Seachtain na Róslabhras - Garraithe Náisiúnta na Lus, Cill Mochura
- Foilsithe: 6 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2021
Seachtain na Róslabhras | 12 – 18 Aibreán 2021
Á chur i láthair ag Garraithe Náisiúnta na Lus, Cill Mochura agus Oifig na nOibreacha Poiblí
Go luath i Mí Aibreáin tagann bláth ar na crainn róslabhrais i ngarraithe Chill Mochura, atá dhá chéad bliain d’aois. Baineann suntas na gcrann ársa seo le ceangail fada na háite le Garraithe Náisiúnta na Lus ag Glas Naíon. Ba iad muintir Acton a thóg Cill Mochura agus bhí caidreamh fada torthúil acu le David Moore, agus níos déanaí lena mhac Sir Frederick Moore, comeádaithe ag Glas Naíon. Ó thús na 1850idí, chuir muintir Moore comhairle ar mhuintir Acton faoi chúrsaí garraíodóireachta agus bhronn plandaí orthu, go háirithe ó na sléibhte Himalaya. Ar feadh breis agus 70 bliain d’fhás garraithe Chill Mochura go rabhadar ar cheann de na garraithe príobháideacha is fearr raidhse ins na hoileáin seo. Inniu tá 180 speiceas róslabhras ann agus breis agus 420 cineál éagsúil. Ón uair a ghlac Garraithe Náisiúnta na hÉireann cúram na háite in 1996, tá athchóiriú agus leathnú mór curtha ar an mbailiúchán crann ann. Beidh Seachtain na Róslabhras ar bun gach bliain, tráth a léireofar an bailiúchán agus na scéalta a bhaineann leis na crainn ann. I mbliana táimid ag comhoibriú leis an RHS Rhododendron, Camellia & Magnolia Group. Seolfar sraith físeán agus cainteanna ar líne gach lá sa tseachtain; ar na cainteoirí lárnacha beidh an Dr Matthew Jebb, Stiúrthóir ar Gharraithe Náisiúnta na Lus in Éirinn; Seamus O’Brien, Ard-Gharraíodóir, Garraithe Náisiúnta na Lus, Cill Mochura; agus Richard Baines, Coimeádaí, Lusgharraí Logan na hAlban. Pé áit a bhfuil cónaí ort, tá áthas orainn an ócáid seo a sholáthar ar líne.
-CRÍOCH-
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
Seachtain na Róslabhras 12 – 18 Aibreán 2021
Clár Imeachtaí ar Líne:
Dé Luain 12 - Físeán
Seachtain na Róslabhras 2021
Dr Matthew Jebb, Stiúrthóir GNL, Glas Naíon agus Séamus O’Brien, Ard-Gharraíodóir, GNL, Cill Mochura. Tabharfaidh Matthew agus Séamus radharc ar imeachtaí na seachtaine. Tá an bailiúchán seo ar cheann de na bailiúcháin is suntasaí ins na hoileáin seo, toisc róslabhrais ag fás anseo ag Cill Mochura le dhá chéad bliain anuas, agus comhoibriú stairiúil le Garraithe Náisiúnta na Lus.
Dé Máirt 13 - Físeán
Rooted in the past: Rhododendron tales from Kilmacurragh Séamus O’Brien, Ard-Gharraíodóir, GNL, Cill Mochura.
Ríomhann Séamus scéal na samplaí is fearr ag Cill Mochura – a n-aimsiú, a n-ainmniú agus a gcothú.
Dé Céádaoin 14 - Beochaint ar Líne, 6pm, Crowdcast, áirithint ar Eventbrite
The National Botanic Gardens, Kilmacurragh; A family history.
Dr Matthew Jebb, Stiúrthóir, Garraithe Náisiúnta na Lus in Éirinn. Cuireann Matthew síos ar an dlúthchaidreamh thar bhreis agus 160 bliain idir muintir Moore ag Garraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon agus muintir Acton i gCill Mochura.
Déardaoin 15 - Físeán
History and work of the RHS Rhododendron, Camellia and Magnolia group.
Mark Bobin, Ard-Gharraíodóir, Garraithe Minterne, Dorset le Wendelin Morrison.
Tá Mark mar Oifigeach Cumarsáide an ghrúpa agus Wenedlin Morrison mar Chomhordaitheoir Imeachtaí.
Déardaoin 15 - Beochaint ar Líne, 6pm, Crowdcast, áirithint ar Eventbrite
The propagation and cultivation of Rhododendrons.
Richard Baines, Coimeádaí, Lusgharraithe Logan, Stranraer.
Eolas faoi iomadú agus síolrú an róslabhrais – cuimseofar teicnící, nodanna áisiúla, buntáistí agus míbhuntáistí na modhanna éagsúla, tráthúlachtaí agus gléásra riachtanach.
Dé hAoine 16 - Beochaint ar Líne, 6pm, Crowdcast, áirithint ar Eventbrite.
A Spring visit to the Sikkim Himalaya
Séamus O’Brien, Ard-Gharraíodóir, GNL, Cill Mochura.
Tabharfaidh Séamus cuntas ar chuaird Earraigh a thug sé ar Sikkim, Himalaya in 2015, agus é ar lorg Sir Joseph Dalton Hooker, luibheolaí agus taiscéalaí Victeoiriach a raibh ardcháil air.
Dé Sathairn 17 - Físeán
Ceardlann ar thacsanomaíocht an Róslabhrais
Séamus O’Brien, Ard-Gharraíodóir, GNL, Cill Mochura.
Tabharfaidh Séamus forbhreathnú ar thacsanomaíocht an róslabhrais, le samplaí úra ón mbailiúchán ina bhfuil breis agus 180 speiceas.
Dé Domhnaigh 18 - Físeán
Dr Matthew Jebb, Stiúrthóir, Garraithe Náisiúnta na Lus in Éirinn, agus Séamus O’Brien, Ard-Gharraíodóir, GNL, Cill Mochura.
Cuirtear críoch ar imeachtaí na seachtaine le forbhreathnú gairid ar aidhmeanna caomhnaithe na mbailiúchán agus radharc ar aghaidh amach anseo.
Tosóidh na beochainteanna ar líne ag 6pm gach tráthnóna, ó Gharraithe Náisiúnta na Lus in Éirinn ar Crowdcast agus áirithint ar Eventbrite.
Uaslódáilfear na Físeáin ar mheáin shóisialta agus ar chainéal YouTube Gharraithe Náisiúnta na Lus in Éirinn – déanfar na tráthanna a chomhordú gach lá.