Seolann Oifig na nOibreacha Poiblí Irish Heritage Studies, irisleabhar nua taighde
- Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) a fhógairt go bhfuil irisleabhar taighde bhliantúil nua, Irish Heritage Studies, á sheoladh, agus lorgaíonn sí aighneachtaí don chéad imleabhar.
Bunaíodh an Oifig na nOibreacha Poiblí i 1831 (bhí oifigí den sórt céanna ann chomh fada siar le 1670), agus tá trí phríomhréimse freagrachta ag OOP: bainistíonn sí cuid mhór de phunann réadmhaoine an Stáit; bainistíonn sí tuilte in Éirinn; agus déanann sí 780 láithreán oidhreachta a chothabháil agus a chur i láthair, lena n-áirítear séadchomharthaí náisiúnta, foirgnimh stairiúla agus a gcuid bailiúcháin. Tá sé mar aidhm ag Irish Heritage Studies iniúchadh a dhéanamh ar stair shaibhir Oifig na nOibreacha Poiblí, a chuimsíonn innealtóireacht shibhialta, fóirithint in am gorta agus riarachán iasachtaí do mhórthionscadail tógála, agus caomhnú na hailtireachta agus na seandálaíochta.
Tá an t-irisleabhar á fhoilsiú i gcomhar le Gandon Editions, agus léireoidh sé taighde criticiúil bunaidh atá fréamhaithe sa phunann shubstaintiúil de chultúr ábhartha atá faoi chúram agus faoi bhainistiú Oifig na nOibreacha Poiblí: an oidhreacht thógtha; bailiúcháin stairiúla, ealaíne, liteartha agus eolaíochta; an stair náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann leis na háiteanna agus na cuspóirí seo; agus stair fhada na heagraíochta féin. Cothóidh ailt irise tuiscint níos doimhne ar an mbailiúchán suntasach seo den oidhreacht náisiúnta, agus fiosróidh siad taobhanna nua de ghnéithe dá stair.
Táthar ag súil go mbeidh Irish Heritage Studies ina thaifead luachmhar ar thorthaí taighde stairiúla nua a gcuirfear spéis iontu go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Is toradh é ar fhiosracht leanúnach chun níos mó a fhoghlaim faoi na daoine agus na scéalta a ghabhann leis na foirgnimh, na tírdhreacha, na cartlanna agus na bailiúcháin atá faoi chúram an OOP.
Cuimsíonn na réadmhaoine seo ó reiligí meigiliteacha réamhstairiúla, liosanna ársa agus láithreacha mainistreacha luath-mheánaoise, caisleáin Normannacha agus tithe daingnithe, agus ar aghaidh go dtí oidhreacht mhórthaibhseach na bhfoirgneamh Seoirseach agus na bhfoirgneamh ina ndiaidh sin, suas go dtí na séadchomharthaí ina gcaomhnaítear ár stair réabhlóideach san fhichiú haois. Go bunúsach, is é seo scéal stair ailtireachta na hÉireann chomh maith le stair mhuintir na hÉireann: an béaloideas, an cultúr, na traidisiúin, agus scéalta caillte nó dearmadta.
Tá go leor féidearthachtaí ann do thaighde amach anseo mar gheall ar na bailiúcháin agus na cartlanna a bhaineann leis na háiteanna seo – lena n-áirítear páipéir oifigiúla OOP atá faoi chúram na Cartlainne Náisiúnta. Comhlánóidh an t-irisleabhar clár leanúnach taispeántas, foilseachán, comhpháirtíochtaí acadúla, comhdhálacha agus cuairteanna ar OOP, agus tá sé deartha le bheith tarraingteach do léitheoirí, idir léitheoirí poiblí, speisialtóireachta agus gairmiúla.
Dúirt Maurice Buckley, Cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Ag Oifig na nOibreacha Poiblí, táimid bródúil agus umhal araon as bheith inár gcoimeádaithe ar an oiread sin gnéithe tábhachtacha de chultúr ábhartha stairiúil na hÉireann. Mar chuid den fhreagracht sin, oibrímid go dian chun taighde a chothú ar na foirgnimh, na gairdíní agus na bailiúcháin thar a bheith éagsúil seo, agus na torthaí sin a roinnt lenár lucht féachana in Éirinn – agus go deimhin ar fud an domhain. Fóram iontach a bheidh i Irish Heritage Studies le haghaidh taighde nua spreagúil, agus táimid ag tnúth le tuilleadh a fháil amach faoi na háiteanna agus na rudaí iontacha seo, agus faoin stair a bhaineann leo. Mar chuid de sin, tá súil againn níos mó de stair fhada agus éagsúil Oifig na nOibreacha Poiblí féin a nochtadh agus muid ag druidim le ceiliúradh a dá chéad bliain in 2031. Ba mhaith liom fáilte ar leith a chur roimh chomhaltaí ár mBoird Chomhairligh agus buíochas a ghabháil leo as fáilte a chur roimh an bhfiontar nua seo ón tús trína gcuid tacaíochta agus saineolais a roinnt linn.”
Dúirt an tOllamh Terence Dooley ó Ollscoil Mhá Nuad, agus ball de Bhord Comhairleach an irisleabhair:
“Is tionscnamh thar a bheith spreagúil agus tráthúil é seo ón OOP a thabharfaidh ardán iontach foilsitheoireachta do scoláirí seanbhunaithe agus scoláirí atá ag teacht chun cinn chun torthaí agus eolas nua a scaipeadh maidir le foirgnimh agus bailiúcháin OOP, agus a sholáthróidh comhthéacsanna stairiúla níos leithne atá riachtanach chun raon iomlán scéalta ón stair a thuiscint, cibé i réimhse na hailtireachta, an chultúir ábhartha, an dearaidh thírdhreacha, na staire sóisialta, na staire prosapragrafaí nó réimse ar bith eile.”
Nótaí
Tá fáilte roimh aighneachtaí i bhfoirm achoimrithe ó acadóirí, mic léinn iarchéime, gairmithe gaolmhara, taighdeoirí neamhspleácha agus pearsanra OOP. Glacfaidh an t-irisleabhar go fonnmhar le haighneachtaí ó dhaoine ag céim ar bith dá ngairmeacha beatha taighde, lena n-áirítear taighdeoirí idirnáisiúnta atá ag plé le léann na hÉireann nó le staidéar comparáideach.
Is é an 15 Nollaig 2023 an spriocdháta le haghaidh achoimrí don chéad imleabhar. Táimid ag súíl leis an gcéad eagrán a fhoilsiú in 2025.
Tá tacaíocht ag Irish Heritage Studies ó Bhord Comhairleach ina bhfuil scoláirí seanbhunaithe, gairmithe músaeim agus oidhreachta agus acadóirí a bhfuil saineolas acu i réimsí éagsúla a chlúdaítear san irisleabhar.
Beidh an t-irisleabhar Irish Heritage Studies ar díol i gcóip chrua agus mar ríomhleabhar, agus foilseofar é i bhfoirm rochtana oscailte digití tar éis na tréimhse lánchoiscthe Item was unpublished or removed