Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

The Objects of Love: Taispeántas de chuimhneacháin chumhachtacha a insíonn scéal theaghlach Giúdach amháin roimh an Dara Cogadh Domhanda, le linn an Chogaidh agus ina dhiaidh

Is iad Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhar le Feasacht Uileloiscthe Éireann a chuir an taispeántas, The Objects of Love le Oliver Sears i láthair. Beidh an taispeántas á oscailt i Halla Bedford i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 12 Eanáir, coicís roimh Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe, insíonn an taispeántas tochtmhar seo an chaoi ar scriosadh saol daoine aonair le linn ré na Naitsithe sa Pholainn agus in áiteanna eile.

Insítear an scéal trí bhailiúchán coimeádaithe d’iarsmaí luachmhara teaghlaigh, grianghraif agus cáipéisí luachmhara. Léiríonn an díoltóir ealaíne Oliver Sears, atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath, an eachtra uafásach seo i stair na hEorpa le beocht agus le fuinneamh, agus is iad a mháthair Monika agus a sheanmháthair Kryszia atá i gcroílar an scéil atá pearsanta, eipiciúil agus ina léirítear an grá, caillteanas agus mar a tháinig daoine slán.

Beidh tráchtaireacht agus leabhrán maisithe ag gabháil leis an taispeántas.

“Taispeánann na páipéir aitheantais brionnaithe seo, ó aimsir an chogaidh grianghraf ar mhéid pas de mo sheanmháthair Kryszia agus gruaig fhionn tar éis a bheith daite uirthi ag stánadh díreach amach roimpi. Bhí sé riachtanach go mbeadh sí ag breathnú mar seo ionas go mbeadh cuma Airianach uirthi, mar aon le hainm Polannach neamhshuntasach a thug sí uirthi féin agus a gairm luaite mar ‘chlóscríobhaí’, rud nach dócha a bhí fíor. Cén chaoi a measfaí an eagla agus an t-éadóchas sna súile sin, agus tú ag iarraidh d’aitheantas féin a chur i bhfolach ón réimeas a raibh sé beartaithe aige luaithreach a dhéanamh duit féin, de do theaghlach agus do chultúr.” (Sliocht as ‘The Objects of Love’, le Oliver Sears)

Ag labhairt dó sular oscail an taispeántas, dúirt an tAire atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, TD:

“Eachtra uafáis ab ea an tUileloscadh, eachtra cinniúnach agus tá sé fréamhaithe i gcuimhne chomhchoiteann mhuintir na hEorpa, agus inár gcuimhne in Éirinn san áireamh. Ach is trínár rannpháirtíocht phearsanta féin leis an am atá thart a thuigimid oidhreacht agus tábhacht an Uileloiscthe dár saol i láthair na huaire agus sa todhchaí. Léiríonn an taispeántas seo eispéireas a bhí ag teaghlach amháin agus tugann sé deis ar leith dúinn tuiscint a fháil ar chinniúint na ndaoine a ndearna na Naitsithe géarleanúint orthu agus fianaise a thabhairt ina leith.”

-CRÍOCH-

Tabharfar íomhánna ón seoladh do na meáin tar éis na hócáide. Is féidir íomhánna breise a fháil ó Mark Stedman Photography stedman.photos@gmail.com nó 086 367 9394.

Eolas

Teideal an Taispeántais: The Objects of Love

Ionad: Halla Bedford, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Dátaí: 13 Eanáir go 13 Feabhra

Uaireanta Oscailte: 10:00 go 17:00

Cead Isteach: Saor in aisce

Suíomh gréasáin: dublincastle.ie/exhibitions

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat