Ráiteas ón Aire Patrick O’Donovan maidir le soilsiú faoi dhathanna na hÚcráine ar fhoirgnimh suntasacha Éireann ar Lá Fhéile Pádraig
- Foilsithe: 16 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
“In Éirinn agus thar lear bímid mortasach as an dath glas a chaitheamh agus a thaispeáint ar Lá Fhéile Pádraig. Tá an dath sin fite fuaite le mórtas an dúchais againn agus leis an gcomhcheiliúradh Gaelachais ar an lá saoire náisiúnta. Le blianta fada anuas, cruthaíonn Oifig na nOibreacha Poiblí atmasféar le haghaidh an lae saoire seo trí shoilsiú glas ar láithreacha oidhreachta íocónacha, foirgnimh rialtais agus institiúidí náisiúnta cultúrtha.
Ach i mbliana tá scéal difriúil ann. Agus sinn ag súil le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh lenár gcairde agus lenár ndaoine muinteartha, tugaimid chun chuimhne muintir na hÚcráine, a bhfuil a mbeatha, a sláinte agus a neamhspleáchas faoi bhagairt. Ar a son siúd agus os comhair an domhain mhóir, seasaimid taobh leo; soilseofar 41 láthair in Éirinn faoi dhathanna na hÚcráine anocht agus i gcaitheamh na Féile Pádraig mar léiriú go seasann muintir na hÉireann taobh le muintir na hÚcráine.”
