English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taipéis an Rosa ag Caisleán Chill Chainnigh

Tá athas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go bhfuil Taipéis an Rosa ar taispeáint i gCaisleán stairiúil Chill Chainnigh, a thóg Sibéal de Cléir agus Liam Marascal go luath san 13ú aois; tá a scéal san á insint ins na painéil taipéise seo.

Dúirt an tAire Patrick O’Donovan, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:

“Is deis iontach í an comhoibriú seo idir Taipéis an Rosa agus OPW na painéil álainn seo a chur ar taispeáint, a léiríonn stair na Normannach i Ros Mhic Thriúin agus in Oir-Dhesceart Éireann. Ba cheart dúinn meas a léiriú ar scileanna bróidnéireachta agus dílseacht an iliomad ceardaithe a shaothraigh le breis agus 20 bliain chun na carachtair seo a chur os ár gcomhair.”

Seolfaidh Olivia O’Leary an taispeántas. I dTaipéis an Rosa, tá 15 painéal taibhseacha bróidnéireachta. Léirítear scéal na Normannach agus a dteacht i dtír in Oir-Dheisceart Éireann agus conas a bhunaíodar agus a leathnaíodar an calafort ag Ros Mhic Thriúin. Ó insealbhú Rí Ceilteach go tráchtáil Gael-Normannach, tá oidhreacht cultúrtha Chúige Laighean léirithe go buan.

Dúirt Mary Lou O’Kennedy ó Bhord Taipéis an Rosa:

‘Ta athas orainn bheith páirteach le OPW a chruthaigh taispeántas taibhseach na Taipéise anseo i gCaisleán Chill Chainnigh. Cuirfidh an taispeántas seo saothar iontach na gceardaithe a chruthaigh é os comhair an tsaoil, sa bhaile agus i gcéin. Tá súil againn go leanfar leis seo nuair a chuirfear an Taipéis ar bhuantaispeáint san Ionad Normannach, atá faoi láthair á thógáil ag Ros Mhic Thriúin, co. Loch Garman.’

Féadfaidh gach duine an taispeantas taibhseach seo a fheiceáil; cuimsíonn sé ealaíon iontach, ceardaíocht den scoth agus iliomad scéalta a mheallfaidh daoine.

-CRÍOCH-

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.iewww.rostapestry.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Nótaí le haghaidh eagarthóirí

Ba é an tUrr. Paul Mooney, a ceapadh mar reachtaire ar Eaglais Mhuire, Ros Mhic Thriúin, in 1998, a thionscnaigh an tionscadal seo. Ghlac sé inspioráid ó Thaipéis cháilíuil Bayeux na Fraince; cheap sé gur fiú sraith dá leithéid a chruthú mar chomóradh ar stair na Normannach i Ros Mhic Thriúin agus in Oir-Dheisceart Éireann.

Críochnaiodh an chéad taipéis in 2002 agus tá 14 as 15 painéal críochnaithe go dtí seo. Tá an ceann deireanach á fuáil i gCill Chainnigh faoi láthaie agus tá sé nach mór críochnaithe. Tá fuálaithe deonacha ar fud na tíre páirteach san obair, breis agus 150 acu, ag obair ina dtithe féin agus i láithreacha áitiúla poiblí. Déantar an bhróidnéireacht le snáth olla ar chorrán línéadach Seacabíteach agus úsáidtear iliomad greamanna éagsúla. Glacann sé uair an chloig aon orlach cearnach a fhuáil, agus ó thrí go seacht mbliain chun painéal amháin a chríochnú. ,

EOLAS

Taispeántas: Taipéis an Rosa

Áit: An Gailearaí, Caisleán Chill Chainnigh, Cill Chainnigh

Dátaí: 7 Lúnasa – Meán Fómhair 2023

Amanna: Gach lá, 09:30–17:30 (cead isteach deireanach 17:00)

Suíomh Gréasáin: kilkennycastle.ie/calendar

Cead isteach: Saor in aisce (áirithint riachtanach)