Túr Thiar Theas Chaisleán Ros Comáin á oscailt mar chuid den tSeachtain Oidhreachta 2023
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chun Seachtain Oidhreachta 2023 a chomóradh, tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) fáilte a chur roimh chuairteoirí chuig Túr Thiar Theas Chaisleán Ros Comáin, a bheidh ar oscailt don phobal ó 10 am go 5pm Dé Sathairn seo, 12 Lúnasa.

Tugtar cuireadh duit casadh lenár dTreoraithe agus foghlaim faoi stair an fhoirgnimh iontaigh seo. Is deis iontach é breathnú ar na hoibreacha atá déanta ar an Túr Thiar Theas ag saoir chloiche agus siúinéirí oilte Oifig na nOibreacha Poiblí chun ligean do dhaoine dul suas ar an urlár uachtarach den túr. Cuireadh an staighre isteach sa phasáiste múrach bunaidh agus ligeann sé do chuairteoirí an tírdhreach stairiúil mórthimpeall, an t-imfhálú balla dronuilleogach agus iarsmaí suntasacha an tí daingnithe a fheiceáil ó bharr an túir.
Smaoinigh ar chuairt a thabhairt ar Pháirc agus Clós Súgartha Loch na nÉan, áit caithimh aimsire 14 acra in aice leis an gCaisleán.
Gheofar eolas breise ag pressoffice@opw.ie má tá ceist agat nó más mian leat agallamh a shocrú le hurlabhraí. Beidh grianghraif ón lá oscailt á scaipeadh ar na meáin sa cheantar nó is féidir iad a fháíl ó Enda Regan Photography ag endaregan1@gmail.com.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Notaí
Caisleán Ros Comáin - caisleán saoirseachta Angla-Normannach
Is Séadchomhartha Náisiúnta faoi chúram an Stáit é Caisleán Ros Comáin agus tá sé á bhainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí.
Bhí Caisleán Ros Comáin ar cheann de na caisleáin ríoga ba thábhachtaí in Éirinn go déanach sa 13ú haois agus go luath sa 14ú haois. Fórsaí na Corónach a thóg é agus críochnaíodh é sa bhliain 1290; ó thaobh dearaidh tá sé ar aon dul le caisleáin ríoga a tógadh sa tréimhse chéanna amhail Caisleán Harlech sa Bhreatain Bheag, agus ba é Robert de Ufford, Tiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann, an chéad duine a chónaigh ann.
Foirm cheathairuilleach atá ar an gcaisleán, le hurdhúnta maolaithe sa chúinne agus teach geata i bhfoirm D dúbailte agus dhá thúr air. Deirtear go bhfuil an teach geata seo ar cheann de na samplaí is fearr dá chineál in Éirinn.
Aistríodh seilbh an chaisleáin sa chúigiú haois déag idir bhuíonta éagsúla de mhuintir Uí Chonchobhair, sular deonaíodh é do Sir Nicholas Malby (Gobharnóir Chonnacht) i 1577, a choinnigh fórsa 50 saighdiúir coise ann.
Rinne Malby teach mórthaibhseach, ceithre stór i stíl na hAthbheochana den chaisleán. Ó 1645 go 1652 bhí an caisleán i seilbh Chaitlicigh na Comhdhála, ach baineadh as a chéile é tar éis a ghéilleadh do lucht Chromaill. Níl ann ach fothracha ó dódh é i 1691.
Oibreacha
In 2020, d’oibrigh saoir chloiche agus siúinéirí oilte OOP chun túr thiar theas an chaisleáin a chomhdhlúthú agus a dheisiú agus chun staighre adhmaid a shuiteáil chun teacht a thabhairt ar urlár uachtarach an túir. Cuireadh an staighre isteach sa phasáiste múrach bunaidh agus is féidir le cuairteoirí an tírdhreach stairiúil mórthimpeall, an t-imfhálú balla dronuilleogach agus iarsmaí suntasacha an tí dhaingnithe a fheiceáil ó bharr an túir.
Deisíodh imbhalla thuaidh an chaisleáin go forleathan freisin le linn 2021-2022, rud a d’fhág gur cuireadh líne stairiúil an bhábhúin dhronuilleogaigh ar ais mar a bhí.