an am céanna do chuardaitheoirí poist ar spéis leo gairm sa státseirbhís.

“Thosaigh mé breis is fiche bliain ó shin mar phrintíseach agus thaitin sé go mór liom féachaint ar fhorbairt an chláir le linn na tréimhse sin - daoine nua a fheiceáil ag teacht isteach agus ag obair ar rudaí a thaitníonn leo, ag forbairt a gcuid scileanna ionas gur ceardaithe den scoth iad anois. Tá súil agam go bhféachfaidh níos mó daoine air seo mar shlí bheatha fhéideartha, mar tá an obair an-tairbheach agus tá go leor deiseanna chun bheith ag foghlaim sa phost,” a dúirt Paul Feeney.


Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works