English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Teach Farmleigh – Clár Cultúrtha 2022

Tar éis dhá bhliain de shrianta Covid-19, tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) imeachtaí ag Teach Farmleigh a fhógairt mar chuid de chlár cultúrtha Farmleigh 2022.

MÁRTA

Dé Sathairn 26ú Márta 2022 @7.30pm, €12 (táille áirithinte san áireamh)

Ceol-Acadamh Ríoga Éireann - “Young Artist Programme” – ceolchoirm le Sarah Brazil (veidhlín), Lucy Byrne (pianó), Charlotte Croke (pianó), Adam Joyce (dordveidhl), Lelia May (sacsafón), Joe O’Grady (pianó), Elizabeth Troup (dordveidhl) agus Margaret Troup (trumpa)

Sa cheolchoirm oscailte séasúir 2022 ag Farmleigh bedh ochtar mac léinn óg atá faoi láthair ar an Young Artist Programme ag Ceol-Acadamh Ríoga Éireann. Beidh ceol le Haydn, Chopin, Liszt and Piazzolla.

Tá an clár seo dírithe ar cheoltóirí óga réamhcholáiste a bhfuil aidhm acu dul ar aghaidh um oiliúint ghairmiúil, atá in aois 15-18 mbliana. Roinntear áiteanna de thoradh ar thriail éisteachta agus tá uasteora 25 mac léinn am ar bith. Maireann an clár dhá bhliain agus féadfar bliain breise a chaitheamh sa chás go bhfuil mac léinn faoi bhun 18 an tráth sin.

Tugann an cheolchoirm seo deis um éisteacht le ceoltóirí óga i dtús gairme a bhéas ina sárcheoltóirí ins na blianta atá romhainn amach.

Féadfar ticéid a cheannach ón ionad eolais ag Farmleigh nó trí www.eventbrite.ie.

______________________________________________________________________________

AIBREÁN

Dé Sathairn 9ú Aibreán 2022 @ 3pm, €6 (táille áirithinte san áireamh)

Richard Nairn / “Wild Woods - Ireland’s Native Woodlands”

Éiceolaí agus scríbhneoir é Richard Nairn a bhfuil sé leabhar foilsithe aige faoi théamaí ó Wild Wicklow (1998) go Wildwoods (2020). D’oibrigh sé mar mhaor ar anaclann dúlra agus ba é an chéád Stiúrthóir ar BirdWatch Ireland. Faoi láthair is bainisteoir é ar choillearnach dúchais i gContae Chill Mhantáin.

Ina leabhar Wildwoods tugann sé cuntas fíorspéisiúil ar an gcoillearnach seo i gcaitheamh bliana. Tugann Richard cuairt ar choillearnaigh dúchais, ag faire an fhiadhúlra, ag scrúdú seanróil na gcrann i saol na hÉireann, ag iniúchadh seanscileanna atá caillte mar bharrscoitheadh agus ag féachaint chuig coillearnaigh a úsáid ar bhealaí nua – scoileanna foraoise, sealgaireacht, athbhunú speicis san fhiántas agus gabháil carbóin.

Beidh an chaint seo ina dhíol spéise do dhuine ar bith a bhfuil imní orthu maidir leis na dúshláin domhanda comhshaoil san tuarascáil is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtais um Athrú Aeráide (PIRAA) Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability. Léireofar gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh ar leibhéal pearsanta um chuidiú le slándáil aeráide agus comhshaoil feasta.

Féadfar ticéid a cheannach ón ionad eolais ag Farmleigh nó trí www.eventbrite.ie.

__________________________________________________________________

Dé Domhnaigh 10ú Aibreán 2022 - 12 noon - 5pm, cead isteach saor in aisce.

LÁ na SEAPÁINE

Ócáid bhliantúil í seo ag Farmleigh, nuair a léirítear réimse leathan imeachtaí cultúrtha a bhaineann le saol sóisialta agus cultúrtha na Seapáine.

_____________________________________________________________________

Dé Sathairn 30ú Aibreán 2022 - 7.30pm, €17 (táille áirithinte san áireamh)

David Power (píb uilleann), Marja Gaynor (veidhlín) & John Walsh (giotár flamenco)

Le linn séasúir 2019 ag Farmleigh, bhí David Power (píb uilleann) agus John Walsh (giotár flamenco) páirteach i gceolchoirmeacha mar cheoltóirí aonair. Le dhá bhliain anuas thángadar le chéile chun stíleanna traidisiúnta na hÉireann agus flamenco na Spáinne a nascadh agus seánra nua ceoil a chruthú.

Sa bhreis ar an gcumasc ceoil spéisiúil seo tá cumas clasaiceach Marja Gaynor, sárbheidhleadóir ón bhFionlainn atá ag teagasc i Scoil Cheoil Chorcaí. Tá sí páirteach freisin i gCeolfhoireann Bharóc Éireann agus Camerata Chill Chainnigh agus is ball bunaidh í den Cheathairéad Giordani, an t-aon ghrúpa ceoil in Éirinn a chleachtann luathcheol Clasaiceach le huirlisí tréimhse.

I dteannta a chéile, cruthaíonn an triúr ceoltóir seo fuaimdhreach tarraingteach atá nua ar fad agus a mheascann gnéithe éagsúla cultúrtha ar bhealach draíochtúil.

Féadfar ticéid a cheannach ón ionad eolais ag Farmleigh nó trí www.eventbrite.ie.

________________________________________________________________________

BEALTAINE

Dé Sathairn 7ú 2022 - 3pm, €12 (táille áirithinte san áireamh)

CAINT IDIRNÁISIÚNTA EALAÍNE - Georgina Adam / “The Rise and Rise of the Private Art Museum”

Is é seo an chéad cheann de thrí Caint Idirnáisiúnta Ealaíne ag Farmleigh i mbliana, ó Georgina Adam, eagarthóir margaidh ealaíne ag The Art Newspaper a scríobhann freisin san Financial Times agus Le Quotidien de l’Art.

Scríobh Adam trí leabhar tábhachtach maidir leis an margadh domhanda ealaíne. Orthu san tá Big Bucks, The Explosion of the Art Market in the 21st Century (2014, Lund Humphries) agus Dark Side of the Boom, The Excesses of the Art Market in the 21st Century (2018, Lund Humphries). Ins an leabhar is déanaí uaithi - The Rise and Rise of the Private Art Museum (Lund Humphries / Sotheby’s Art Institute, 2021) scrúdaíonn sí ceannach agus cur i láthair saothair ó ealaíontóirí i láithreacha atá bunaithe ar airgead ó dhaoine príobháideacha atá rachmasach.

As 400 láthair ar fud an domhain, bunaíodh 70% de na músaeim phríobháideacha ealaíne le 20 bliain anuas. Thug Adam cuairt ar 50 díobh in SAM, san Eoraip, sa tSín agus in áiteanna eile. Scrúdaigh sí an loighic airgeadais agus coimeádaíoch is bun leis an bhforás abhalmhór seo agus cad a spreagann na bailitheoirí seo chun a gcuid ealaíne príobháideach a bhailiú agus a chur os cóir an phobail.

Féadfar saol cultúrtha pobail a neartú go mór leis na músaeim phríobháideacha seo, a ligeann saothar ó ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn os cóir an phobail, chomh maith le athbhreithniú ar shaothar ó ealaíontóirí seanbhunaithe. Cuirtear beocht nua freisin ar laithreacha poiblí a ligeadh chun fáin. Ach le linn éigeandála airgeadais san earnáil músaeim phoiblí scrúdaíonn Adam na sochair agus na dochair a éiríonn as ligean dó na músaeim phríobháideacha seo an bhearna a líonadh, de dheasca infheistíochta stáit ins na healaíne a bheith ag laghdú.

Beidh an chaint seo ina dhíol spéise ag ealaíontóirí agus bailitheoirí in Éirinn, um thuiscint níos iomláine a fháil ar na tionchair seo agus an éifeacht a éiríonn uathu ar an margadh domhanda ealaíne agus ar an saol ealaíne i gcoitinne.

Tugann Georgina Adam léachtanna ag institiúidí Sotheby agus Christiei Londain agus bíonn sí páirteach i bpainéil maidir leis an margadh eala.íne. Is comhalta í de bhord Talking Galleries, an International Association of Art Critics (AICA), agus The International Art Market Studies Association (TIAMSA). Is cathaoirleach í ar choiste comhaltais Cromwell Place, láthair taispeántais agus mol gnó ealaíne a bunaíodh i Londain le déanaí.

Féadfar ticéid a cheannach ón ionad eolais ag Farmleigh nó trí www.eventbrite.ie.