English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire O’Donovan taispeántas nua spreagúil Kilkenny Networks – Merchants, Magnates & Courtiers ag Caisleán Chill Chainnigh

Inniu sheol an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., Kilkenny Networks, taispeántas nua spreagúil a léiríonn ról lárnach Chaisleán Chill Chainnigh agus muintir Urumhan maidir le líonra mór táchtála agus cultúir idir an Chathair agus an chuid eile den Eoraip.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá áthas orm a bheith anseo i gCaisleán Chill Chainnigh inniu chun an taispeántas nua seo a sheoladh. Léiríonn sé na scileanna ‘líonraíochta’ a bhí ag ár sinsir nuair a chruthaíodar naisc cultúir, tráchtála agus gnó idir Cill Chainnigh agus an Eoraip nuair nach raibh fáil ar theicneolaíocht nua-aoiseach, fóin phóca agus an idirlíon. Léirítear tábhacht na líonraí seo, cnámh droma an tsochaí, atá chomh tábhachtach inniu agus a bhíodar siar san 15ú aois. Is inspéise é eolas a fháil faoi na daoine seo agus an caoi a chuireadar le stádas tráchtála agus cultúrtha Chill Chainnigh.”

Ba í an Dr. Jane Fenlon a chuir an taispeántas seo le chéile. Léiríonn sé an saol meánaoiseach in Éirinn, tráth a raibh saol na hÉireann fite fuaite le saol na hEorpa díreach mar atá sé inniu. Chruthaigh muintir Urumhan líonra a chuaigh chun tairbhe lucht tráchtála na cathrach ar an leibhéal is airde de shaol na linne úd agus a bhí mar bhonn le forbairt na cathrach ó thaobh airgid, ailtireachta agus cultúir.

Cuardaíonn an taispeántas an tionchar a bhí ag an gceangal cultúrtha seo. Cuireann sé leis an eolas atá againn ar Iarlaí Urumhan na linne – an stádas a bhí acu sa phobal, na teagmhála a bhí acu le cúirteanna idirnáisiúnta ríoga, an phátrúnacht a dheineadar ar na healaíona agus a dturais taistil ar fud na hEorpa. Léirítear freisin an teagmháil a bhí acu le mórphearsana staire na tréimhse sin – mar shampla, an Banríon Eilís I i Sasana, an Cairdinéal Wolsey, Áine Boelyn, Caitríona Parr imeasc mórán eile.

Bhain tábhacht freisin le ceannaithe Chill Chainnigh; ba mhinic iad sin ag feidhmiú mar bhaincéirí agus mar sin bhíodar páirteach i ngnóthaí airgid agus dlí Iarlaí Urumhan. Bhí ról lárnach acu san maidir le forbairt agus saibhriú an bhaile agus tráchtáil le calafoirt mhóra na Breataine agus na hEorpa.

Ar na teaghlaigh a bhí go mór chun tosaigh i gCill Chainnigh san 16ú aois bhí: Archdekin, Archer, Cowley, Langton, Lee, Knaresborough, Lawless, Ragget, Rothe agus Shee, chomh maith le Hackett, Savage, Sherlock, Walshe agus Murphy.

Grianghraif ón seoladh ar fáil ó Vicky Comerford info@vickyphotography.ie nó um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean muid ar Twitter @opwireland

Aimsigh muid ar Facebook @opwireland

Lean muid ar Instagram @opwireland

Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works


EOLAS

Taispeántas: Kilkenny Networks – Merchants, Magnates & Courtiers

Áit: An Pasáiste Gorm, Caisleán Chill Chainnigh, Cill Chainnigh

Dátaí: 18 Iúil 2022 – 18 Iúil 2025

Am: Gach lá, 09:30–17:30 (iontráil deireanach 17:00)

Suíomh gréasáin: kilkennycastle.ie/calendar