English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann OOP Samhail Seachadta Píolótach Nua do Scéimeanna Cosanta Tuilte in Achadh Úr agus i mBaile an Phoill

D’fhógair an tAire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí, an tUasal Patrick O’Donovan TD, inniu [2 Bealtaine] go bhfuil tús á chur anois le scéimeanna cosanta tuilte d’Achadh Úr agus do Bhaile an Phoill le maoiniú ó Oifig na nOibreacha Poiblí.

Tá dhá bhall foirne á maoiniú ag Oifig na nOibreacha Poiblí anois i gComhairle Contae Chill Chainnigh atá tiomanta do scéímeanna riosca tuilte a bhainistiú, i gcomhpháirt le hOifig na nOibreacha Poiblí, i gceithre phobal i gContae Chill Chainnigh. Tugann sé seo an deis samhail nua seachadta do scéimeanna cosanta tuilte a thriail i gcomhar le Comhairle Contae Chill Chainnigh.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá a fhios agam go bhfuil na pobail seo ag fanacht le tamall le go gcuirfear tús le hobair ar scéimeanna cosanta tuilte ina gceantair. Tá stair agus taithí ar thuilte ag na pobail seo agus tá tuilte tar éis scrios a dhéanamh agus is cúis mhór imní é do theaghlaigh, don lucht gnó agus don phobal i gcoitinne.”

Dúirt sé, leis:

“Tá Oifig na nOibreacha Poiblí agus na húdaráis áitiúla ag obair i dtimpeallacht an-dúshlánach chun clár na scéimeanna cosanta tuilte a sholáthar agus a leathnú, mar gheall ar shrianta acmhainní i margadh atá thar a bheith speisialaithe agus gairmiúil. Laistigh de na srianta acmhainne atá ann faoi láthair, agus ó na ceachtanna a foghlaimíodh go dtí seo, cuirfidh samhail soláthair nua atá á triail d’Achadh Úr agus do Bhaile an Phoill bearta tábhachtacha um chosaint ar thuilte ar fáil do na bailte seo agus beidh sé mar bhonn eolais chun an chéad tráinse eile de 60 scéim cosanta tuilte a sholáthar go héifeachtach ar fud na tíre.”

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Chill Chainnigh, an Cllr. Pat Fitzpatrick, ar chloisteáíl an fhógra dó:

“Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an bhfógra seo ón Aire O’ Donovan a cheadóidh tús a chur leis na Scéimeanna Cosaint Tuilte in Achadh Úr agus i mBaile an Phoill araon, áit a bhfuil fadhb tuillte le blianta fada.. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don tiomantas agus don mhaoiniú a thug Oifig na nOibreacha Poiblí do na tionscadail seo agus do na tionscadail leanúnacha i mBéal Átha hÉil agus i nGráig na Manach. Fáiltíonn Comhairle Contae Chill Chainnigh roimh fhógra an Aire O’Donovan inniu go bhfuil tús le cur le Scéimeanna Cosanta Tuilte Achadh Úr agus Bhaile an Phoill mar threoirscéimeanna don dara tráinse scéimeanna cosanta tuilte: “Aithníodh i bPleananna Bainistíochta Tuilte Oifig na nOibreacha Poiblí 2018 go bhfuil réadmhaoin i mbaol tuilte in Achadh Úr agus Baile an Phoill araon agus bhí tuilte suntasacha sa dá bhaile le deireanas. Is é an fógra seo an chéad chéim sa phróiseas chun tuilte a mhaolú sa dá phobal atá ag fulaingt le fada le fadhbanna a bhaineann le tuilte. Tabharfaidh an fógra deis do Chomhairle Contae Chill Chainnigh leanúint lena n-iarrachtaí leanúnacha chun réiteach a fháil ar thuilte sa Chontae agus ligfidh sé dúinn úsáid a bhaint as an taithí a fuarthas ar scéimeanna leanúnacha, i mBéal Átha hÉil agus i nGráig na Manach, chun na Scéimeanna breise seo a chur chun cinn.”

Cheadaigh infheistíocht an Rialtais i gcosaint ar thuilte de €1.3 billiún go dtí 2030 faoin bPlean Forbartha Náisiúnta don Stát líon na scéimeanna cosanta ar thuilte atá ag céim an dearaidh agus na tógála a mhéadú faoi thrí, go 90. In éineacht leis an 12,500 teach agus gnó atá cosanta cheana féin ag scéimeanna cosanta tuilte i 53 pobal ar fud na tíre, tá obair críochnaithe nó idir lámha ag an OOP agus ag na húdaráis áitiúla chun 80 faoin gcéad de réadmhaoin atá i mbaol a chosaint.

D’aibhsigh an tAire gurb é ceann de na ceachtanna tábhachtacha ón tsamhail soláthair reatha ná an t-am a thógann sé na sonraí riachtanacha a bhailiú ar chúiseanna le tuilte agus ar thírdhreach pobail atá i mbaol. Aistreofar leis an gclár píolótach bainistiú an bhailiúcháin sonraí, mar chéad chéim i ndearadh scéime, ó innealtóirí comhairleacha do scéim amháin go dtí na húdaráis áitiúla le haghaidh na scéimeanna go léir laistigh dá réimsí freagrachta.

Ciallaíonn an treoirscéim gur féidir bailiú sonraí a mhéadú ó phobail aonair go dtí gach scéim i gcontae. Chomh maith le barainneachtaí scála a thabhairt, is féidir leis na sonraí a bhailítear eolas a chur ar fáil trínar féidir tús áite a thabhairt do scéimeanna agus do raon na seirbhísí a theastaíonn ó chomhairleoirí chun scéimeanna cosanta tuilte a dhearadh agus a thógáil.

Beidh scéimeanna i mBaile Dhún na nGall agus i Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall i gceist sa treoirscéim náisiúnta freisin.

Soláthraíonn siad seo suíomhanna iontacha chun samhail nua seachadta a thriail, ag cur san áireamh scála na bpobal atá le cosaint agus mar chontaetha atá nochta do bhaol tuilte ó aibhneacha, taoidí agus an cósta.

Tá thart ar 75 scéim cosanta tuilte ag an gcéim dearaidh faoi láthair. Sna hocht mí dhéag atá le teacht den treoirscéim seo, tá go leor de na scéimeanna seo ullamh le bogadh tríd an bpleanáil agus go dtí an tógáil. Ba cheart go scaoilfeadh sé seo acmhainní chun tús a chur le go leor de na 60 scéim atá fós le tosú faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.

Phléigh Oifig na nOibreacha Poiblí le déanaí le Stiúrthóirí Seirbhísí na n-údarás áitiúil sa tír an bhfuil an tsamhail seachadta reatha ar an tsamhail seachadta is fearr le glacadh don chéad bhabhta eile scéimeanna. Tá an clár píolótach ag glacadh leis na deiseanna aitheanta chun éifeachtúlachtaí a fheabhsú agus chun amlínte a laghdú laistigh den tsamhail reatha. Trí mheasúnú ar luach ar airgead agus trí phlé leanúnach le hearnáil na n-údarás áitiúil, beidh an tsamhail phíolótach mar bhonn eolais leis an gcur chuige náisiúnta i leith seachadadh scéimeanna cosanta ar thuilte amach anseo. Déanfaidh Grúpa Stiúrtha faoi cheannas Oifig na nOibreacha Poiblí maoirsiú ar an treoirscéím.


Gheofar tuilleadh eolais nó is féidir agallamh le hurlabhraí a iarraidh ach scríobh chuigi an bPreasoifig ag pressoffice@opw.ie.

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works