Seolann OOP Treoir do Chuairteoirí Nua ar 32 Gairdín Stairiúil
- Foilsithe: 2 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol OOP Treoir do Chuairteoirí Nua ar Ghairdíní Stairiúla na hÉireann inniu, gairdíní atá á gcoimeád ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar iontaobhas an Náisiúin.
Cuimsíonn an treoir chuimsitheach seo ar gach ceann de 32 gairdín iontacha an OOP roinnt de na gairdíní is íocónacha agus na bailiúcháin phlandaí is cáiliúla in Éirinn, ó Ghairdíní Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu go dtí Oileán an Chuilinn / Oileán Gharinse lena bhailiúchán de phlandaí coimhthíocha agus tearca ón leathsféar theas.
Patrick O’Donovan, T.D.. Aire Stáit don OOP, a sheol an treoir inniu ag féile Bhord Bia Bloom i bPáirc an Fhionnuisce de chuid OOP. Beidh os cionn 100,000 díograiseoir agus cuairteoir ar ghairdíní i measc na chéad daoine a gheobhaidh cóip in imeacht chúig lá na féile. Tá cóipeanna digiteacha ar fáil anois thíos:
Cuireann gach gairdín taithí uathúil ar Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil agus taispeánann siad obair na ngarraíodóirí gairmiúla agus na n-oibrithe cumasacha a oibríonn ó cheann ceann na bliana. Cuir eolas ar an mbailiúchán plandaí coimhthíocha ag Garrán San Anna, Co. Chorcaí nó na gairdíní foirmiúla athchóirithe ón seachtú haois déag ag Caisleán Phort Omna i gCo. na Gaillimhe.
Bain sult as lá iontach amuigh i measc na 4,500 crann agus tor - cuid acu ag dul siar go haois an dineasáir - ag an músaem crann lasmuigh i g Crannlann John F Kennedy i Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman, nó téigh ag siúl i measc na raithneach ar thóir ceann den bheagán Crann Caithne i nDoire Fhíonáin i gCo. Chiarraí.
Mheall Suíomhanna agus Gairdíní Stairiúla Oifig na nOibreacha Poiblí breis agus 15 milliún cuairteoir anuraidh, ag cur leis an líon mór cuairteoirí ó tharla an phaindéim nuair a thosaigh daoine ag cur eolais ar a dtimpeallachtaí agus a n-áiseanna áitiúla, agus ag dul ar saoire in áiteanna eile sa tír - go leor acu den chéad uair.
Tá sé mar aidhm ag Treoir OOP do Ghairdíní Stairiúla na hÉireann an doras a oscailt níos mó isteach i líon iomlán na dtailte iontacha agus na dtaispeántas iontach flóra agus fána do chuairteoirí agus do dhíograiseoirí araon, ag cur acmhainn bhreise ar fáil dóibh siúd atá ag obair ar fud earnálacha turasóireachta, folláine agus gairneoireachta na hÉireann.
Dúirt an tAire OOP, Patrick O’Donovan T.D. ag an seoladh ar obair garraíodóirí OOP ar fud na tíre:
>“Tá an t-ádh linn go bhfuil foireann chomh díograiseach de speisialtóirí gairneoireachta, luibheolaithe oilte, garraíodóirí ceardaíochta agus foireann tailte ag obair ar fud 32 Gairdín Stairiúil an OOP. Ba mhaith liom a ról mar chaomhnóirí na ngairdíní agus na tírdhreacha is fearr in Éirinn a aithint do na glúine atá le teacht. Éilíonn a gcuid oibre inniu nuálaíocht agus freagairt leanúnach ar an athrú aeráide, galair plandaí atá ag teacht chun cinn agus dúshláin eile sa domhan nádúrtha. Mholfainn do dhaoine sa bhaile teacht amach agus an sásamh a bhaineann le cuairt a thabhairt ar na gairdíní stairiúla seo a roinnt, agus tá a fhios agam go mbeidh an treoirleabhar nua mar fhoinse inspioráide do mhórán an samhradh seo.”
Dúirt Rosemary Collier, Ceann Seirbhísí Oidhreachta agus Seachadadh Oibreacha Caipitiúla leis an OPW:
>“Bainistíonn Oifig na nOibreacha Poiblí raon iontach gairdíní stairiúla. Ó ghairdíní foirmiúla athbheochana na hIodáile ón seachtú haois déag ag Teach Phort Omna; na páirceanna móra ón ochtú haois déag mar Bhaile an Chaisleáin; Gairdíní Paradise ón naoú haois déag, Altamont san áireamh; galántacht Victeoiriach Ghairdín an Phobail i bPáirc an Fhionnuisce; na gairdíní áille a chruthaigh Sir Edwin Lutyens san fhichiú haois lena n-áirítear Gairdíní Cuimhneachán Cogaidh Náisiúnta na hÉireann. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí bródúil as na gairdíní clasaiceacha, stairiúla agus sainiúla seo a thaifeadadh agus a chaomhnú do na glúine atá le teacht. Déanaimid ár ndícheall an éagsúlacht sin, agus an uathúlacht áite a thugann cothromaíocht drámaíochta, rómánsaíochta agus suaithinseach ar leith do gach gairdín a chaomhnú.”
Tá ról mór ag Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le bithéagsúlacht an Náisiúin a chaomhnú, le freagracht as 5,700 acra de pháirceanna stairiúla, gairdíní luibheolaíocha agus tírdhreacha deartha. Tá raon tionscnamh i bhfeidhm ar fud láithreáin Oifig na nOibreacha Poiblí chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn, mar na tailte féaraigh leathnádúrtha a cuireadh i mBaile an Chaisleáin, cláir plandú crann a chinntíonn go bhfásann bailiúcháin de chrainn dhúchasacha agus andúchasacha bliain i ndiaidh bliana agus Tionscnamh Swift OOP atá dírithe ar an gcaomhnú fadtéarmach éan a bhfuil dlúthbhaint aige le go leor dá láithreáin.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works