English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tarraingíonn éagsúlacht disciplíní líon mór ban isteach in OOP

Léiríonn sonraí a d’fhoilsigh Oifig na nOibreacha Poiblí le déanaí méadú seasta de bhreis is 5% ar líon iomlán na mban atá ag obair ar fud OOP.

Is oifig rialtais í Oifig na nOibreacha Poiblí a sheachadann seirbhísí poiblí um chosaint tuilte, bainistiú réadmhaoine rialtais agus seirbhísí oidhreachta agus a fhostaíonn baill foirne i raon post, mar ailtirí, innealtóirí, luachálaithe, treoraithe, garraíodóirí srl.

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí tiomanta d'ionad oibre a sholáthar atá cuimsitheach agus a fháiltíonn roimh gach gné den éagsúlacht, inscne san áireamh.

Léiríonn an físeán a rinne an ghníomhaireacht do Lá Idirnáisiúnta na mBan 2023 éagsúlacht na ndisciplíní ina bhfuil mná an OOP ag obair, ina measc innealtóireacht chósta, luibheolaíocht, stair na healaíne, tírdhreachtú agus ailtireacht chaomhantais.

Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí athbhreithniú le déanaí ar a mbeartas chun patrúin oibre laghdaithe a cheadú do bhaill foirne a fhaigheann ardú céime nua, agus tá pleananna ar bun faoi láthair chun athbhreithniú a dhéanamh ar na deiseanna forbartha ceannaireachta atá ar fáil do mhná ar an bhfoireann, d'fhonn comhionannas dul chun cinn a chinntiú ar fud na heagraíochta.

Tá glactha ag Oifig na nOibreacha Poiblí leis an mBeartas Oibre Cumaiscthe nua agus tá cultúr oibre solúbtha tugtha isteach aige ar fud na heagraíochta, a thairgeann deiseanna méadaithe cothromaíochta oibre is saoil do bhaill foirne i róil a mheastar a bheith oiriúnach do phatrúin oibre chumaisc.