English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taispeántas faoi Mhícheál Ó Coileáin ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann

Déantáin tábhachtacha a bhaineann le bás Mhíchíl Uí Choileáin ar taispeáint ag Príosún Chill Mhaighneann

Mar chuimhneachán céad bliain ar bhás Mhíchíl Uí Choileáin ar 22 Lúnasa 1922, tá déantáin suntasacha a bhaineann leis an gCoileánach agus lena bhás ag Béal na Bláth ar taispeáint ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann. Ba leis an Bantiarna Lady Hazel Lavery cuid acu, ina measc nóta nár seoladh a scríobh an Coileánach ar lá a bháis: 'Hazel, my Dear Dear Hazel', I too wish it were tomorrow, With all my love, Your M’. Fuarthas é i leabhar dánta de chuid Rossetti i dteannta nótaí eile a sheol sé chuici.

Bhí an nóta seo imeasc nithe a sheol Siobhán, deirfiúr an Choileánaigh, chuig Lavery tar éis a bháis. Orthusan bhí an scaball a bhí á chaitheamh aige ar uair a bháis, ribe dá chuid gruaige, agus litir ón Ridire Shane Leslie chuig an Ridire John Lavery. Scríobhadh an litir seo i mí an Mheithimh 1922; mhol Leslie pictiúir de chuid Lavery a bhí ar taispeáint i nGailearaí Grosvenor i Londan, pictiúir de Hazel agus de Mhícheál Ó Coileáin ina measc. Is cosúil gur thug Lavery an litir seo don Choileánach ar iarraidh uaidh.

Tá nithe suntasacha eile a bhaineann leis an gCoileánach ar taispeáint anseo – mar shampla, an bata míleata a bhí mar chuid dá éide Ghinearáil in arm nua na hÉireann. Tá an bata sin le feiceáil i gcuid de na grianghraif den Choileánach ón dtréimhse sin. Sa Mhúsaem freisin tá scuab gruaige cúlairgid ar a bhfuil a shíniú greanta, bronntanas óna bhean gheallta Kitty Kiernan.


CRÍOCH

Um breis eolais déan teangmháil le Brian Crowley, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ag 01-4535984 nó ag brian.crowley@opw.ie.

Nótaí le haghaidh eagarthóirí

• Beidh ábhar Mhíchíl Uí Choileáin ar taispeáint ó 10am ar 22 Lúnasa. Tá réimse leathan íomhánna ardchaighdeáin ar fáil freisin.

• Tá Príosún Chill Mhaighneann ar Bhóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8, ar oscailt ó 9.30am go 5.30pm (cead isteach deireanach 5pm), gach lá.