Sculpture in Context ag Ceiliúradh 40 Bliain i nGarraithe Náisiúnta na Lus, Baile Átha Cliath
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Meán Fómhair 2025
Déanfar ócáid cothrom agus 40 bliain ar an bhfód den taispeántas dealbhóireachta is mó agus is faide ar an bhfód in Éirinn a cheiliúradh i nGarraithe Náisiúnta na Lus idir Déardaoin 4 Meán Fómhair agus Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair 2025.
Is é Sculpture in Context ceann de na himeachtaí is ansa leis an bpobal, é lárnach I bhféilire ealaíona na hÉireann. Tá an taispeántas uathúil seo a thugann ardán do shaothair uaillmhianacha chomhaimseartha tríthoiseacha ó ealaíontóirí mór le rá, ag cur eispéaras speisialta ar fáil don phobal le dhá scór bliain anuas. Is é Sculpture in Context é saor in aisce dá lucht spéise a sháraíonn 100,000 gach bliain.
Roghnaíodh an réimse iontach deilbhe a bheidh ar taispeáint ó bhreis agus 500 n-iontrál a ghlacadh leo de thoradh fógairt oscailte. Roghnaigh painéal ar a raibh triúr comhdhealbhóirí neamhspleácha na saothair, bunaithe ar an mbealach a bhfeileann siad le suíomh faoi leith Garraithe Náisiúnta na Lus. Feicfear saothair leithéidí Róisín De Buitléar, Ester Barrett, Fiona Smith , Ayelet Lalor, Ray Delaney, Helen Merrigan Colfer, ina measc.
Mar chuid den mhórchéiliúradh, cuirfear fáilte roimh roinnt ealaíontóirí mór le rá; Eilis O’Connell, Seamus Gill, Ana Duncan, Alison Kaye, Ken Drew, Beatrice Stewart, Ciaran Patterson, Penny Lacey, Michelle Maher, agus Richard Healy ina measc. Is cinnte go gcuirfidh a n-ábhair go mór leis an gcéiliúradh.

Beidh Sculpture in Context ar siúl idir Déardaoin 4 Meán Fómhair agus Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair. Taispeántas saor in aisce atá i gceist agus cuirfear fáilte roimh chách. Osclófar Garraithe Náisiúnta na Lus, Glasnaíon idir 9.00 agus 17.00 i rith na seachtaine agus idir 10.00 agus 18.00 Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus ar laetheanta saoire bainc.
Tá sé ar ár gcumas Sculpture in Context a chur i láthair i mbliana de dheasca dea-thoil agus tacaíocht an OPW, urraíochtaí príobháideacha agus síntiúis phearsanta. Gabhann Sculpture in Context buíochas ó chroí leis an iliomad ealaíontóra a chur isteach ar áit i mbliana agus leosan uilig a chur leis an ócáid ráthúil le daichead bliain anuas.
Bíonn urlabhraithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil i gcomhair agallaimh ar iarratas. Déan teagmháil le do thoil le pressoffice@opw.ie chun breis eolais a fháil agus agallamh a shocrú.
Lean muid ar Twitter @opwireland
Lean muid ar Facebook @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Teideal an Taispeántas: Sculpture in Context
Ionad: Garraithe Náisiúnta na Lus, Glasnaíon, Baile Átha Cliath 9
Dátaí: 4 Meán Fómhair – 10 Deireadh Fómhair 2025
Uaireanta Oscailte: I rith na seachtaine 9.00 – 17.00
Deireadh Seachtaine agus laethanta saoire bainc 10.00 – 18.00
Táille: Saor in aisce – fáilte roimh chách
Tuilleahd eolais ar fáil ach scríobh chuig info@sculptureincontext.com nó ar www.sculptureincontext.ie www.botanicgardens.ie