Seoladh na Straitéise Páirceála do Pháirc an Fhionnuisce fógartha ag Oifig na nOibreacha Poiblí
- Foilsithe: 15 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag ullmhú straitéis pháirceála do Pháirc an Fhionnuisce. Tugann os cionn deich milliún duine cuairt ar an bPáirc gach bliain. Ba mhaith le hOifig na nOibreacha Poiblí bhur dtuairimí a fháil conas cuairteoirí a spreagadh chun bealach taistil níos inbhuanaithe chuig an bPáirc a roghnú, mar shampla ar rothar nó ag siúl. Le go mbeidh ar chumas gach duine cuairt a thabhairt ar an bPáirc, tuigimid go gcaithfidh roinnt cuairteoirí taisteal chun na páirce i ngluaisteán. Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh ár n-áiseanna páirceála oiriúnach do gach cuairteoir. Is suirbhé ar líne an chéim thosaigh agus iarraimid ar gach duine an suirbhé a dhéanamh. Bunófar an straitéis pháirceála ar thorthaí an tsuirbhé. Foilseofar dréacht den straitéis san fhómhar.
Tá comhairleoirí (Systra) ceaptha ag OOP chun straitéis pháirceála do Pháirc an Fhionnuisce a ullmhú. Iarraimid ar gach duine a bhfuil suim acu sa Pháirc páirt a ghlacadh sa suirbhé seo chun go mbeidh ar ár gcumas straitéis chuimsitheach a ullmhú. Scrúdóidh an straitéis na príomhfhadhbanna, dúshláin agus deiseanna a bhaineann le páirceáil istigh i bPáirc an Fhionnuisce féin agus ina cóngar. Beidh comhairliúchán ar bun le páirtithe leasmhara, leo siúd atá lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce agus ina cóngar, chun tuiscint a fháil ar a dtuairimí maidir le páirceáil rothar agus gluaisteán agus aon cheisteanna nó deiseanna eile a bhaineann leis an ábhar. Díreofar go príomha ar bhearta a bhaineann le páirceáil rothar agus gluaisteán cuairteoirí, go háirithe cuairteoirí a bhfuil deacrachtaí gluaiseachta acu, chun a chinntiú go mbeidh ar a gcumas cuairt a thabhairt ar an bPáirc.

Mar thús, beidh suirbhé poiblí ar fáil ar líne idir 15 Meitheamh agus 8 Iúil 2022 ag https://www.systra.ie/en/phoenix-park-survey.
Cabhróidh an t-aiseolas ón suirbhé seo le hullmhú na straitéise páirceála.
Nuair a bhí sé ag fógairt na céime tosaigh de Straitéis Pháirceála do Pháirc an Fhionnuisce, dúirt an tAire O’Donovan:
“Is áis náisiúnta í Páirc an Fhionnuisce a bhfuil an-ghean ag daoine laistigh agus lasmuigh de Bhaile Átha Cliath uirthi. Iarraim ar gach cuairteoir – an pobal áitiúil chomh maith leo siúd nach bhféadann cuairt a thabhairt ar Pháirc an Fhionnuisce ach go hannamh agus mar chuid dá gcuairt ar Bhaile Átha Cliath – aiseolas a thabhairt dúinn faoin gcaoi a dtéann siad chuig Páirc an Fhionnuisce agus na nithe a chuireann siad san áireamh ina bpleananna taistil. Dá mhéad eolais a fhaigheann muid go díreach ónár gcuairteoirí, is amhlaidh is fearr a léireofar a gcuid riachtanas agus a bhfreastalófar orthu in ár straitéis pháirceála agus mar sin iarraim ar gach duine an suirbhé ar líne a dhéanamh sna trí seachtaine amach romhainn.”

Beidh tréimhse chomhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil eile ar siúl i ndeireadh an fhómhair 2022 chun tuairimí an phobail a lorg maidir leis an dréachtstraitéis pháirceála.
Le tuilleadh eolais a fháil, féach ar external-link https://phoenixpark.ie/ | https://phoenixpark.ie/ ] nó déan teagmháil leis an bPreasoifig pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
• Tá Páirc an Fhionnuisce suite ar imeall thiar lár Chathair Bhaile Átha Cliath, díreach ó thuaidh d’Abhainn na Life. Tá níos mó ná 700 heicteár san fhearann páirce agus tá 11km de bhalla mórthimpeall uirthi. Is tírdhreach stairiúil, nádúrtha agus cultúrtha atá i bPáirc an Fhionnuisce a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ar leith ag baint léi. Ag an am céanna, is spás caitheamh aimsire ilghnéitheach atá sa pháirc, a mbaineann na milliúin cuairteoirí taitneamh as.
• Tá breis is 25km de bhóithre, 17km de lánaí rothar agus 27km de chosán coisithe i bPáirc an Fhionnuisce.
• Tá Systra Transport Consultants ceaptha ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) chun straitéis pháirceála a ullmhú do Pháirc an Fhionnuisce. Seo ceann de na príomh-mholtaí a rinneadh sa Tuarascáil Iarchomhairliúcháin ar an Staidéar um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnusice a d’fhoilsigh an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, TD, i mí Iúil 2021.
• Sa Tuarascáil Iarchomhairliúcháin ar an Staidéar um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnuisce, leagtar amach réimse moltaí maidir le rochtain, eispéireas agus gluaiseacht cuairteoirí i bPáirc an Fhionnuisce chomh maith le cosaint a chinntiú don phobal agus do thimpeallacht na Páirce. Moltar trácht comaitéireachta agus luas a laghdú, níos mó deiseanna a bheith ann do rothaithe agus do choisithe agus iompar poiblí teoranta a chur ar fáil. Sa tuarascáil chomh maith, cuirtear san áireamh na castachtaí a bhaineann leis an bPáirc i bhfianaise na n-úsáidí ilghnéitheacha a bhaineann iliomad daoine as an láthair. Is féidir an tuarascáil a fháil ag an nasc seo: