Seolann Oifig na nOibreacha Poiblí Straitéis nua um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta
- Foilsithe: 12 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Bealtaine 2022
Ní thuigeann breis agus leath an phobail conas bithéagsúlacht in Éirinn a fheabhsú
Suirbhé nua ar dhearcadh agus feasacht bithéagsúlachta in Éirinn – seolann Oifig na nOibreacha Poiblí Straitéis nua um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta
Léiríonn suirbhé nua ó Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go bhfuil breis agus leath an phobail (56%) in amhras maidir le feabhsú bithéagsúlachta, cé gur mian le móramh mór (90%) a gcion a dhéanamh chun bithéagsúlacht Éireann a fheabhsú. Tagann an léiriú seo i dteannta le Straitéis nua um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta atá á seoladh ag OPW um fheabhsú bithéagsúlachta ar fud a chuid oibríochtaí uile.
Tuigeann OPW gur gá dúshlán ceanndána a thabhairt ar an meathlú bithéagsúlachta. San Straitéis um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta ag OPW leagtar amach conas a oibreofar chun bithéagsúlacht a chothú agus a chosaint ins na cúig bliana atá romhainn amach. Beidh tionchar ag Straitéis nua um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta OPW ar bhreis agus 100 oifig, 780 suíomh oidhreachta, 5,700 acra gairdín agus fearann páirce, 11,500km de chainéil draenála, agus 142 scéim fhaoisimh tuile, chomh maith le cuid mhór tionscadal ar thalamh poiblí agus príobháideach araon. Mar gheall ar réimse leathan oibre OPW tugtar mórdheiseanna um chaomhnú bithéagsúlachta mar chuid de na seirbhísí a sholáthraítear.
Tá OPW ar cheann de na heagrais rialtais atá ag obair chun tacú leis an Straitéis Náisiúnta Bithéagsúlachta a chur i bhfeidhm. Sa Straitéis um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta tá 48 ngníomhaíocht ar leith léirithe ag OPW mar chuid de chúig téama a chuirfear i bhfeidhm chun bithéagsúlacht a lonnú i ngach réimse saothair. Orthusan tá tariscint nuálaíoch um chlár ‘Fearann Fiadhúlra’ a chur chun cinn trí ról ceannasach a ghlacadh maidir le tailte, foirgnimh agus uiscebhealaí a dhearadh agus a athrú sa chaoi go mbeidh áiteanna slán nádúrtha – mar shampla, fáirthe ialtóg agus láithreacha neadaireachta pailneoirí agus éán.
Tá Straitéis um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta OPW ag teacht le leathnú feasachta agus imní an phobail maidir le bithéagsúlacht, go háirithe imeasc daoine óga. Bíonn suas le 70% den phobal óg ag plé bithéagsúlachta go minic le tuismitheoirí, sinsir nó caomhnóirí.Dá ainneoin seo, tá bearna suntasach faisnéise ann; léiríonn an taighde go bhfuil duine as gach ceathrar aineolach ar spéicis atá i mbaol in Éirinn. Taispeánann sé so go bhful gá le gníomhú leis an bpobal agus tá fonn ar OPW tógáil ar an obair seo i gcuid dá suíomhanna. Ar an mbonn saineolais ag foireann OPW aithneofar ‘Laochra Bithéagsúlachta’ chun eolas faoi spéicis agus gnáthóga suntasacha a chothú agus clár léirmhíniúcháin agus oiliúna a sholáthar ag suíomhanna bainteacha do chuairteoirí.
Dúirt an tAire le cúram OPW Patrick O’Donovan T.D. ar sheoladh na straitéise dó:
> “Táimid i gcónaí ag cur eolais bhreise ar an dúlra agus ar thábhacht an dúlra inár saol. Cé go léiríonn an taighde go n-aithníonn 87% den phobal in Éirinn gur tairbheach é gníomhú leis an dúlra ar mhaithe le sláinte agus maitheasa, tá breis agus a leath den phobal fásta aineolach maidir le tacú bithéagsúlachta. Tá tuilleadh oibre le déánamh againn. Mar eagraíocht, tá OPW geallta um thuilleadh a dhéanamh chun bithéagsúlacht Éireann a chosaint agus a neartú. Is céim fíor-riachtanach an Straitéis nua um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta againn a fhoilsiú; beidh sé seo mar threoir againn chun an dúshlán seo a fhreagairt, maidir le tailte, foirgnimh agus uiscebhealaí a dhearadh agus a oiriúnú chun gnáthóga fiadhúlra a sholáthar gach áit is féidir. Táimid ag spreagadh an phobail chun cabhrú linn agus sinn i mbun oibre ag suíomhanna uile OPW chun bithéagsúlacht a chinntiú amach anseo ar fud na tíre.”
Chun an Straitéis um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta a chur abhaile ar an bpobal, tá feachtas nua ar líne #InOurNature le seoladh ag OPW chun daoine a spreagadh um bithéagsúlacht a chothú ina dtithe cónaithe féin. Seolfar an feachtas roimh Sheachtain na Bithéagsúlachta (Bealtaine 15-23), tráth a mbeidh imeachtaí ar bun ag mórán suíomhanna OPW ar fud na tíre.
Ar chuid de na himeachtaí beidh siúlóidí um breacadh an lae ag Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin, chomh maith le siúlóidí clapsholais ialtóg ag Caisleán Chill Chainnigh. Beidh turais chun plandaí faoi bhaol a fheiceáil ag Teach Dhoire Fhíonáin i gCiarraí, áit a raibh cónaí ar Dhónal Ó Conaill, agus deis um eolas a chur ar na hainmhithe atá lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. Is aidhm do OPW, leis an gclár imeachtaí le linn Seachtain na Bithéagsúlachta, chomh maith leis an Straitéis nua um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta, a thaispeáint go bhfuil freagra an dúshláin bhithéagsúlachta. #InOurNature.
Tá an liosta iomlán imeachtaí le linn Seachtain na Bithéagsúlachta ag suíomhanna OPW ar fud na tíre ar fáil ag OPWHeritageIreland
ENDS
Um breis eolais, déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag: pressoffice@opw.ie .
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works